English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Dáta Deiridh d’iarratais maidir le Tacaíocht Bhunúsach Ioncaim i dtaobh na hInbhuanaitheachta ag druidim linn

Leis an spriocdháta d'iarratais ar Thacaíocht Bhunúsach Ioncaim i dtaobh na hInbhuanaitheachta 2025 beagán níos mó ná coicís ar shiúl, tá an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, ag impí ar fheirmeoirí a n-iarratais a chur isteach a luaithe is féidir.

Dúirt an tAire,

“Tá sé ríthábhachtach go n-áiritheodh feirmeoirí go gcuirfí a n-iarratas ar thacaíocht bhunúsach ioncaim i dtaobh na hinbhuanaitheachta isteach in am. Tá tacaíochtaí ar fáil i gclinicí do dhaoine i láthair go pearsanta an tseachtain seo chugainn agus ar líne. Feidhmeoidh uaireanta oscailte sínithe i bPort Laoise freisin más mian le feirmeoirí teacht isteach agus a n-iarratas a phlé le foireann mo Roinne”.

An spriocdháta maidir le Tacaíocht Bhunúsach Ioncaim i dtaobh na hInbhuanaitheachta ag meán oíche, Dé Céadaoin, 15 Bealtaine, is é sin an spriocdháta freisin chun iarratais ghaolmhara a chur isteach ar raon scéimeanna eile lena n-áirítear an Tacaíocht Ioncaim Fhorlíontach d’Fheirmeoirí Óga, Éiciscéim, Limistéir faoi Shrianta Nádúrtha agus aistrithe teidlíochtaí.

Tá an Roinn ag cuidiú le feirmeoirí a n-iarratais a dhéanamh le seachtainí beaga anuas trína gclinicí do dhaoine i láthair go pearsanta maidir le Tacaíocht Bhunúsach Ioncaim i dtaobh na hInbhuanaitheachta i suíomhanna ar fud na tíre agus tá trí chlinic eile beartaithe don tseachtain seo chugainn:

Dé Máirt, 6 Bealtaine

Cluain Meala – Hotel Minella 10am – 4.30pm

Dé Céadaoin, 7 Bealtaine

Baile an Mhistéalaigh – Firgrove Hotel 10am – 4.30pm
Déardaoin, 8 Bealtaine Cloich na Coillte – Oifigí RTBM 10am – 4.30pm

Is féidir le feirmeoirí teagmháil a dhéanamh freisin leis an Deasc Chabhrach um Íocaíochtaí Díreacha ar 057-8674422. Sa tréimhse roimh an spriocdháta le hiarratas a dhéanamh beidh na línte ar oscailt ar feadh uaireanta sínithe mar a leanas:

  • idir 9.00am agus 9pm ón Máirt, 6 Bealtaine go dtí an Aoine, 9 Bealtaine.
  • idir 9.30am agus 5.00pm, Dé Sathairn, 10 Bealtaine agus Dé Domhnaigh, 11 Bealtaine.
  • idir 9.00am agus 9pm, Dé Luain, 12 Bealtaine go Dé Céadaoin, 14 Bealtaine.
  • idir 9.00am agus 12, meán oíche, Déardaoin, 15 Bealtaine.

Beidh foireann ar fáil freisin chun cúnamh a thabhairt ag an gcuntar poiblí in oifig na Roinne i bPort Laoise le linn na n-uaireanta oscailte sínithe seo.

Bíonn comhairliúcháin do dhaoine i láthair go pearsanta ar fáil go dtí leathuair an chloig roimh am dúnta gach lá.


Nótaí

Ní mór d'fheirmeoirí iarratas a dhéanamh ar Thacaíocht Bhunúsach Ioncaim i dtaobh na hInbhuanaitheachta agus ar íocaíochtaí eile limistéarbhunaithe trí úsáid a bhaint as saoráid ar líne na roinne agfood.ie. Ní mór dóibh logáil isteach ar www.agfood.ie agus cliceáil ar BISS/nasc scéimeanna limistéarbhunaithe chun tús a chur lena n-iarratais.

De rogha air sin, is féidir le feirmeoirí teagmháil a dhéanamh le Comhairleoir atá faofa ag an gCóras Comhairleach Feirme (FAS) chun an t-iarratas a dhéanamh thar a gceann. Chun liosta de Chomhairleoirí faofa ag FAS a fháil, téigh go dtí https://www.gov.ie/ga/an-roinn-talmha%C3%ADochta-bia-agus-mara/foilseachain/farm-advisory-system-fas/.

Más mian le feirmeoirí dul i dteagmháil leis an Roinn maidir leis an iarratas ar líne, is féidir leo é sin a dhéanamh ag:

  • 049 4368288 - i dtaca le ceisteanna a bhaineann le clárú do www.agfood.ie – mar shampla ceisteanna faoi phasfhocail chaillte, conas clárú

057 8674422 maidir le ceisteanna faoin iarratas i dtaca le Tacaíocht Bhunúsach Ioncaim i dtaobh na hInbhuanaitheachta a chríochnú nó chun cóip chrua de na Téarmaí agus