English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Casann an tAire Pippa Hackett an Fód ar Pháirc Choillearnach Dúchais Chluain na Maithín

Ar an 21 Feabhra, rinne Pippa Hackett, an tAire Stáit le freagracht as úsáid na talún agus na bithéagsúlachta ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM) an fód a chasadh go hoifigiúil agus chuir sí an chéad chrann chun forbairt Pháirc na Coille Dúchais 105 acra i gContae Shligigh a chomóradh. Tá an suíomh seo á mhaoiniú 100% ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara faoina scéim um Chruthú Coillearnaí ar Thalamh Poiblí. Thug an tAire Hackett an scéim isteach sa bhliain 2020 chun spreagadh a thabhairt do chomhlachtaí poiblí a gcuid tailte a úsáid chun tailte poiblí a chruthú.

Tá ionad Cluain na Maithín de chuid an FSS suite thart ar 10km ó bhaile Shligigh agus is furasta teacht air ón bpríomhbhóthar N4 ó Shligeach go Baile Átha Cliath. Is suíomh timpeall 200 acra ar leis an FSS é ar an teorainn le thart ar 15 acra d’fhoraois faoi úinéireacht Coillte agus in aice 23 acra talún de chuid Comharchumann Foraoiseachta an Iarthair. Tá Coillte ag athrú an phlandáil bhuaircíneach atá ann faoi láthair go dti Coillearnach Dúchasach. Tá módhfhoraois dhúchasach á bunú ag Comharchumann Foraoiseachta an Iarthair ar a gcuid talún. Tá suíomh an FSS á bhunú agus á bhainistiú ag Comharchumann Foraoiseachta an Iarthair.

Feidhmíonn an suíomh faoi láthair mar sheirbhís do dhaoine faoi mhíchumas. Tugann an beartas náisiúnta – Ag Athrú Saolta agus In Am Dul ar Aghaidh ó Shuíomhanna Institiúidigh - tacaíocht do dhaoine faoi mhíchumas maireachtáil sa phobal. Tá Eagraíocht Chúram Sláinte an Phobail, Seirbhísí Míchumais Limistéar 1 an FSS ag cur na maireachtála sa phobal chun cinn do chónaitheoirí i suíomhanna institiúidigh le blianta beaga anuas. Dúnadh campas Creig Uí Airt i gContae Shligigh go hiomlán do sheirbhísí cónaithe go déanach sa bhliain 2021 agus d'aistrigh 112 cónaitheoir go tithe grúpa pobail nua. Tá 22 cónaitheoir fós ina gcónaí ar champas Chluain na Maithín agus tá 15 de na cónaitheoirí seo le dul go dtí tithe grúpa pobail nua sa bhliain 2022 agus an chuid eile acu ag aistriú sa bhliain 2023. Mar thoradh air sin, tá úsáid á baint as an gcóiríocht chónaithe a bhíodh ann roimhe sin i bpríomhfhoirgneamh Chluain na Maithín chun cóiríocht a chur ar fáil do raon seirbhísí bainistíochta agus tacaíochta an FSS.

Sí cuspóir na Scéime um Chruthú Coillearnaí ar Thalamh Poiblí ná Comhlachtaí Poiblí a spreagadh chun coillearnacha dúchasacha nua a bhunú ar thalamh oiriúnach. Tá an aidhm seo ag teacht le Clár an Rialtais, a d’iarr ar “Tosú ar chlár uaillmhianach foraoisithe ar thailte faoi úinéireacht an stáit”.

Dúirt an tAire Hackett ag an ócáid

“Is mór an t-áthas atá orm as feidhmiú ag searmanas an lae inniu chun an chéad chéim shuntasach a chomóradh i gcomhiarracht an FSS, Coillte, Comharchumann Foraoiseachta an Iarthair agus Comhairle Contae Shligigh coillearnach dhúchasach a chruthú, arna mhaoiniú go léir ag mo Roinn Stáit. Is cuid thábhachtach d’oidhreacht nádúrtha, stairiúil agus chultúrtha na hÉireann iad na coillearnacha dúchasacha, agus is gnéithe ar leith iad i dtéarmaí a gcuid bithéagsúlachta. Sin é an fáth gur thug mé isteach an scéim seo chun spreagadh a thabhairt do chomhlachtaí poiblí a gcuid tailte a úsáid le haghaidh coillearnacha dúchasacha a chruthú agus is iontach an sampla é an suíomh ina bhfuilimid inniu den chaoi a n-oibríonn an scéim seo. Ba mhaith liom freisin comhghairdeas a ghabháil le Coillte agus Comharchumann Foraoiseachta an Iarthair as na tailte cóngaracha a thabhairt isteach sa tionscadal seo agus tá áthas mór orm chomh maith go bhfuil mo Roinn á mhaoiniú tríd an Scéim um Chaomhnú an Choillearnaigh Dúchasaigh agus Scéim Deontas na Foraoisithe.”

Dar le Príomhfheidhmeannach Chomharchumann Foraoiseachta an Iarthair Marina Conway

“Chomh maith leis an gcoillearnach dúchasach nua, feabhsófar thart ar 55 acra de sheanchoillearnach dhúchasach trí Scéimeanna Caomhnaithe Coillearnacha Dúchasacha agus Coill Chomharsanachta na Roinne mar áis phoiblí, ina áireoidh rianta siúlóide inrochtana, comharthaíocht, suíocháin agus achair phicnice, agus a chuirfidh spás cuimsitheach sa dúlra ar fáil do mhuintir na háite agus do chuairteoirí ar cheantar Shligigh”.

