English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Déanann McConalouge a ghealltanas maidir leis an Dlí um Athchóiriú Dúlra a athdhearbhú

Tar éis don Chomhairle Eorpach an Dlí um Athchóiriú an Dúlra (DAD) a ghlacadh, thug an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, athdhearbhú maidir lena ghealltanas d’fheirmeoirí go mbeidh gach beart athchóirithe dúlra deonach.

Dúirt an tAire:

“Chinntigh an Rialtas seo, agus mé féin trí mo sheasamh ar an gComhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, solúbthachtaí breise i dtéacs dlí DAD chun tacú le feirmeoirí agus chun aitheantas a thabhairt dár gcúinsí sonracha in Éirinn. Mar thoradh ar an idirghabháil sin, laghdaíodh na spriocanna maidir le hithreacha orgánacha draenáilte a athchóiriú agus a athfhliuchadh ón moladh bunaidh. Ciallaíonn sé sin go bhfuil an limistéar iomlán le haghaidh athchóirithe dírithe anois ar 50% den limistéar sin faoi 2050, seachas ar 70% mar a moladh ar dtús, agus go bhfuil trian le hathfhliuchadh, in áit leath de a athfhliuchadh. Ina theannta sin, tá solúbthachtaí eile daingnithe, lena n-áirítear foráil sos éigeandála chun cur i bhfeidhm sa talmhaíocht a chur ar fionraí i gcás cúinsí a bhfuil iarmhairtí tromchúiseacha acu ar shlándáil bia.

Agus é ag trácht ar na spriocanna a leagadh síos faoi DAD, shoiléirigh an tAire:

“Is ar na Ballstáit seachas ar úinéirí talún aonair atá an oibleagáid dhlíthiúil spriocanna DAD a bhaint amach. Tá spriocanna DAD maidir le hithreacha orgánacha draenáilte a athfhliuchadh i gcomhréir leis an bhfigiúr náisiúnta agus rinne an GCC na figiúirí náisiúnta sin a athríomh le déanaí. Cuimsítear san athrú sin, lena gcoigeartaítear an figiúr anuas ó 332,900 h go 141,000 h, ithreacha orgánacha draenáilte a bhfuil athfhliuchadh tarlaithe iontu go nádúrtha. Leis na gealltanais náisiúnta atá ann cheana chun 33,000 h de thailte de chuid Bhord na Móna a athfhliuchadh, is leor na tailte sin chun spriocanna athfhliuchta DAD a sheachadadh gan dul ar iontaoibh talún faoi úinéireacht phríobháideach go dtí 2050. Is dearbhú láidir é an méid sin d'fheirmeoirí nach mbeidh aon cheanglas éigeantach ar fheirmeoirí talamh a athfhliuchadh mar gheall ar DAD.”

Lean an tAire ar aghaidh:

“Ba mhaith liom a bheith an-soiléir freisin nach mbeidh tionchar diúltach ag bearta athchóirithe ar aon ghealltanas CBT atá ann cheana, ná ar aon scéim nó dreasacht eile a sheachadann mo Roinn. Dhearbhaigh an Coimisinéir Sinkevicius an méid sin. Beidh aon bhearta athchóirithe a roghnaíonn úinéirí talún a bheith rannpháirteach iontu deonach, beidh dreasú nach beag ag baint leo, agus beidh acmhainní go leor ann.

Tá Ciste Aeráide agus Dúlra €3.15 billiún fógartha ag Éirinn cheana féin chun tacú le cur i bhfeidhm. Tá feirmeoirí tiomanta don bhithéagsúlacht agus is ceart go gcuirtear maoiniú thar a bheith láidir ar fáil dóibh ar leithligh ón CBT lena chinntiú go dtugtar luach saothair dóibh as aon ghníomhartha a bhféadfaidís cur leo go deonach.”

*CRÍOCH*

Nótaí d’Eagarthóirí

An Dlí um Athchóiriú an Dúlra spriocanna athchóirithe agus athfhliuchta le haghaidh ithreacha orgánacha draenáilte

I mí an Mhárta 2024, rinne GCC figiúr an fhardail náisiúnta a choigeartú aníos ó 332,900 h go 141,000 h. Cuimsíonn an t-athrú sin ithreacha orgánacha draenáilte atá athfhliuchadh tarlaithe iontu go nádúrtha. Rinneadh laghdú ar sprioclaghduithe comhaontaithe maidir le hathchóiriú agus athfhliuchadh faoi Airteagal 9(4) le linn idirphlé trípháirteach go dtí an méid seo a leanas:

a) 30% de na limistéir sin faoi 2030, agus athfhliuchfar an ceathrú cuid ar a laghad díobh;

b) 40% de na limistéir sin faoi 2040, agus athfhliuchfar trian díobh ar a laghad;

c) 50% de na limistéir sin faoi 2050, agus athfhliuchfar trian díobh ar a laghad;

Bheadh na riachtanais achair talún seo a leanas ann mar thoradh ar na spriocanna sin go náisiúnta:

Cumhdach náisiúnta measta (141,000 h) 2030 2040 2050
Athchóiriú (h) 42,300 56,400 70,500
Ina ndéanfar: Athfhliuchadh (h) 10,575 18,800 23,500

Le gealltanas náisiúnta atá ann cheana féin sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 chun 33,000 h de thailte de chuid Bhord na Móna a athfhliuchadh, is leor na tailte sin chun spriocanna athfhliuchta a sheachadadh gan dul ar iontaoibh talún faoi úinéireacht phríobháideach.