English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Comh-Mheicníocht Taighde Nua ar an aeráid agus an talmhaíocht seolta idir Éirinn agus an Nua-Shéalainn

Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., agus tAire Stáit a bhfuil freagracht ar leith aige as taighde agus nuálaíocht, Martin Heydon, T.D., tionscnamh ceannródaíoch nua taighde le hAire Talmhaíochta na Nua-Shéalainne, Damien O’Connor, Feisire Parlaiminte.

Díreoidh an Chomh-Mheicníocht Taighde (an CMT) ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus ar Cheapadh Crbóin feabhsaithe i gcórais táirgthe athchogantacha féarachbhunaithe.

Déantar seo tar éis gur síníodh Meabhrán Socraithe (MS) a rialaíonn an CMT ag Ard-Rúnaí na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara, Brendan Gleeson, agus Ard-Stiúrthóir Aireacht Tionscal Príomhúil na Nua-Shéalainne, Ray Smith.

Agus an MS á shíniú aige, dúirt an tAire McConalogue,

“Tá gliondar croí orm gur seoladh an Chomh-Mheicníocht Taighde phíolótach nua seo idir Éirinn agus an Nua-Shéalainn. Tá ár dhá thír ag comhoibriú go láidir faoi láthair maidir le taighde ar thalamh féaraigh agus ar phórú ainmhithe, agus ar thaighde a bhaineann leis an aeráid, le blianta beaga anuas. Ach tá an tráth ceart druidte linn anois, áfach, an méid comhoibriú i dtaighde a mhéadú a chuirfidh dlús le nuálaíochtaí eolaíochta a aimsiú a mhaolaíonn tionchar na talmhaíochta ar athrú aeráide. Ba mhaith liom tacaíocht agus tiomantas Aire Talmhaíochta na Nua-Shéalainne, Damien O’Connor agus a oifigeach san Aireacht Tionscal Príomhúil leis an ngarsprioc seo a bhaint amach.”

Dúirt an tAire O’Connor,

“Tá idirchaidreamh dearfach á dhéanamh idir an Nua-Shéalainn agus Éirinn le fada an lá maidir le talmhaíocht inbhuanaithe, gníomhú ar son na haeráide san áireamh. Príomhthíortha táirgthe agraibhia iad Éire agus an Nua-Shéalainn, agus tá go leor ag brath, ar an ábhar sin, ar ár gcumas astaíochtaí gás ceaptha teasa talmhaíochta a laghdú. Tá gá práinneach ann réitigh a aimsiú a théann i ngleic le tionchar córais táirgthe talmhaíochta ar an aeráid, cáilíocht an uisce, agus an bhithéagsúlacht, agus ní féidir le tír ar bith aghaidh a thabhairt ar an dúshlán seo leo féin. Cuirfidh an Comhthionscnamh Taighde Píolótach atá á fhógairt inniu againn ar chumas an dá thír iarrachtaí a bhrostú le hastaíochtaí gás ceaptha teasa talmhaíochta a chomhrac, agus ár naisc thaighde a neartú.”

D’fhógair an tAire Heydon gur seoladh an chéad Chomhghairm Thaighde faoin Meicníocht freisin, i dteannta Ambasadóir na Nua-Shéalainne go hÉirinn, a Shoilse Brad Burgess, agus Ambasadóir um Athrú Aeráide na Nua-Shéalainne, Kay Harrison. Lorgóidh sé comhthograí idir eagraíochtaí taighde ó Éirinn agus an Nua-Shéalainn le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón talmhaíocht a laghdú agus a chur i gcuntas.

Dúirt an tAire Heydon,

“Nuair a chuirtear ár gcosúlachtaí uathúla i gcórais táirgthe talmhaíochta san áireamh, anuas ar na dúshláin ghaolmhara a chruthaíonn seo i dtaobh gáis cheaptha teasa, is spreagúil an fhorbairt é gur féidir linn an chéad ghairm fhoirmiúil faoin gcomhpháirtíocht nua seo a fhógairt. Tá áthas orm go bhfuil aghaidh á tabhairt againn ar ghealltanas tábhachtach in Fís don Bhia 2030 maidir le comhoibriú i dtaobh taighde idirnáisiúnta, agus feabhas a chur ar cheannaireacht na hÉireann ar conas a thuigtear agus a théitear i ngleic le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó fheirmeoireacht a dhéanamh ar bheostoc. Spreagaim go mór taighdeoirí Éireannacha iarratas a dhéanamh ar an nGairm seo.”

Cisteoidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus Aire Tionscal Príomhúil na Nua-Shéalainne an Ghairm go díreach, agus beidh sé ar an gcéad cheann dá mhacasamhail idir an dá thír. Beidh sé mar aidhm aige an méid seo a leanas a fhiosrú faoi thrí ábhar taighde:

  • micribhitheolaíocht chogansach a thuiscint le maolú gás ceaptha teasa athchogantach a fhorbairt,
  • teicneolaíochtaí a chuirfidh dlús le beostoc ísealastaíochtaí a roghnú,
  • tosca astaíochtaí ón talmhaíocht a fhorbairt le feabhas a chur ar chruinneas fardail gás ceaptha teasa.

Nótaí

Tá seoladh an CMT nua mar thoradh ar Ráiteas an Aire um Chomhar sa Talmhaíocht idir Éirinn agus an Nua-Shéalainn, a rinneadh i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite.

D’aithin seo na comhpháirtíochtaí teicniúla agus taighde tábhachtacha a bhí ann cheana féin, agus d’aithin sé freisin go bhfuil páirt lárnach acu seo a neartú le huaillmhianta intíre agus domhanda a bhaint amach i dtaobh astaíochtaí bithghineacha meatáin a thomhas agus a laghdú.

Tugann sé aghaidh freisin ar ghníomhartha i Straitéis Fís don Bhia 2030 faoi Mhisean 1 – Earnáil Agraibhia atá Cliste ó thaobh na hAeráide de agus atá Inbhuanaithe ó thaobh an Chomhshaoil de

Tá eolas breise faoin MS agus Comhghairm Thaighde 2022 idir Éirinn agus an Nua-Shéalainn ar fáil ag an nasc seo a leanas: Research and Codex

Meabhrán Socraithe (MS)

• Síníodh an MS le CMT na hÉireann-na Nua-Shéalainne a bhunú mar thoradh ar Phlé Beartais a cuireadh ar bun idir an RTBM agus MPI i Meán Fómhair 2021 ar chomhar déthaobhach i réimse limistéar, taighde ina measc; agus an Comhráiteas ag an Aire um Chomhar Talmhaíochta a rinneadh ina dhiaidh sin idir Éirinn an Nua-Shéalainn a eisíodh i nDeireadh Fómhair 2021.

o Gealladh sa Ráiteas chun cur leis na comhpháirtíochtaí teicniúla agus taighde a bhí láidir cheana féin, astaíochtaí bithghineacha meatáin a thomhas agus a laghdú, cosúil leis an gComhaontas Taighde Domhanda ar Gháis Cheaptha Teasa Talmhaíochta (GRA). Féach anseo: Minister Charlie McConalogue and New Zealand counterpart Minister Damien O’Connor agree to enhanced co-operation

• Bunaítear sa MS nósanna imeachta agus téarmaí tagartha an RTBM agus an MPI araon faoi thréimhse trí bliana phíolótach an CMT agus cuirtear an creat ar fáil ann le haghaidh comhghairmeacha taighde faoin Meicníocht idir an dá thír.

Comhghairm Thaighde na hÉireann-na Nua-Shéalainne 2022

• Beidh an chéad Ghairm faoin CMT ar oscailt an 12 Bealtaine 2022 ag 12:00 (IST) agus tugann sé cuireadh d’Eagraíochtaí Déanta Taighde (RPOanna) incháilithe ó Éirinn tograí comhthaighde a sheoladh ar aghaidh, le comhpháirtithe comhoibritheacha ón Nua-Shéalainn.

• Beidh trí ábhar taighde sa Ghairm:

o Ábhar 1: Micribhitheolaíocht chogansach chun tacú le teicneolaíochtaí athchogantacha maolaithe GCT a fhorbairt

o Ábhar 2: Teicneolaíochtaí a aithint agus a fhorbairt chun beostoc athchogantach ísealastaíochtaí a roghnú

o Ábhar 3: Fardail astaíochtaí gás ceaptha teasa talmhaíochta a chuíchóiriú trí thosca astaíóchtaí a fhorbairt d’Ocsaíd Nítriúil agus Carbón

• Tá sonraí breise, eolas san áireamh ar sheisiúin faisnéise ar líne, ar fáil anseo: Research and Codex

• Tá tacaíocht airgeadais na hÉireann do Chomhghairm Thaighde na hÉireann-na Nua-Shéalainne 2022 á cur ar fáil trí DAFM Research Programme