English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Buaileann an tAire McConalogue le tionscal na hiascaireachta chun caibidlíocht AE/Iorua agus cur i bhfeidhm thogra an Tascfhórsa Iascaigh Mhara le haghaidh scéim díchoimisiúnaithe dheonaigh a phlé

Bhuail an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara le hionadaithe thionscal na hiascaireachta i bhForas na Mara i nGaillimh inniu agus phléigh sé an chaibidlíocht atá ar siúl an tseachtain seo, idir an AE agus an Iorua, maidir le comhaontú iascaigh agus thapaigh sé an deis freisin chun nuashonrú a sholáthar ar an scéim dheonach chun soithí iascaireachta a dhíchoimisiúnú mar a mhol an Tascfhórsa Bia Mara.

Dúirt an tAire Mc Conalogue

“D’iarr mé bualadh le tionscal na hiascaireachta inniu i ndiaidh an chinnidh an tseachtain seo tús a chur le caibidlíochtaí AE/Iorua ar chomhaontú iascaigh arís. Baineann ár leasanna le faoitín gorm agus leis an leibhéal aistrithe cuóta faoitín gorm chuig an Iorua chun íoc as deiseanna iascaireachta eile atá á lorg ag an AE agus as an leibhéal rochtana ar uiscí an AE a bhaineann, go praiticiúil, le hiascaireacht i gcrios 200 míle na hÉireann. Cuirfear tús arís leis an gcaibidlíocht seo Dé Céadaoin. Bhí an plé le hionadaithe tionscail na hÉireann inniu an-úsáideach agus chumasaigh sé breithniú iomlán ar na saincheisteanna agus ar na roghanna caibidlíochta."

Dúirt an tAire Mc Conalogue,

“Tá an babhta caibidlíochta seo á reáchtáil sa Bhruiséil. Tá áthas orm go mbeidh roinnt dár n-ionadaithe tionscail i láthair agus go gcabhróidh siad le m'fhoireann de réir mar a rachaidh an chaibidlíocht ar aghaidh. Chuir mé in iúl go bhfuil mé ag leanúint ar aghaidh ag plé go díreach leis an gCoimisinéir Sinkevicious, Coimisinéir Iascaigh agus Comhshaoil an AE, chun a chinntiú go dtuigeann sé ábhair imní agus tosaíochtaí na hÉireann sna caibidilíochtaí seo."

Thug an tAire an cruinniú cothrom le dáta freisin maidir le dul chun cinn chur i bhfeidhm mholadh an Tascfhórsa Bia Mara maidir le Díchoimisiúnú Deonach. Bhí an scéim dírithe ar shoithí ilfhiúsacha éisc ghil agus tráil bíoma, agus é mar chuspóir aici 8,000 GT agus 21,000 KW a bhaint go deonach chun an cabhlach a athchothromú agus feabhas a chur ar inmharthanacht an chabhlaigh atá fágtha trí níos mó cuóta a chur ar fáil dóibh.

Thug an tAire eolas don tionscal mar gheall ar leibhéal an úis ó úinéirí soithí agus na ríomhanna ó BIM ar leibhéil na n-íocaíochtaí díreacha a theastaíonn chun cuspóir na scéime a chomhlíonadh go raibh gá le méadú ar an mbuiséad. D'éirigh leis an Aire cistí breise a fháil ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus fuair sé faomhadh nuashonraithe do Chúnamh Stáit an AE.

Dúirt an tAire

“D'fhonn a chinntiú go bhféadfadh gach iascaire ar mhian leis páirt a ghlacadh sa scéim é sin a dhéanamh agus go bhféadfaí na spriocanna atá leagtha síos ag an Tascfhórsa a sheachadadh tá an buiséad d'íocaíochtaí díreacha faoin scéim méadaithe agam ó €60 milliún go huasmhéid €75 milliún agus faoisimh chánach ag méadú go comhréireach. Déanfar tairiscintí do dhíchoimisiúnú deonach anois do 57 úinéir soithí agus cuirfidh díchoimisiúnú na soithí sin cuóta breise de €34m ar fáil don chuid eile den chabhlach, rud a fheabhsóidh a mbrabúsacht agus a chinnteoidh todhchaí an chabhlaigh. Táim sásta gur chumasaigh mé gach duine a roghnaigh iarratas a dhéanamh ar an scéim seo luach iomlán na híocaíochta scéime a fháil faoi threoir mholadh an Tascfhórsa Bia Mara."