Chéad chruinniú an Fhóraim Náisiúnta Bhithgheilleagair
- Foilsithe: 23 Iúil 2021
- An t-eolas is déanaí: 27 Iúil 2021
Sholáthair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (an RTBM), Martin Heydon, T.D., anuas ar an Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Éamon Ryan, T.D., na haithisc oscailte inniu don 1ú chruinniú den Fhóram Náisiúnta Bithgheilleagair.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Heydon:
‘Príomhdheis ghnó é acmhainní inbhuanaithe agus in-athnuaite bitheolaíocha a tháirgeadh ónár bhfeirmeacha, ár bhforaois agus ár bhfarraigí, agus díriú ar úsáid tosaíochta a bhaint as an mbithmhais seo trí chuíchóiriú ó thaobh na bitheolaíochta de, chun táirgí ardluacha bithbhunaithe a chruthú, bia, beathú, ceimiceáin mhalartacha bhithbhunaithe san áireamh, ar mhaith liom go bhforbrófar é ar mhaithe leis an earnáil agraibhia. Déanfaidh na táirgí seo ár mbrath ar acmhainní atá bunaithe ar iontaisí a ionadú agus a laghdú agus, thar aon ní eile, ginfidh sé deiseanna geilleagracha nua d’fheirmeoirí, d’fhoraoiseoirí agus d’iascairí, agus d’fhiontraithe óga agus oilte tuaithe agus don earnáil agraibhia i gceantair thuaithe, réigiúnacha agus chósta.’
Lorgaíonn an bithgheilleagar breithniú a dhéanamh ar earnálacha éagsúla na talmhaíochta, an iascaigh, an dobharshaothraithe, na foraoiseachta, an bhia agus an bheathaithe ar bhealach ionchuimsitheach. Lorgaíonn an cur chuige comhordaithe seo leis an méid seo a leanas a dhéanamh: linnte carbóin agus dúlra a fhorbairt, brú díobhálach ar éiceachórais agus an comhshaol a sheachaint agus úsáid a bhaint as acmhainní bitheolaíocha ar bhealach a thugann tús áite d’inbhuanaitheacht, ciorclaíocht, eolas agus nuálaíocht. Déantar na rudaí seo a leanas a áireamh agus a idirnascadh leis an mbithgheilleagar sa chur chuige ionchuimsitheach seo: éiceachórais talún agus mhuirí agus na seirbhísí a sholáthraíonn siad; gach earnáil táirgthe phríomhúil a úsáideann agus a tháirgeann acmhainní bitheolaíocha (talmhaíocht, foraoiseacht, iascaigh agus dobharshaothrú); agus gach earnáil gheilleagrach agus thionsclaíoch a úsáideann acmhainní agus próisis bhitheolaíocha chun bia, beathú, táirgí bithbhunaithe, fuinneamh agus seirbhísí a tháirgeadh.
‘Tá gliondar croí orm gur ghlac John Malone, a bhfuil ardmheas air, leis an gcuireadh chun sainchathaoirleacht a dhéanamh ar an bhfóram seo a chasfaidh ar a chéile den chéad uair inniu agus a thugann réimse fairsing páirtithe leasmhara le chéile agus é ina chuspóir an bithgheilleagar in Éirinn a fhorbairt.’
Bhí an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Éamon Ryan, T.D. ag labhairt inniu freisin agus dúirt sé:
Cuireann an Bithgheilleagar deis thábhachtach ar fáil chun ár n-acmhainní nádúrtha a úsáid ar bhealach in-athnuaite agus inbhuanaithe ar mhaithe le leas fadtéarmach daoine agus an phláinéid. Trí fhoghlaim ón dúlra agus droim láimhe a thabhairt don tsamhail “tóg, déan agus caith amach”, agus aistriú i dtreo geilleagar ciorclach, is féidir linn fostaíocht inbhuanaithe a chruthú, ár gcomhshaol a chosaint agus ár spriocanna aeráide a bhaint amach. Tá fíorfhéidearthacht ag Éirinn sa limistéar seo, agus céim mhór chun cinn é bunú an Fhóraim Náisiúnta Bhithgheilleagair i dtreo an sprioc uaillmhianach seo a bhaint amach. Táim ag tnúth leis na moltaí a eascróidh as an bpróiseas seo.
Tá mar chuspóir ag an bhFórm Náisiúnta Bithgheilleagair forbairt inbhuanaithe an bhithgheilleagair in Éirinn a chur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt dó ar aon dul le geilleagar ciorclach, gníomhú ar son na haeráide agus earnáil agraibhia atá neodrach ó thaobh na haeráide de, inbhuanaithe agus nuálach a thabhairt chun cinn. Cuirfidh an Fóram glór ar fáil do réimse fairsing páirtithe leasmhara, táirgeoirí tosaigh, an tionscal, grúpaí pobail, eagraíochtaí neamhrialtasacha, braislí nuálaíochta agus comhlachtaí leathstáit ábhartha san áireamh.
Lorgaíonn an bithgheilleagar deiseanna nua inbhuanaithe agus nuálacha a chruthú d’fheirmeoirí agus poist ardchaighdeáin ghlasa a chruthú i gceantair thuaithe, réigiúnacha, uirbeacha agus chósta. D’aithin an Rialtas an ról tábhachtach is féidir le bithgheilleagar na hÉireann a ghlacadh i dtaobh ár spriocanna athraithe aeráide a bhaint amach agus cabhrú leis an earnáil agraibhia dícharbónú agus neodracht ó thaobh na haeráide de a bhaint amach agus thug sé cuntas roimhe seo ar réimse gealltanas i gClár an Rialtais chun bithgheilleagar inbhuanaithe agus ciorclach a fhorbairt.
