Céim mhór chun tosaigh maidir le mairteoil a dhíol ar mhargadh Vítneam tógtha le linn chuairt an Aire Grealish ar Vítneam
- Foilsithe: 17 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Thug an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhfuil freagracht air as Cur Chun Cinn Bia, Margaí Nua, agus Taighde agus Forbairt, Noel Grealish, TD, cuairt ar Vítneam an tseachtain seo mar chuid de chlár chun Lá Fhéile Pádraig a chomóradh.
Mar chuid dá phlean turais, bhuail an tAire Grealish leis an Leas-Aire Hoang Trung in Aireacht Talmhaíochta agus Chomhshaoil Vítneam, áit ar pléadh an comhoibriú idir an dá thír chomh maith le hoscailt mhargadh Vítneam do mhairteoil na hÉireann.
Dúirt an tAire Stáit Grealish:
“Bhí an-áthas orm bualadh le mo chomhghleacaí in Aireacht Talmhaíochta agus Chomhshaoil Vítneam. Ba dheis iontach í plé a dhéanamh ar ár gcomhoibriú seanbhunaithe i réimse an agraibhia, a bhfuil luas curtha faoi le tamall anuas, ó bunaíodh Comhpháirtíocht Agraibhia na hÉireann agus Vítneam. Bhí áthas orm obair an chláir thábhachtaigh comhpháirtíochta seo a fheiceáil, atá dírithe ar chórais bhia Vítneam a neartú.
Ag an gcruinniú, dhearbhaigh an Leas-Aire Hoang Trung gur fhormheas a Aireacht tuarascáil dhearfach an iniúchta ar chórais mhairteola na hÉireann a rinne oifigigh Vítneamacha i mí Dheireadh Fómhair seo caite. Dhearbhaigh sé nach raibh fágtha le déanamh ach don dá Aireacht comhoibriú agus teastas sláinte onnmhairithe a chomhaontú chun críoch a chur leis na nósanna imeachta chun rochtain a thabhairt do mhargadh mairteola na hÉireann ar Vítneam.
Ag labhairt dó faoin bhforbairt seo, dúirt an tAire Stáit Grealish:
“Is margadh tosaíochta é margadh Vítneam le haghaidh mhargadh mairteola na hÉireann. Tá rannpháirtíocht pholaitiúil taidhleoireachta theicniúil ar siúl le blianta beaga anuas. Cuirim fáilte roimh an bhfreagairt dhearfach seo, ar léiriú í ar an tacaíocht shuntasach a thugtar d’ardchaighdeáin sábháilteachta bia na hÉireann. Is nuacht dhearfach é seo, a chuirfidh le forbairt leanúnach earnáil mairteola na hÉireann, agus a mbeidh tionchar dearfach aige ar fheirmeacha teaghlaigh agus ar an bhfostaíocht faoin tuath in Éireann. Cuirfidh oifigigh mo Roinne tús leis an bpróiseas anois maidir le teastas sláinte onnmhairithe a chomhaontú lena gcomhghleacaithe i Vítneam. Nuair a bheidh sé sin curtha i gcrích acu, cuirfear tús le trádáil mhairteoil na hÉireann go Vítneam.”
Agus é i Vítneam, bhuail an tAire Stáit Grealish le roinnt cliantchuideachtaí de chuid Bord Bia agus Fiontraíocht Éireann agus a gcuid custaiméirí Vítneamacha.
DEIREADH
Nótaí don eagarthóir

Fotheideal an ghrianghraif: An tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar a bhfuil freagracht as Cur Chun Cinn Bia, Margaí Nua, agus Taighde agus Forbairt, Noel Grealish, TD, leis an Leas-Aire Hoang Trung in Aireacht Talmhaíochta agus Chomhshaoil Vítneam.