English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann McConalogue fáilte roimh an méadú 89% ar iascach an Fhaoitín Ghoirm in Éirinn

Mhéadaigh cuóta na hÉireann ó 28,438 tonna in 2022 go 53,776 tonna sa bhliain 2023

Chuir an tAire Talmhaíochta Bia agus Mara fáilte roimh chlabhsúr na gcainteanna faidréiseacha idir an tAontas Eorpach agus an Iorua a raibh comhaontú iascaigh déthaobhach don bhliain 2023 mar thoradh orthu.

Dúirt an tAire

“Bíonn na cainteanna seo deacair i gcónaí agus bíonn leasanna éagsúla ag Ballstáit éagsúla. I gcás na hÉireann, táim sásta gurb é an toradh deiridh seo an toradh is fearr dár n-iascairí. Tá cuóta 53,776 tonna don bhliain 2023 ar fiú níos mó ná €13m anois acu."

Dúirt an tAire McConalogue freisin

"Bhí an-chuid gnéithe éagsúla ag na cainteanna casta seo, rochtain chómhalartach ar uiscí agus aistrithe cuótaí idir páirtithe agus idir na ballstáit féin san AE san áireamh. I dtaca leis sin, táim an-sásta go raibh Éire in ann laghdú 33% a fháil ó 68% go 45% ar an leibhéal rochtana traidisiúnta atá ag an Iorua ar uiscí an AE agus cosc iomlán orthu i mbráite iascaigh an Fhaoitín Ghoirm sa Bhosca Éireannach amach ó Chósta Iarthuaisceart na hÉireann.”

Luaigh an tAire:

“Ó thaobh aistriú cuóta de, d'éirigh liom an riail a choinneáil nach ngabhfadh an méid a chuirfeadh Éire le haistriú cuóta an AE go dtí an Iorua thar 4% agus, chomh tábhachtach céanna, leagadh síos den chéad uair go bhfaigheadh Éire cuóta breise ó Bhallstáit eile an AE chun aistrithe agus forálacha rochtana a chúiteamh. Ar an ábhar sin, bhí mé in ann 4,820 tonna d'fhaoitín gorm sa bhreis a fháil do chabhlaigh Éireannacha.”

Dúirt an tAire:

“Insíonn an chomhairle eolaíochta dúinn go bhfuil dea-bhail ar stoc an Fhaoitín Ghoirm is go bhfuil sé ag méadú go mór agus is dea-thuar é seo in éineacht leis an gcomhaontú d'inmharthanacht an iascaigh seo agus d'iascairí na hÉireann amach anseo”.

Ag deireadh a chuid cainte, ghabh an tAire McConalogue buíochas le hionadaithe ó thionscal Iascaigh na hÉireann, Aodh O’Donnell (Cumann Táirgeoirí Éisc na hÉireann - IFPO), Sean O’Donoghue (Cumann Iascaireachta na gCealla Beaga - KFO), Patrick Murphy (ISEFPO) agus Brendan Byrne (Cumann Próiseálaithe agus Easpórtálaithe Éisc na hÉireann - IFPEA) “as an dlúthchomhar a rinne siad linn le linn an phróisis agus as an bhfeachtasaíocht ghníomhach a bhí ar bun acu san Eoraip a chabhraigh chun an dea-thoradh seo a fháil d'iascairí na hÉireann”.

CRÍOCH