Dúirt Príomhoifigeach Gníomhach, Eagraíocht Chúram Sláinte an Phobail, Limistéar 1 (ECSP 1) an FSS (An Cabhán, Dún na nGall, Liatroim, Muineachán agus Sligeach) Dermot Monaghan

“Tá an-áthas ar an FSS a bheith mar chuid den tionscadal seo ina ndéanfar 105 acra de thalamh faoi úinéireacht an FSS a aistriú go coillearnach dhúchasach faoin scéim. Cuirfidh suíomh Cluain na Maithín spás cuimsitheach caitheamh na haimsire agus na sláinte ar fail chun tacú leis an bhfolláine fhisiceach, mheabhrach, spioradálta agus mhothúchánach gach saoránaigh agus cuairteora. Tá sé beartaithe ag an FSS i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí eile reachtúla agus an phobail go ndéanfar na háiseanna agus an bonneagar a bhforbairt chun áit a bhfuil gach rochtain air do gach éinne a chruthú agus ina gcuirtear luach ar gach éinne beag beann ar aois nó ar chumas.”

Luaigh Paul Reid, POF an FSS,

“Tá raon leathan na bithéagsúlachta ar fáil i dtimpeallacht fhairsing Cluain na Maithín agus feabhsóidh ECSP 1 an achar seo a thuilleadh trí dul ag obair leis an bpobal áitiúil, lenár gcomhpháirtithe reatha agus leis na comhpháirtithe féideartha eile le haghaidh spásanna a athchóiriú agus a fhorbairt chun dul i ngleic le deiseanna an dúlra agus na gairneoireachta. Chuige sin, tá an-áthas orm a fhógairt inniu go mbeidh €300,000 ar fáil ó Chlár Caipitil 2022 Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun tús a chur leis an turas chun deiseanna breise a chruthú chun dul i ngleic le gníomhaíochtaí an dúlra agus na gairneoireachta. Tá an buiséad caipitil seo á chur ar fáil againn mar ranníocaíocht aonuaire ón ioncam a fuaireamar ó thailte a díoladh leis an Údarás um Bóithre Náisiúnta le haghaidh athailíniú an N4. Tacóidh sé seo leis na costais chaipitil a bhaineann le huasghrádú seanchlós na feirme agus an úlloird chun gairdín céadfach agus limistéar gairneoireachta a chruthú, le húsáid ar dtús ag seirbhísí lae an mhíchumais agus na meabhairshláinte.”

Dúirt Stiúrthóir na Maoirseachta agus an Riosca, Coillte, Deborah Meghen

“Cuirfidh sé deis ar fáil do ráth agus cosaint na bithéagsúlachta. Tugann Cluain na Maithín agus an fhorbairt na coillearnaí dhúchais deis do dhaoine tarraingt níos gaire don dúlra, rud a d’fhéadfadh réitigh a chur ar fáil do strusanna na maireachtála nua-aimseartha agus uirbeacha chomh maith le tacú le ceisteanna na haeráide do ghlúine an lae inniu agus le teacht.”

Dar le Paul Taylor, Cathaoirleach Chomhairle Contae Shligigh,

“Sé atá in imeacht an lae inniu ná an chéad chéim ar aistear na forbartha atá beartaithe do Chluain na Maithín. Le tuilleadh infheistíochta, is féidir ionad Cluain na Maithín a fhorbairt chun deiseanna breise a chur ar fáil do gach saoránach chun casadh leis an dúlra trí na spásanna siúd a chruthú le haghaidh rochtain a fháil ar ghníomhaíochtaí na teiripe, na gairneoireachta, an fhaoisimh agus caitheamh na haimsire”.

Fotheidil Ghrianghraif:

Íomhá a hAon: Ag casadh an fhóid ar Pháirc Choillearnach Dúchasch nua Chluain na Maithín. Ó chlé, Marina Conway, POF Comharchumann Foraoiseachta an Iarthair; Pippa Hackett, Aire Stáit Bithéagsúlachta agus Úsáide Talún ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara; Martin Beirne, Bainisteoir Maoine an FSS; Brian Mc Garraghy, Bainisteoir na Foraoiseachta, Choillte; Colm Gilheaney, Bainisteoir Tionscadal Foraoiseachta, Comharchumann Foraoiseachta an Iarthair; agus Denis O Rourke, Saoiste FSS na Seirbhísí Cothabhála, Cluain na Maithín.

Íomhá a Dó: Searmanas plandála crann mar chomóradh ar Pháirc Choillearnach Dúchasach nua Chluain na Maithín. Ó chlé, Paul Reid, POF an FSS, Dermot Monaghan, Príomhoifigeach Gníomhach, ECSP 1 an FSS; Edel Quinn, Ceannasaí na Seirbhíse, Seirbhísí an Mhíchumais ECSP 1 an FSS; Marina Conway, POF Comharchumann Foraoiseachta an Iarthair; Pippa Hackett, Aire Stáit Bithéagsúlachta agus Úsáide Talún ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara; Martin Beirne, Bainisteoir Maoine an FSS; Cathaoirleach Chomhairle Contae Shligigh; Deborah Meghan, Stiúrthóir na Maoirseachta agus an Riosca, Coillte; agus Frank Feighan, Aire Stáit sa Roinn Sláinte le freagracht as Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí.

Íomhá a Trí: Searmanas plandála crann mar chomóradh ar Pháirc Choillearnach Dúchasach nua Chluain na Maithín. Ó chlé, Pippa Hackett, Aire Stáit Bithéagsúlachta agus Úsáide Talún ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara; Martin Beirne, Bainisteoir Maoine an FSS; agus Frank Feighan, Aire Stáit sa Roinn Sláinte le freagracht as Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí.

CRÍOCH