Cuireann an tAire McConalogue i gcuimhne d’fheirmeoirí agus d’úinéirí capall aire a thabhairt dá n-ainmhithe le linn na tréimhse fuaire seo
- Foilsithe: 10 Márta 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá comhairle tugtha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D, d’fheirmeoirí agus d’úinéirí capall aire bhreise a thabhairt d’ainmhithe feirme agus capaill le linn tréimhsí fuara.
"Tugann feirmeoirí agus úinéirí capall aire thar barr dá stoc i rith na bliana ach tá bagairtí níos mó ar leas na n-ainmhithe le linn tréimhsí an-fhuar mar atá againn faoi láthair. Tá sé tábhachtach go nglacfadh úinéirí bearta chun stoc a chosaint ón adhaimsir a d’fhéadfadh a bheith linn sna laethanta amach romhainn.”
Is féidir le beostoc, lena n-áirítear stoc níos óige, dul i ngleic le teochtaí ísle ar choinníoll go bhfuil go leor beatha agus foscadh acu. Mar sin féin, is féidir le soláthar uisce a bheith ina fhadhb do bheostoc a bhíonn amuigh sa gheimhreadh le linn aimsir sheaca.
Mar thúsphointe, tá sé tábhachtach go mbeadh rochtain éasca ag gach ainmhí ar uisce. Ba cheart soláthairtí uisce óil a sheiceáil go laethúil, agus ba cheart oighear dromchla ar thrachanna a bhriseadh dhá uair in aghaidh an lae
- Na hainmhithe a sheiceáil go rialta, go háirithe ainmhithe atá níos leochailí amhail uain óga, ainmhithe óga eile, agus stoc breoite nó stoc torrach.
- Le linn aimsir an-fhuar agus an-fhliuch, agus ag brath ar an méid féir atá ar fáil, ba cheart foráiste breise, mar fhéar, a chur ar fáil do chapaill, capaillíní agus aon stoc eile atá lasmuigh.
- Seachain dianphóitseáil féarach, mar bíonn tionchar ag póitseáil ar infhaighteacht féir.
- Cinntigh go bhfuil rochtain ag stoc ar fhoscadh, ar foscadh nádúrtha ar nós crainn agus fálta sceach, nó foscadh de dhéantús an duine é.
- Má úsáidtear ruga eachaí le haghaidh capall, cinntigh go n-oireann an ruga i gceart agus déan iniúchadh rialta air.
- Ní bhíonn rugaí ag teastáil ó gach capall le linn tréimhsí fuara. Fásann fionnadh níos tibhe ar chapaill don gheimhreadh chun insliú nádúrtha a sholáthar. Sa chás go bhfuil fionnadh tiubh ar chapall agus go gcuirtear foscadh ar fáil dó, b’fhéidir nach mbeidh gá le rugaí.