Córais ar líne oscailte le haghaidh iarratas ar Mhaolú Níotráití agus le haghaidh dhearbhú Bhandáil Déiríochta 2025
- Foilsithe: 20 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 25 Márta 2025
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, inniu gur féidir iarratais ar Mhaolú Níotráití 2025 a dhéanamh anois ar www.agfood.ie. Dhearbhaigh sé freisin gur osclaíodh suíomh gréasáin Chónaidhm Phórú Eallaigh na hÉireann (ICBF) le go mbeadh feirmeoirí déiríochta in ann a mBandáil Déiríochta a dhearbhú don bhliain 2025.
“Tugann an Maolú Níotráití deis d’fheirmeoirí feirmeoireacht a dhéanamh ar rátaí níos airde stocála, faoi réir coinníollacha dochta chun an comhshaol a chosaint agus chun ceanglais na Treorach Níotráití a chomhlíonadh,” a mhínigh an tAire.
“Molaim d’fheirmeoirí dul i ngleic leis an bpróiseas iarratais seo chomh luath agus is féidir agus molaim dóibh an gá le Maolú Níotráití a phlé lena gcomhairleoir talmhaíochta,” arsa an tAire freisin.
Is é Déardaoin, an 15 Bealtaine 2025 an spriocdháta d’iarratais ar Mhaolú Níotráití 2025.
Ní mór d’fheirmeoirí déiríochta bandáil bha déiríochta a dtréada don bhliain 2025 a dhearbhú agus, más mian leo, glacadh leis an rogha aitheantas a fháil do gharbhphróitéin a bhainistiú sa dlúthbhia a thugtar dá mba i rith na bliana. Dearbhaítear é seo ar shuíomh gréasán ICBF.
I ndiaidh an 15 Bealtaine, fillfidh feirmeoirí déiríochta nár dhearbhaigh bandáil a dtréada don bhliain 2025 ar an ráta bandála eisfheartha is airde de 106kg N/bó déiríochta don bhliain 2025, go dtí go gcuireann siad an fhaisnéis chuí faoi bhráid na Roinne chun bandáil a dtréada a dhearbhú.
Anuas air sin, dhearbhaigh an tAire Heydon go bhfuil ráitis Nítrigine agus Fosfair eallaigh, lena n-áirítear an ráta stocála féaraigh eallaigh a bhaineann le gach gabháltas don bhliain 2024 ina hiomláine, ar fáil ar chóras ar líne na Roinne anois www.agfood.ie.
Socraítear liúntais agus oibleagáidí maidir le leasachán féarach na feirme de réir ráta stocála fhéaraigh na feirme don bhliain roimhe faoin gClár Gníomhaíochta um Níotráití, lena n-áirítear an gá aghaidh a thabhairt ar bhearta amhail Scaipeadh Sciodair Astaíochtaí Ísle (LESS) agus an gá le samplaí ithreach a thógáil.
Lean an tAire ar aghaidh, agus dúirt sé:
“Is seirbhís nua de chuid mo Roinne é ráta stocála féaraigh bólachta gach feirmeora don bhliain 2024 a fhoilsiú, ag léiriú ár dtiomantas don mhéid is mó faisnéise a chur ar fáil chun cabhrú le comhlíontacht feirmeoirí agus chun cinntí a threorú a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar cháilíocht an uisce.”
Mar fhocal scoir, chuir an tAire fáilte roimh Thuarascáil Táscaire GCC maidir le Léargas Luath ar an Nítrigin don bhliain 2024 (Early Insights Nitrogen Indicator Report), ina léirítear go raibh leibhéil laghdaithe nítrigine ann anuraidh, de réir sampla ionadaíoch d’aibhneacha na hÉireann. Dúirt sé: “Cuireadh fáilte roimh an tuarascáil is déanaí ó GCC ina léirítear sonraí feabhsaithe maidir le cáilíocht uisce. Faoi láthair, tá leibhéal nach bhfacthas riamh cheana de chomhoibriú agus de rannpháirteachas ar fud na hearnála agraibhia chun an tionchar a bhíonn aici ar an gcáilíocht uisce a laghdú. Spreagadh mór a bheidh sna torthaí seo don earnáil toisc go léirítear iontu torthaí na hoibre crua. Táim ag dúil le go leanfaimid orainn ag obair le chéile chun cur leis an dul chun cinn seo, d’fhonn tuilleadh feabhsuithe a spreagadh agus a lena chinntiú go leantar le maolú níotráití na hÉireann i ndiaidh 2025.
