Cuireann an tAire Stáit Dooley fáilte roimh an rannpháirtíocht dhearfach le Grúpaí Ionadaíochta na hearnála bia mara
- Foilsithe: 25 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Reáchtáil an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht maidir le hIascaigh, Timmy Dooley TD, an chéad chruinniú leis na grúpaí earnála bia mara inniu. Thug an cruinniú ionadaithe ó na hearnálacha gabhála éisc, uisceshaothraithe agus próiseála agus na comharchumainn le chéile.
I measc na n-eagraíochtaí ag an gcruinniú bhí Eagraíocht Iascairí na gCealla Beaga, Eagraíocht Táirgeoirí Éisc na hÉireann, Eagraíocht Táirgeoirí Éisc Dheisceart & Oirthear na hÉireann, Eagraíocht Táirgeoirí Éisc an Deiscirt & an Iarthair, Cumann Náisiúnta na nIascairí Cladaigh, Fóram Náisiúnta Iascaigh Cladaigh, Uisceshaothrú Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann, Ionadaithe Comharchumann, Eagraíocht Acmhainní Mara Oileáin na hÉireann, agus Cumann Próiseálaithe agus Easpórtálaithe Éisc na hÉireann.
D’fháiltigh an tAire Stáit Dooley roimh an deis cloisteáil faoi ábhar imní an tionscail go pearsanta, agus leag sé béim ar chuspóirí an Rialtais tacú leis an earnáil bia mara agus leis na pobail chósta: “Léiríonn athbhunú an Aire Stáit thiomnaithe d’Iascaigh agus Mara fócas an Rialtais ar thábhacht ár n-earnála bia mara agus na bpobal cósta a bhíonn ag brath uirthi.”
Chuir an tAire an méid seo a leanas leis sin:
“Cuireann an Clár Rialtais nua an creat polasaí ar fáil d’fhorbairt inbhuanaithe na hearnála bia mara agus beidh mise ag obair go dlúth le comhghleacaithe sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide maidir le ceisteanna tras-Rialtais.”
Ag labhairt dó faoin gcruinniú, dúirt an tAire:
“Gabhaim buíochas le hionadaithe an tionscail as cruinniú fiúntach, eolasach an lae inniu. Táim ag súil le go mbeidh an rannpháirtíocht dhearfach seo ann i gcónaí, ionas gur féidir linne, le chéile, teacht ar réitigh agus ar dheiseanna chun todhchaí inbhuanaithe a thógáil dár n-earnáil bia mara agus dár bpobail chósta.”