English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Bronnann an tAire Heydon an Gradam Sármhaitheasa do Mhná ag tabhairt faoi Staidéar Talmhaíochta

Bhronn an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, TD, an Gradam Sármhaitheasa do Mhná ag tabhairt faoi Staidéar Talmhaíochta ar Ruth Connolly, mac léinn PhD sa bhliain dheireanach in Eolaíocht Ainmhithe i Scoil Talmhaíochta agus Bia-Eolaíochta (SAFS) COBÁC inniu.

Tugann an dámhachtain, atá urraithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, aitheantas do mhná atá ag nuáil agus ag éirí ag hiontach leo san earnáil agraibhia.

Roghnaigh an coiste meastóireachta Ruth Connolly mar aitheantas ar a heitic oibre, a rannpháirtíocht leis an gclár agus a gnóthachtálacha acadúla. D'aithin an coiste freisin a hionchur leanúnach do chomhionannas inscne, ionchuimsiú, agus cumasú laistigh de SAFS agus i bpobail COBÁC agus pobail sheachtracha níos leithne.

Bhain Ruth Connolly, arb as Gaillimh í, céim Chéadonóracha amach in Eolaíocht Ainmhithe ó COBÁC i mí Lúnasa 2020 agus thosaigh sí ar a PhD in Eolaíocht Ainmhithe i mí Mheán Fómhair 2021. Tá a clár taighde dírithe ar straitéisí beathaithe agus breiseáin bheatha a shainaithint le haghaidh aistí bia muc scoite a fheabhsaíonn rathúlacht, feidhm na putóige agus sláinte dhíleách.

Agus an dámhachtain á bronnadh aige, dúirt an tAire Heydon:

“Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Ruth Connolly as an nGradam Sármhaitheasa do Mhná ag tabhairt faoi Staidéar Talmhaíochta a bhaint amach. Níl sa dámhachtain seo ach bealach amháin inar féidir linn rannpháirtíocht i measc scoth na mban agus na gcailíní óga a aithint agus a chur chun cinn, dream ar féidir leo a bheith ina meantóirí agus ina n-eiseamláirí do na glúnta de mhná atá le teacht sa talmhaíocht.

“Tá sé mar aidhm ag an dámhachtain stádas na mban san earnáil talmhaíochta a fheabhsú, ag cur le todhchaí níos ionchuimsithí don earnáil. Is cuí an dámhachtain seo a bhronnadh le linn sheachtain COBÁC um Chomhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú. Agus muid ag machnamh ar thábhacht na héagsúlachta, an chomhionannais agus an Ionchuimsithe, aithnímid éachtaí na mban sa talmhaíocht, agus táimid ag tabhairt ómós dóibh siúd a spreagann an t-athrú agus a réitíonn an bealach do thodhchaí níos fearr.”

Tá an Gradam Sármhaitheasa do Mhná ag tabhairt faoi Staidéar Talmhaíochta ar aon dul le cuspóirí Phlean Gníomhaíochta na Roinne um Mná sa Talmhaíocht agus le gealltanas SAFS de chuid COBÁC le déanaí aitheantas a thabhairt do ghnóthachtálacha mac léinn dá leithéid. Bhain SAFS Gradam Airgid Athena Swan amach le déanaí, an chéad Scoil in COBÁC a rinne amhlaidh, mar aitheantas ar an gcomhionannas inscne a chur chun cinn laistigh dá phobal foirne agus mac léinn, agus tá aitheantas do rannpháirtíocht na mac léinn i gcroílár na n-iarrachtaí sin.

DEIREADH


Nótaí d’Eagarthóirí

Reáchtáladh Plé Náisiúnta faoi Mhná sa Talmhaíocht leis an téama “Feabhas a Chur ar an gCothromaíocht Inscne san Earnáil Agraibhia” ar an 1 Feabhra 2023. Thug an t-idirphlé deis do pháirtithe leasmhara iniúchadh a dhéanamh ar chomhionannas inscne sa talmhaíocht agus conas infheictheacht agus stádas na mban sa talmhaíocht agus san earnáil agraibhia a mhéadú.

Tiomsaíodh na torthaí agus na moltaí i dtuarascáil agus i bPlean Gníomhaíochta a chlúdaigh raon leathan réimsí, atá tábhachtach go léir chun cothromaíocht inscne a bhaint amach go rathúil laistigh den earnáil talmhaíochta in Éirinn. Tá an Plean Gníomhaíochta á chur i bhfeidhm ag an nGrúpa Oibre um Mhná sa Talmhaíocht atá comhdhéanta de pháirtithe leasmhara na hearnála.

D’iarr Gníomh 7 den Phlean Gníomhaíochta ar an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara machnamh a dhéanamh ar Ghradam a urrú laistigh de chlár/chláir dámhachtana reatha chun aitheantas a thabhairt dóibh siúd atá chun tosaigh san earnáil Agraibhia. Comhthionscnamh idir RTBM agus SAFS COBÁC is ea an “Gradam Sármhaitheasa do Mhná ag tabhairt faoi Staidéar Talmhaíochta”, dar luach €2,500.

Tuarascáil ar an Idirphlé Náisiúnta ar Mhná sa Talmhaíocht

Plean Gníomhaíochta

Mol Faisnéise na mBan sa Talmhaíocht

Fotheideal na híomhá

An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, TD agus Ruth Connolly.