Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Clinicí BPS Ar Líne fógartha ag an Aire Creed d'iarratais ar líne 2019

Tá achoimre tugtha inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, ar phleananna maidir le tuilleadh tacaíochtaí chun cúnamh a thabhairt d'fheirmeoirí a gcuid iarratas ar Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí (BPS) 2019 agus Aistriú Teidlíochtaí a dhéanamh ar líne.

I mí Feabhra osclaíodh an próiseas iarratais ar líne do 2019 agus dúirt an tAire:

"Tá ríméad orm a fheiceáil go bhfuil iarratais ar líne déanta cheana ag líon mór feirmeoirí ó d'fhógair mé go raibh an tréimhse le hiarratas a dhéanamh do 2019 le hoscailt níos luaithe ná mar a bhí beartaithe. Tá iarratais ar líne déanta cheana féin ag níos mó ná 20,000 feirmeoir i mbliana.”

Dúirt an tAire freisin:

"Ní mór, faoi rialacháin an AE, na hiarratais a chur ar aghaidh ar líne. Is ar líne a rinne feirmeoirí ar fad na hÉireann iarratas anuraidh den chéad uair agus léiríonn sin an réimse buntáistí atá ann do na feirmeoirí iarratais a dhéanamh ar líne. Le blianta beaga anuas, tá clinicí BPS ar líne curtha i bhfeidhm ag mo Roinn ar fud na tíre inar féidir le feirmeoirí bualadh le duine de na baill foirne chun a n-iarratas BPS a dhéanamh díreach ansin. Bhí an-tóir ar na clinicí seo i measc feirmeoirí, agus táim sásta a fhógairt go mbeidh an tseirbhís chéanna á cur ar fáil arís i mbliana.”

Tá na gnéithe ar fad a bhaineann leis na Scéimeanna Íocaíochta Dírí (BPS, Glasú, Scéim na bhFeirmeoirí Óga, Cúlchiste Náisiúnta, aistriú teidlíochta, agus Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha) anois ar fáil ar líne. Cuidíonn seo a chinntiú gur féidir leis an Roinn gach iarratas faoi na scéimeanna a phróiseáil chomh héifeachtach agus is féidir.

Sa chás gur mian le feirmeoirí teagmháil a dhéanamh leis an Roinn maidir le hiarratas a dhéanamh ar líne, féadfaidh siad sin a dhéanamh ach glaoch ar:

  • 076 1064424 maidir le fiosruithe faoi chlárú le www.agfood.ie – fiosruithe maidir le pasfhocail a bheith imithe amú mar shampla nó conas clárú srl
  • 076 1064420 maidir le fiosruithe chun an t-iarratas BPS féin a líonadh nuair a bheifear cláraithe le www.agfood.ie nó chun ceist a chur maidir leis na clinicí duine le duine

Dúirt an tAire ar deireadh:

Mholfainn do gach feirmeoir leas a bhaint as an deis iarratas a dhéanamh ag an tráth seo ar an BPS tríd an gcóras ar líne. Tá sé ar fáil d'fheirmeoirí chun sin a dhéanamh iad féin nó trí ghníomhaire."

Chomh maith leis sin beidh foireann ar fáil in Oifigí na Roinne i bPort Laoise, Co Laoise chun bualadh le feirmeoirí chuile lá i rith na seachtaine as seo go dtí dáta dúnta an BPS an 15 Bealtaine 2019.

CRÍOCH