Comhaontaíonn an tAire Charlie McConalogue agus Aire Talmhaíochta na Nua-Shéalainne Damien O’Connor comhoibriú feabhsaithe
- Foilsithe: 8 Deireadh Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 29 Deireadh Fómhair 2021
Shínigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM) Charlie McConalogue TD, Ráiteas maidir le Comhoibriú i dTalmhaíocht idir Éire agus an Nua-Shéalainn* le hAire Talmhaíochta na Nua-Shéalainne, Damien O'Connor MP ag cruinniú, i dTeagasc Mhoing na Sruthla.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Tá stair fhada rannpháirtíochta dearfaí ag an Nua-Shéalainn agus Éire maidir le talmhaíocht inbhuanaithe agus gníomhú ar son na haeráide. Níl aon amhras orm ach go mbeidh comhoibriú feabhsaithe, go háirithe i réimse na gcomhpháirtíochtaí taighde, chun leasa feirmeoirí sa dá thír. Mar fheirmeoirí, mar earnálacha talmhaíochta agus mar dhaoine, tá an oiread tréithe dearfacha ag Éire agus an Nua-Shéalainn. Táimid an-tiomanta do shamhail talmhaíochta inbhuanaithe a sholáthar agus muid ag táirgeadh bia a onnmhairítear ar fud na cruinne. Tacaímid freisin le hearnáil talmhaíochta a bhfuil ról chomh lárnach aici i dtacú lenár bpobail tuaithe faoi seach agus leis an ngeilleagar iomlán.
Tar éis an chruinnithe, thug an dá Aire camchuairt ar Ionad Taighde Bia Teagasc lena n-áirítear a Ionad Ullmhaithe Bianna Tomhaltais, arna mhaoiniú ag DAFM. Ansin thug siad cuairt ar Choláiste Chaisleán Cnucha chun bualadh le mic léinn Eolaíochta Talmhaíochta agus chun a dtréad eallach Angus a bhfuil duaiseanna bainte amach acu a fheiceáil.
Nóta d'Eagarthóirí:
- Ráiteas maidir le Comhoibriú i dTalmhaíocht idir Éire agus an Nua-Shéalainn
An 8 Deireadh Fómhair 2021 - Baile Átha Cliath, Éire
Tá ról tábhachtach ag an talmhaíocht i bhfolláine eacnamaíoch, shóisialta, chomhshaoil agus chultúrtha na hÉireann agus na Nua-Shéalainne. Táimid dírithe ar tháirgiúlacht, uilechuimsitheacht agus athléimneacht ár bpríomhearnálacha faoi seach a mhéadú. Mar náisiúin onnmhairithe agraibhia, táimid tiomanta freisin do chóras trádála domhanda atá bunaithe ar rialacha agus aithnímid ról na trádála cuimsithí agus forásaí i dtacú le gach cholún den fhorbairt inbhuanaithe.
Aithníonn rialtais na hÉireann agus na Nua-Shéalainne an gá práinneach réitigh a fháil a thugann aghaidh ar thionchar na gcóras táirgthe talmhaíochta ar an aeráid, ar cháilíocht an uisce agus ar an mbithéagsúlacht. Ní féidir le tír ar bith aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sheachtracha seo ina haonar. Aithníonn Éire agus an Nua-Shéalainn go bhfuil comhpháirtíochtaí gníomhacha domhanda mar chuid lárnach dár n-uaillmhianta baile agus domhanda a bhaint amach. Ag tógáil ar ár stair láidir maidir le comhar déthaobhach sa talmhaíocht, athdhearbhaíonn an ráiteas seo an chomhpháirtíocht um chomhar talmhaíochta idir Éire agus an Nua-Shéalainn.
Chun forbairt na comhpháirtíochta seo a chur chun cinn, dearbhaímid go mbuailfidh oifigigh ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM), agus ón Aireacht Phríomhthionscail (MPI), le chéile gach bliain chun bheartas talmhaíochta a phlé.
Ag tógáil ar na comhráite déthaobhacha a tionóladh an 28 agus 29 Meán Fómhair 2021, forbróidh oifigigh ó DAFM agus MPI clár oibre comhoibrithe maidir leis an misean lárnach Comhpháirtíocht Idirnáisiúnta Forásach um Thalmhaíocht Inbhuanaithe a Chur Chun Cinn.
Cuirfidh na gníomhartha faoin gcomhchlár oibre leis na comhpháirtíochtaí teicniúla agus taighde atá láidir cheana féin, lena n-áirítear ar astaíochtaí meatáin bithghineacha a thomhas agus a laghdú tríd an gComhaontas Taighde Domhanda ar Gháis Cheaptha Teasa Talmhaíochta (GRA) áit a bhfuilimid ag comhoibriú go láidir.
Féachfaidh an clár oibre freisin lenár gcomhar déthaobhach a fhorbairt ar fud fóraim idirnáisiúnta amhail an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD), Foras Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO), agus faoi Chreat-Choinbhinsiún na Naisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (UNFCCC).
Agus iad ag breathnú níos faide ná Cruinniú Mullaigh um Chórais Bia na Náisiún Aontaithe le déanaí, féachfaidh Éire agus an Nua-Shéalainn le comhoibriú ar an tasc tábhachtach cineálacha cur chuige córais bia a chur chun cinn agus a chur i bhfeidhm, ag infheistiú in inbhuanaitheacht ár mbia do na glúine atá le teacht.