Nótaí don Eagarthóir:
Beartas Bithgheilleagair na hÉireann
• Foilsíodh an Ráiteas Beartais Náisiúnta ar an mBithgheilleagar i Márta 2018.
• Bunaíodh Grúpa um Chur i bhFeidhm an Bhithgheilleagair bunaithe ar ghníomh den Ráiteas Beartais Náisiúnta ar an mBithgheilleagar in 2018 agus déanann an RCAC agus an RTBM comhchathaoirleacht air. Leagadh an dualgas ar an ngrúpa um chur i bhfeidhm, tríd an ráiteas beartais, struchtúr comhairliúcháin a bhunú chun tacú le bithgheilleagar na hÉireann a fhorbairt. Forbraíodh an Fóram Bithgheilleagair mar thoradh air seo.
• D’fhógair an bheirt Airí gur ceapadh an tUasal John Malone, iar-Ard-Rúnaí na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara, ina chathaoirleach ar an bhFórm Bithgheilleagair. Anuas air sin, ceapadh an tOllamh Kevin O’Connor, Stiúrthóir BiOrbic, Ionad Taighde ar an mBithgheilleagar Fhondúireacht Eolaíochta Éireann (SFI), ina Leas-Chathaoirleach ar an bhFóram agus ina Chathaoirleach ar an Sainghrúpa Comhairleach a thacóidh leis an bhFóram maidir le comhairle agus ionchur eolaíochta agus teicniúil. Tacóidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (an RTBM) agus an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (an RCAC) le hoibriú an Fhóraim.
Cur chuige an bhithgheilleagair:
• De réir mar a théann an t-éileamh ar bhithmhais agus seirbhísí éiceachórais eile i gcomhthráth leis an ngá atá le brath ar acmhainní iontaise a laghdú i méid, tagann borradh faoi bhreisluach an chuir chuige iomlánaíoch i leith an bhithgheilleagair mar bhealach chun brú díobhálach a sheachaint ar éiceachórais agus an comhshaol. Is féidir le breithniú a dhéanamh ar earnálacha éagsúla an bhithgheilleagair iomlánaíoch, seachas ar bhonn aonair, bonn daingean a chur faoi sheirbhísí a chomhsholáthar agus tús áite a thabhairt d’úsáidí bithmhaise. Baineann ríthábhacht go fóill le díriú ar úsáid chascáideach agus chiorclach a bhaint as bithmhais, i.e. ábhair agus táirgí marthanacha ciorclacha bithbhunaithe a dhearadh agus fuíll agus ábhar bithbhunaithe athchúrsáilte a uaschúrsáil ina réitigh nuálacha a chuirfear in ionad na réiteach iontaisebhunaithe.
Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach an Fhóraim Bhithgheilleagair
• Bhí John Malone ina Ard-Rúnaí ar an Roinn Talmhaíochta agus Bia ó 1997 go 2004. Bhí baint mhór aige sa ról sin le beartais a cheapadh don earnáil agraibhia, agus in idirbheartaíocht ar leibhéal AE agus trádála domhanda. Bhí sé i measc painéal athbhreithnithe ina raibh triúr a cheap Aire Airgeadais na linne sin, Brian Lenihan, i ndiaidh gur gheall sé ag Comhchoiste Airgeadais agus Seirbhíse Poiblí an Oireachtais go dtabharfaí faoi athbhreithniú (Athbhreithniú Wright) chun measúnú a dhéanamh ar chomhairle faoi bheartas agus feidhmíocht na Roinne Airgeadais le 10 mbliana anuas (2000-2010) agus le moltaí a dhéanamh faoi conas is fearr a d’fhéadfadh an Roinn dul in oiriúint do dhúshláin na todhchaí a shárú Bhí roinnt Stiúrthóireachtaí aige ó shin i leith, e.g. Stiúrthóir Shláinte Ainmhithe Éireann, Cathaoirleach Ionad Eachaíochta na hÉireann agus Cathaoirleach ar Meat Technology Ireland a bhí cistithe ag Fiontraíocht Éireann.
• Tá an tOllamh Kevin O’Connor ina Stiúrthóir ar BiOrbic, Ionad Taighde ar an mBithgheilleagar SFI, ina Phríomh-Imscrúdaitheoir ag Institiúid Domhain UCD agus ina Ollamh Iomlán i Scoil na hEolaíochta Bithmhóilíní agus Bithleighis, UCD. Tá sé ina Chathaoirleach ar an gcoiste eolaíochta do Chomhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí Taighde agus Nuálaíochta Bithgheilleagair an AE, ina iarbhall de Shainghrúpa Táirgí Bithbhunaithe an Choimisiúin Eorpaigh agus ina iarbhall den choiste de chuid an Choimisiúin Eorpaigh “Tionscnamh Príomh-Margaidh um Tháirgí Bithbhunaithe” (2008-2011). Ba é ba mó a chuir forbairt an Champais Náisiúnta Bhithgheilleagair €6M ag an Lisín, Contae Thiobraid Árann, agus réigiún taispeántóra Shamhail AE na hÉireann chun cinn chun ceimiceáin inbhuanaithe a tháirgeadh.
CRÍOCH