Cuireann an tAire fáilte roimh an gcinneadh a rinneadh sa Chúirt Achomhairc chun an t-eisiamh a tugadh d’árthaí iascaireachta móra a dhéanann trálaeireacht in uiscí cladaigh laistigh de 6 mhíle ón gcósta a chur i bhfeidhm arís go sealadach
- Foilsithe: 23 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., fáilte roimh an gcinneadh a rinneadh sa Chúirt Achomhairc chun an Treoir Bheartais a chur i bhfeidhm arís a dhéanann árthaí móra a eisiamh a dhéanann trálaeireacht in uiscí cladaigh laistigh de 6 mhíle ón gcósta. Beidh seo i bhfeidhm ar a laghad go dtí go n-éistfidh an Chúirt Achomhairc leis an gcás iomlán go déanach i Meitheamh.
I ndiaidh gur éisteadh leis an rún Dé hAoine, an 19 Márta, cuireadh ina luí ar an gCúirt go raibh cothromaíocht an cheartais i bhfabhar an Stáit ag an tráth seo agus ceadaíodh bac a chur ar ordú na hArd-Chúirte a fhad le héisteacht an achomhairc shubstaintigh i Meitheamh, nuair a dhéanfaidh an Ard-Chúirt athbhreithniú ar cheist an bhaic.
Dúirt an tAire McConalogue inniu, “Is deas liom a chloisteáil gur cheadaigh an Chúirt Achomhairc an Treoir Bheartais a chur i bhfeidhm arís. A bhuíochas leis an gcinneadh seo, beidh cosc ar árthaí breis agus 18 méadar ar fad trálaeireacht a dhéanamh laistigh dár gcrios 6 mhíle go dtí tráth déanach i Meitheamh, seachas i gcás iascach srianta salán, ar gnách nach ndéanfaí é sin go déanach san earrach / sa samhradh. Níor ceadaíodh an bac ach a fhad leis an éisteacht a bheidh ar siúl i Meitheamh.”
Tugadh an Treoir Bheartais isteach i Márta 2019, i ndiaidh chinneadh an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara um an dtaca sin go raibh stop le cur ón 1 Eanáir 2020 ag an trálaeireacht go léir a bhí á déanamh ag árthaí móra atá breis agus 18 méadar ar fad iomlán in uiscí cósta laistigh de chrios 6 mhíle na hÉireann, seachas i gcás iascach salán, a raibh deireadh le cur leis de réir a chéile i rith 2020 agus 2021.
Rinne beirt iascairí iarratasóra Athbhreithniú Breithiúnach agus d’éirigh leo dúshlán a chur roimh bhailíocht na Treorach Beartais. Rinne an Ard-Chúirt ordú an 6 Deireadh Fómhair 2020 i bhfabhar an iarratasóra agus dearbhaíodh go raibh an Treoir Bheartais ar neamhní/nach raibh aon éifeacht dhlíthiúil aige. Dhiúltaigh an Ard-Chúirt bac a chur ar an ordú an 10 Nollaig an bhliain seo caite. Rinne an Chúirt Achomhairc an Treoir Bheartais a chur i bhfeidhm arís ar a laghad go dtí go n-éistfear leis an achomharc iomlán. Tá an éisteacht shubstainteach sa Chúirt Achomhairc le bheith ar siúl an 22 agus an 23 Meitheamh.
CRÍOCH