Tá tuilleadh eolais faoin gcáilíocht uisce, faoin mbandáil déiríochta agus faoi Théarmaí agus Coinníollacha an Mhaolaithe Níotráití 2025 ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag: www.gov.ie/nitrates.
Nótaí d’Eagarthóirí
Maolú Níotráití
Is féidir iarratais ar Mhaolú Níotráití 2025 a chur isteach trí thairseach ar líne na Roinne a úsáid, www.agfood.ie.
Leis an Maolú Níotráití, ceadaítear d’fheirmeoirí dul thar gnáth-theorainn 170kg de nítrigin aoiligh bheostoic in aghaidh an heicteáir mar atá leagtha amach sna Rialacháin Níotráití, suas le huasmhéid 220kg nó 250kg in aghaidh an heicteáir, faoi réir rialacháin níos doichte a chomhlíonadh. I ngach cás, beidh talamh coimíneachta incháilithe do liúntas 50kg de nítrigin aoiligh bheostoic in aghaidh an heicteáir ar a mhéad.
Chun iarratas ar Mhaolú Níotráití a bheith bailí, ní foláir cloí le Téarmaí agus Coinníollíocha uilig an Mhaolaithe.
I measc na mbeart is féidir le feirmeoirí a ghlacadh ionas nach sárófar an teorainn níotráití dá ngabháltas, tá:
• Líon beostoic a bhainistiú
• Tuilleadh talaimh a thógáil ar cíos/ar léas/a cheannach
• Cothaithigh orgánacha a easpórtáil agus an ghluaiseacht a fhógairt ar líne laistigh de 4 lá.
Bandáil Níotráití do Bha Déiríochta
Tugadh isteach bandáil maidir le rátaí eisfheartha na mbó déiríochta sa bhliain 2023, mar thoradh ar an taighde eolaíochta ina léirítear go dtagann méadú ar ráta eisfheartha cothaitheach na mbó déiríochta má mheadaítear an tál bainne. Leis an mbandáil, cothromaítear uasmhéid an ualaigh chothaithigh ar fud na bhfeirmeacha.
Caithfidh feirmeoirí déiríochta a mbandáil déiríochta a dhearbhú gach bliain. Is é an bealach is fearr chun é seo a dhéanamh ná ar shuíomh gréasáin Cónaidhm Phórú Eallaigh na hÉireann (ICBF) ar a gcuirfear sonraí roimh ré maidir le ba bainne agus déiríochta. Moltar d’fheirmeoirí ríomhaire glúine nó ríomhaire pearsanta a úsáid chun a mbanda a dhearbhú ar ICBF.
I gcásanna nár thug feirmeoir déiríochta cead dá c(h)eannaitheoir bainne a c(h)uid sonraí a roinnt leis an ICBF, ní foláir do na feirmeacha sin foirm láimhe a chomhlánú agus ráitis tacaíochta ón cheannaitheoir bainne a chur ar fáil don Roinn. Tá an Fhoirm maidir le Bandáil Níotráití 2025 ar fáil lena híoslódáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag: www.gov.ie/nitrates
Áirítear ar thairseach ICBF rogha don fheirmeoir déiríochta leibhéal níos ísle garbhphróitéine a thabhairt dá thréad chun ráta níos ísle eisfheartha nitrigíne a bhaint amach. Tá an beart roghnach seo ar fáil dóibh siúd a dhearbhaíonn a mbanda trí ICBF amháin.
Tá tuilleadh eolais maidir le bandáil agus bainistiú na garbhphróitéine i ndlúthbhia na mbó déiríochta ar fáil chomh maith ag ar shuíomh gréasáin na Roinne.