Casann an tAire McConalogue le heagraíochtaí san earnáil bhia mara maidir le tionchair chostais fuinnimh agus déanann sé plé ar idirbheartaíocht i dtaobh iascaigh an AE maidir le socrú na gcuótaí don bhliain 2023
- Foilsithe: 23 Meán Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Bhuail an tAire Charlie McConalogue inniu le hionadaithe ón earnáil fhairsing bhia mara ina gcuimsítear an cabhlach iascaigh, dobharshaothrú agus próiseáil. Ba iad na heagraíochtaí a bhí i láthair ag an gcruinniú Eagraíocht Táirgeoirí Éisc Dheisceart agus Oirthear na hÉireann, Eagraíochtaí Táirgeoirí Éisc na hÉireann, Eagraíocht Iascairí Dheisceart agus Iarthar na hÉireann, Eagraíocht Iascairí na gCealla Beaga, Eagraíocht Táirgeoirí Acmhainn Mhara Oileáin na hÉireann, an Fóram Náisiúnta Iascaigh Chladaigh, Cumann Próiseálaithe agus Easpórtálaithe Éisc na hÉireann agus Dobharshaothrú FAÉ. D’fhreastail Bord Iascaigh Mhara (BIM) agus Foras na Mara chomh maith.
Thug an tAire cuntas ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur i bhfeidhm mholtaí an Tascfhórsa Bia Mara.
Dúirt an tAire McConalogue,
“Leag mé amach an dul chun atá á dhéanamh ag gach príomhscéim tacaíochta a mhol an Tascfhórsa Bia Mara, lena n-áirítear an scéim dheonach €24m um cheangal treilísí don chabhlach iascaigh a leanfaidh ar aghaidh go dtí deireadh mhí na Samhna, scéim €60m an díchoimisiúnaithe dheonaigh ar cuireadh tús léi go luath i mí Mheán Fómhair, an caipiteal próiseála €45m, na scéimeanna fáis dobharshaothraithe €20m ar cuireadh tús leo ag deireadh mhí Lúnasa agus Scéim Fiontraíochta an Gheilleagair Ghoirm chomh maith le Scéim Aistrithe na gComharchumann Iascaigh. D’éist mé leis na hiarrataí a rinne an earnáil chun na scéimeanna eile dá bhforáiltear i dtuarascáil an Tascfhórsa a thabhairt chun cinn go tapa agus gheall mé go n-oibreoinn leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus le próisis faofa Chúnaimh Stáit an AE.”
Mhínigh ionadaithe na hearnála bia mara freisin na dúshláin atá rompu maidir le hardchostas praghsanna breosla agus fuinnimh agus d’iarr sad go gcuirfí tacaíochtaí breise ar fáil i measc ghnéithe uile na hearnála.
Dúirt an tAire,
“Is maith is eol dom na deacrachtaí atá roimh an earnáil bhia mara mar gheall ar chostais mhéadaithe an bhreosla mhuirí agus an fhuinnimh. Thug mé le fios gur chuir mé in iúl go soiléir nach mór tacú leis an earnáil bhia mara le haon tacaíochtaí gnó a chuirtear ar fáil sa Bhuiséad atá le teacht. Gheall mé freisin go leanfaidh mé ag déanamh monatóireachta ar an gcás, go háirithe ar chostais an bhreosla, atá tar éis cobhsú anois ach atá fós ar leibhéal níos airde ná na praghsanna a bhain leo i Ráithe 1 na bliana 2022. Tá na tacaíochtaí fairsinge leanúnacha reatha atá á dtabhairt faoin Tascfhórsa dírithe ar aghaidh a thabhairt ar thionchair an Bhreatimeachta, agus an cás reatha á chur san áireamh. Leanfaidh mé le monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar an scéal sa tréimhse amach romhainn agus le breithniú leanúnach gníomhach a dhéanamh ar gach rogha atá ar fáil.”
Rinneadh dianphlé ar na cainteanna atá le teacht leis an RA maidir le cuótaí na n-iasc geal a shocrú don bhliain 2023 agus ar na cainteanna le stáit mhuirí – an Ríocht Aontaithe, an Iorua, Oileáin Fharó agus an Íoslainn, maidir le bainistiú, roinnt agus socrú na gcuótaí i leith stoc na ronnach agus maidir leis na socruithe i leith iascach na bhFaoitíní Gorma don bhliain 2023.