English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Casann McConalogue le Coimisinéir Talmhaíochta na hEorpa Janusz Wojciechowski i mBaile Átha Cliath de réir mar a théann an plé ar Phlean Straitéiseach CBT Náisiúnta na hÉireann i ndéine

Chas an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., inniu le Coimisinéir Talmhaíochta na hEorpa, Janusz Wojciechowski, le plé a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo ar fhaomhadh Dhréachtphlean Straitéiseach CBT na hÉireann ag an gCoimisiún.

Ag labhairt dó i ndiaidh an chruinnithe, dúirt an tAire McConalogue:

“Cuirim fáilte roimh an deis inniu chun plé a dhéanamh ar phríomhphointí litir bhreathnóireachta an Choimisiúin ar Dhréachtphlean Straitéiseach CBT na hÉireann, a fuaireamar an 31 Márta, leis an gCoimisinéir Wojciechowski. Rinneadh idirchaidreamh sármhaith cheana féin leis an gCoimisiún ar an mbreathnóireacht seo le roinnt seachtainí anuas, agus dúirt mé leis an gCoimisinéir go bhfuilim ag tnúth leis go ndéanfar dul chun cinn breise sa tréimhse amach romhainn.”

Thug an tAire na rudaí dearfacha faoi deara a luadh i litir bhreathnóireachta an Choimisiúin faoi roinnt gnéithe de Dhréachtphlean na hÉireann, gur aithníodh go dtéitear i ngleic sa dréacht le gach ceann de chuspóirí sonracha an CBT, agus go gcuirtear san áireamh ann na moltaí a rinne an Coimisiún i mí na Nollag 2020 san áireamh. Luaigh sé freisin go bhfuil obair ar siúl ar ghnéithe ar lorg an Coimisiún eolas breise dóibh.

Dúirt an tAire, agus béim á leagan aige ar an tábhacht a bhaineann le faomhadh foriomlán mear a bhaint amach don Phlean:

“Leag mé an bhéim air go dtugaim tús áite do Phlean Straitéiseach an CBT a thabhairt chun críche a luaithe agus is féidir. Tá orainn a chinntiú gur féidir linn aistriú gan deacrachtaí chuig an gcéad tréimhse eile den CBT ó dheireadh na bliana seo. Ciallaíonn seo gur gá socruithe riaracháin agus córais TF a chur chun feidhme ar bhealach tráthúil, agus gur gá do chumarsáid fhairsing le feirmeoirí agus páirtithe leasmhara eile titim amach. Is ríthábhachtach, ar an ábhar sin, go dtugtar an próiseas faofa chun críche agus an mhoill is lú agus is féidir air.”

Phléigh an tAire McConalogue agus an Coimisinéir Wojciechowski freisin iarratas na hÉireann ar stádas Táisc Cosanta Gheografaigh do mhairteoil Éireannach, anuas ar an athbhreithniú leanúnach ar bheartas promóisean an AE.

Cuirfear deireadh le cuairt ghearr an Choimisinéara Wojciechowski go hÉirinn le cuairt a thabhairt ar dhá fheirm i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath - feirm orgánach agus feirm bheostoic ar scála beag - ina ndéanfaidh an tAire McConalogue agus an tAire Stáit Pippa Hackett é a thionlacan.