Dearbhaíonn an tAire an athuair do Dairy Women Ireland go bhfuiltear tiomanta do thacú le Mná sa Talmhaíocht
- Foilsithe: 18 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025
Bhuail an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D, le Dairy Women Ireland inniu ag an Energy and Farm Diversification Show in Gurteen College, Co. Thiobraid Árann.
Luaigh an tAire McConalogue ról tábhachtach na mban ó thaobh cur le hearnáil agraibhia na hÉireann agus luaigh sé a thiomantas arís maidir le tacaíocht a thabhairt dóibh agus iad i mbun a ról.
Dúirt an tAire McConalogue
“Is príomhchuspóir de mo chuidse é dul chun cinn a dhéanamh maidir le comhionannas inscne sa talmhaíocht, agus táim bródúil as an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo. Tugadh bearta ar leith isteach mar chuid de seo, faoin bPlean Straitéiseach CBT reatha, ag déanamh dul chun cinn maidir leis na gníomhartha éagsúla faoin bhFís don Bhia 2030, chomh maith le tacú le clár fiontraí mná ACORNs. É sin ráite, tá sé tábhachtach go gcoinnímid orainn ag teacht ar réitigh a thugann an infheictheacht agus an t-aitheantas do mhná san earnáil atá tuillte acu.
Maidir leis na 13 Bhord Stáit i mo Roinn féin, tháinig méadú ar líon na mban ar Bhoird ó 30 go 56 ó ceapadh i m’Aire mé. Cheap agus d’athcheap mé 50 bean chun na mBord seo. Nuair a ceapadh mé, bhain 2 bhord as 12 an sprioc inscne 40% amach, ach anois, tá 9 as 13 tar éis an sprioc sin a bhaint amach.
Iarrtar ar gach bord mná agus fir a chur chun cinn mar iarratasóirí ar róil, agus leanfaidh mé orm ag déanamh dul chun cinn maidir leis seo ar fud na mbord.
Dúirt sé freisin:
“Tuigimid uilig an tábhacht a bhaineann leis an gcomhionannas inscne ó thaobh thodhchaí inbhuanaithe fhadtéarmach na hearnála de. Léiríodh sa Phlé Náisiúnta faoi Mhná sa Talmhaíocht anuraidh agus sa Phlean Gníomhaithe a d’eascair as, go bhfuil páirtithe leasmhara sásta a bheith ag obair lena chéile chun tionchar a imirt ar an athrú sa réimse seo. Tá áthas orm a chloisteáil go bhfuil an-dul chun cinn déanta ag Plean Gníomhaithe na mBan sa Talmhaíocht, a d’eascair as an bPlé Náisiúnta faoi Mhná sa Talmhaíocht, ó sheol mé i mí Eanáir é. Táim ag súil le tuarascáil fhoirmeálta maidir leis an dul chun cinn a fháil ón ngrúpa oibre in am trátha. Tá sé ríthábhachtach go mbíonn plé dearfach ar siúl le comhlachtaí ionadaíocha feirme, ar nós Dairy Women Ireland, chun dul chun cinn dáiríre a bhaint amach d’fheirmeoirí ban in Éirinn.”
Mar aitheantas ar na deiseanna luachmhara don fhoghlaim idir piaraí agus don líonrú a chuirtear ar fáil le linn chomhdháil bhliantúil Dairy Women Ireland, gheall an tAire go gcuirfear maoiniú ar fáil chun tacú le himeacht 2024.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Bhí an-áthas orm bualadh le hionadaithe DWI inniu chun cloisteáil faoi na tograí atá á leathadh amach acu ar bhonn céimneach do mhná ar fud na tíre a bhfuil baint acu leis an earnáil déiríochta. Guím gach rath orthu le linn na gcéimeanna pleanála deiridh dá gcomhdháil bhliantúil.
Táim tiomanta i gcónaí d’fheabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne ag gach leibhéal den earnáil agraibhia, agus do chur le gnóthachtálacha reatha, lena n-áirítear rátaí 60% TAMS d’fheirmeoirí ban agus go mbeadh ionadaíocht bhan 40% ann ar a laghad ar na Boird Stáit atá faoi mo chúram. Cuirfidh taithí na mban a bhíonn ag obair san earnáil talmhaíochta bonn eolais faoin obair sa réimse seo feasta, mar aon le tograí beartais bunaithe ar fhianaise a thagann ó thionscadail taighde ar nós HERSELF agus GENFARMS, arna maoiniú ag an Roinn.”
Nótaí d’Eagarthóirí:
Tá tuilleadh eolais maidir le mná sa talmhaíocht ar fáil ag: gov - Fis Don Bhia 2030 - Ceannaire Domhanda i gCorais Bhia Inbhuanaithe (www.gov.ie)
Tá tuilleadh eolas faoi ACORNS ar fáil ag: ACORNS - Accelerating the Creation of Rural Nascent Start-ups