Cuireann an tAire McConalogue i gcuimhne d’fheirmeoirí Seiceálacha trí Mhonatóireacht a dhéanamh ar Scéim Cúnamh na Próitéine, agus go bhfuil Tomhas Ionchorprú an Tuí á eisiúint anois
- Foilsithe: 21 Iúil 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Thug an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue T.D., le fios inniu go bhfuil fógraí le haghaidh Seiceálacha trí Mhonatóireacht faoi Scéim Cúnamh na Próitéine 2022 agus faoi Thomhas Ionchorprú an Tuí á n-eisiúint anois chuig feirmeoirí agus go n-eiseofar fógraí breise sna míonna amach romhainn.
Is próiseas uathoibrithe agus leanúnach é Seiceálacha trí Mhonatóireacht a bhaineann úsáid as foinsí satailíte agus foinsí eile na sonraí chun gníomhaíocht na talmhaíochta ar gach dáileacht talún a dhearbhaigh feirmeoirí faoi Scéim Cúnamh na Próitéine agus faoi Thomhas Ionchorprú an Tuí sa bhliain 2022 a sheiceáil.
Ionas cur i bhfeidhm Córas Monatóireacht an Achair a éascú, a bheidh éigeantach sa chéad tréimhse eile den Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT), tá tabhairt isteach céimnithe á chur i bhfeidhm ag Éirinn do na scéimeanna éagsúla le linn na hidirthréimhse. Tháinig Scéim Chúnamh na Próitéine i bhfeidhm faoi Sheiceáil trí Mhonatóireacht le linn na chéad céime sa bhliain 2021. Tiocfaidh Tomhas Ionchorprú an Tuí i bhfeidhm le linn na dara céime sa bliain 2022.
Dúirt an tAire,
“Is céim dhearfach í tabhairt isteach na Seiceálacha trí Mhonatóireacht i dtreo an CBT a shimpliú. Tá mórán buntáistí ag baint le Seiceálacha trí Mhonatóireacht don fheirmeoirí lena n-áirítear deis a thabhairt dó a éileamh ar íocaíocht a leasú gan phionós sa chás ina thagann neamhchomhlíontacht féideartha chun solais”.
Le tabhairt faoi deara ag eagrathóirí:
Cúlra na Seiceálacha trí Mhonatóireacht
Rinne an Coimisiún Eorpach na Rialacháin a leasú sa bhliain 2018, chun an rogha a thabhairt do na Ballstáit Seiceálacha trí Mhonatóireacht a úsáid in ionad iniúchtaí ar an bhfeirm.
Ceadóidh próiseas na Seiceálacha trí Mhonatóireacht sa bhliain 2022 fógra a thabhairt don iarratasóir maidir le fadhb fhéideartha i leith cineál barra nó cineál gníomhaíochta laistigh de dháileachtaí na talún atá dearbhaithe ag an bhfeirmeoir. Siad na scéimeanna atá i bhfeidhm faoi Sheiceálacha trí Mhonatóireacht sa bhliain 2022 ná Scéim Chúnamh na Próitéine agus Tomhas Ionchorprú an Tuí.
Má thagann a leithéid fhaidhb chun solais, eiseofar fógra ar chóras BPS ar líne. Má tá feirmeoir cláraithe le haghaidh foláirimh teachtaireachta téacs, eiseofar téacs chun comhairle a thabhairt dóibh seiceáil a dhéanamh le haghaidh fógra ar a chuntas BPS.
Sa chás ina bhfuil iarratas déanta ar líne ag an bhfeirmeoir tríd a chomhairleoir, gheobhaidh an comhairleoir an fógra trí chuntas ar líne na Scéime Íocaíochta Bunusaí maidir le héinne dá chuid cliaint. Gheobhaidh aon fheirmeoir a rinne iarratas tríd a chomhairleoir foláireamh teachtaireacht téacs freisin nuair a cláraítear é faoin seirbhís seo.
Is féidir go n-iarrfar grianghraif geochlibáilte nó doiciméid eile mar chuid den fhógra. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh go mbeadh sé riachtanach an suíomh a fhíorú ar an talamh trí chuairt a thabhairt ar an bhfeirm.
CRÍOCH