Coimisiún ar Athnuachan ó Ghlúin go Glúin á bhunú ag an Aire McConalogue
- Foilsithe: 22 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Dearbhaíonn an tAire McConalogue Cathaoirleach agus Comhaltaí an Choimisiúin ar Athnuachan ó Ghlúin go Glúin san Fheirmeoireacht.
Inniu, dhearbhaigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, na socrúcháin don Choimisiún ar Athnuachan ó Ghlúin go Glúin san Fheirmeoireacht. Beidh an tUasal Aidan O’Driscoll ina chathaoirleach ar an gCoimisiún. Bhí an tUasal O’Driscoll ina chathaoirleach ar Choimisiún Óglaigh na hÉireann, is é cathaoirleach Ornua faoi láthair é, agus bhíodh sé ina Ard-Rúnaí ar an Roinn Dlí agus Cirt, agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Tá ról an-tábhachtach ag daoine óga ó thaobh leanúint le hearnáil feirmeoireachta atá bríomhar, inbhuanaithe in Éirinn. Cé go bhfuil réimse tacaíochtaí nach bhfacthas riamh cheana ar fáil d’fheirmeoirí óga, caithimid cuimhneamh anois an bhfuil an tionchar inmhianaithe ag na bearta sin, agus conas ba cheart na tacaíochtaí a leagan amach sa todhchaí. Tá an fheirm theaghlaigh ag croílár na talmhaíochta in Éirinn, agus tacaím go mór le cabhrú leis an gcéad ghlúin eile teacht i gceannas ar an bhfeirm, nuair is ceart.
Is é sin an fáth ar iarr mé ar Aidan O’Driscoll a bheith ina chathaoirleach ar Choimisiún, a bhfuil grúpa beag daoine i gceist leis, a bhfuil an saineolas agus an taithí chuí acu, chun cur chuige oibiachtúil, bunaithe ar fhianaise a ghlacadh i leith iniúchadh a dhéanamh ar na cúinsí casta atá i gceist. Chomh maith leis sin, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le comhaltaí an Choimisiúin as a bheith tiomanta don obair thábhachtach seo. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Aidan go háirithe as glacadh leis an ról seo, agus táim cinnte go ndéanfar measúnú iomlán ar an gceist thábhachtach seo agus é i gceannas.”
Luaitear sa Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT) go bhfuil an athnuachan ó ghlúin go glúin ar cheann dá naoi bpríomhchuspóir. Faoi Phlean Straitéiseach CBT 2023-2027 na hÉireann, tá neart infheistíochta á déanamh chun an athnuachan ó ghlúin go glúin a bhaint amach.
Lean an tAire McConalogue ar aghaidh:
“Táthar ag súil le go bhfoilseoidh an Coimisiún Eorpach a thograí le haghaidh Comhbheartas Talmhaíochta tar éis 2027 le linn 2025. Dá bharr sin, is tréimhse chuí í seo lena mheas an soláthraíonn an creat atá i bhfeidhm faoi láthair tacaíocht chuí d'fheirmeoirí óga atá ag smaoineamh ar dhul isteach san earnáil agus an spreagann sé athnuachan ó ghlúin go glúin ar bhonn éifeachtach.
D’iarr mé ar Aidan a chinntiú go mbíonn an Coimisiún i dteagmháil leis na páirtithe leasmhara go rialta, lena n-áirítear gach príomheagraíocht feirmeoireachta, ionadaithe gnó agus comhlachtaí ábhartha na hearnála poiblí. I ndiaidh an phlé seo agus sainphlé an choiste, cuirfear tuairisc maidir leis na roghanna le chéile agus cuirfear isteach í mar chuid de phróiseas Fís don Bhia 2030 faoi dheireadh Ráithe 2, 2025. Cinnteoidh sé seo go bhfuil anailís oibiachtúil againn ar an gceist sula dtosaítear ag ullmhú don chéad CBT eile.”
DEIREADH
Nóta don Eagarthóir:
Comhaltaí an Choimisiúin
Cathaoirleach: Aidan O’Driscoll
• An tOllamh Thia Hennessy, Ceann Choláiste Gnó agus Dlí COC le saineolas i bhfeidhmíocht eacnamaíoch na hearnála agraibhia.
• An Dr. Emma Dillon, Eacnamaí agus Oifigeach Taighde Sinsearach le Teagasc, atá i gceannas ar thaighde faoi láthair maidir leis an athnuachan ó ghlúin go glúin agus forbairt an scála tomhais nua don inbhuanaitheacht shóisialta ar fud na gcóras feirme.
• Aisling Meehan, aturnae cáilithe, comhairleoir cánach, feirmeoir agus comhalta den ghrúpa oibre Women in Agriculture.
• Thomas Duffy, feirmeoir déiríochta, iar-Uachtarán Macra na Feirme, iar-Leas-Uachtarán Chumann Feirmeoirí Óga na hEorpa, cathaoirleach neamhspleách reatha ar Choiste Stiúrtha Signpost de chuid Teagasc.
• Trevor Boland, Cuntasóir, i mbun feirmeoireachta faoi láthair ar Fheirm Mhairteola Signpost de chuid Teagasc i gComhpháirtíocht Feirme Chláraithe.
• Seán Bell, Príomheacnamaí, an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.