English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann McConalogue fáilte leathan roimh fhoilsiú Idirphlé Straitéiseach an AE maidir le Todhchaí na Talmhaíochta

Thug an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD freagra ar fhoilsiú na tuarascála ar an Idirphlé Straitéiseach maidir le Todhchaí na Talmhaíochta ag an gCoimisiún Eorpach.

Mhaígh an tAire:

“Táim tiomanta d'oibriú le hinstitiúidí an AE agus leis na Ballstáit chun leanúint le forbairt an Chomhbheartais Talmhaíochta chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus deiseanna nua don earnáil agraibhia in Éirinn agus ar fud an AE. Is ionchur tábhachtach é forbairt na tuarascála seo don phróiseas, a tháinig i ndiaidh teagmháil fhairsing le páirtithe leasmhara ar leibhéal an AE, agus beidh gá le machnamh cúramach a dhéanamh ar na moltaí ann.”

Cinnfear an chéad CBT eile tríd an bpróiseas comhreachtach ar leibhéal an AE sna blianta amach romhainn. Ionchur amháin atá sa tuarascáil seo i dtograí an Choimisiúin maidir leis an gcéad CBT eile, a bhfuiltear ag súil leis i samhradh 2025.

Dúirt an tAire McConalogue:

“Fáiltím roimh an aitheantas san Idirphlé ar an ngá atá le hacmhainní cuí chun freagairt go héifeachtach do chuspóirí iomadúla an CBT. Teastaíonn buiséad láidir CBT uainn a ligfidh dúinn ár spriocanna a bhaint amach chun inbhuanaitheacht a fheabhsú ina gnéithe uile - geilleagrach, timpeallacht agus sóisialta. Is ábhar spéise freisin an moladh atá ann maidir le sruthanna maoinithe eile taobh amuigh de Bhuiséad CBT. Ní mór tacaíocht leordhóthanach a thabhairt d'fheirmeoirí chun earnáil iomaíoch, inbhuanaithe agus athléimneach a bhaint amach.

“Tá tiomantas na Tuarascála chun na slabhraí luacha a neartú, agus tacú le mná agus le daoine óga san earnáil, ag teacht leis na tionscnaimh atá tugtha chun cinn agam ar na saincheisteanna seo.

“Táim ag tnúth le dul i dteagmháil le comhghleacaithe chun gach gné den tuarascáil Idirphlé a mheas go cúramach.”

CRÍOCH