Deimhníonn an tAire McConalogue an sceideal i gcomhair oiliúint i bpearsa sa bhreis do rannpháirtithe SCEP
- Foilsithe: 24 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Dheimhnigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., an sceideal le haghaidh imeachtaí oiliúna i bpearsa inniu do rannpháirtithe an Chláir um Éifeachtúlacht Carbóin Laonna Diúil (SCEP), chun éascú d’fheirmeoirí nach féidir leo oiliúint a chríochnú ar líne.
I bhfianaise an spriocdháta atá ag teacht anuas maidir le hoiliúint SCEP a chríochnú faoin 15 Samhain 2024, d’eagraigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara sraith bhreise dheiridh d’imeachtaí oiliúna SCEP i bpearsa mar a leagtar amach thíos. Tá siadsan ann i dteannta na gcúig imeacht oiliúna i bpearsa a reáchtáladh níos luaithe an mhí seo i gCill Chainnigh, sa Mhuileann gCearr, sa Ráth, i gClár Chlainne Mhuiris agus i mBealach Féich.
Reáchtálfar na himeachtaí breise oiliúna SCEP i bpearsa sin ó 9.30 r.n. go dtí 2.30 i.n. ar na dátaí sa liosta thíos agus cuirfidh baill foirne ón Roinn na seacht modúl go léir i láthair do na rannpháirtithe SCEP nach bhfuil in ann an oiliúint a dhéanamh ar líne. Ní mór don lucht freastail clárú roimh ré agus a bheith i láthair ar feadh fhad iomlán na hoiliúna i bpearsa, a mhairfidh tuairim agus cúig uair an chloig, agus an t am chun síniú isteach agus amach as an oiliúint san áireamh. Ní fhéadfaidh rannpháirtithe SCEP duine eile a ainmniú chun freastal ina n áit agus ní mór dóibh aitheantas fótagrafach a thabhairt leo chun a fhíorú go raibh siad i láthair.
Ionad | Dáta | Am Tosaithe | Am Críochnaithe |
Inis – Treacy’s West County Hotel, Bóthar Luimnigh | Dé Céadaoin, 06 Samhain | 9.30 r.n. | 2.30 i.n. |
Beanntraí – The Maritime Hotel, The Quay | Déardaoin, 07 Samhain | 9.30 r.n. | 2.30 i.n. |
Cill Áirne – The Brehon Hotel, Bóthar Mhucrois | Dé hAoine, 08 Samhain | 9.30 r.n. | 2.30 i.n. |
Cora Droma Rúisc – The Bush Hotel, An tSráid Mhór | Dé Luain, 11 Samhain | 9.30 r.n. | 2.30 i.n. |
Tuaim – Ard Rí Hotel, Bóthar an Mhuilinn | Dé Máirt, 12 Samhain | 9.30 r.n. | 2.30 i.n. |
An Uaimh – Ardboyne Hotel, Bóthar Bhaile Átha Cliath | Dé Céadaoin, 13 Samhain | 9.30 r.n. | 2.30 i.n. |
Ní mór don lucht freastail go léir síniú isteach agus cóip dá n aitheantas fótagrafach a thaispeáint sula dtosóidh an oiliúint ar 9.30 r.n. ar an toirt – beidh síniú isteach ar fáil ón 8.45 i.n. Ní mór don lucht freastail go léir síniú amach ag deireadh na hoiliúna.
Amhail an 18 Deireadh Fómhair 2024, tá an oiliúint curtha i gcrích ag beagnach 8,800 feirmeoir ar líne, tréimhse mhaith roimh an spriocdháta, is é sin an 15 Samhain 2024. Tá 2,100 feirmeoirí eile ag tabhairt faoi na modúil faoi láthair. D’fhreastail 700 feirmeoir eile ar na himeachtaí oiliúna i bpearsa a reáchtáladh níos luaithe an mhí seo, rud a chiallaíonn go bhfuil beagnach 70% de na rannpháirtithe SCEP uile tar éis a gcuid oiliúint SCEP a chríochnú, nó go bhfuil siad á críochnú. Is í an rogha ar líne an rogha is fearr don chuid is mó de na rannpháirtithe, feirmeoirí idir lánaimseartha agus pháirtaimseartha, ós rud é go mbeidh siad in ann tabhairt faoin oiliúint ar an dáta, an tráth agus an áit is fearr a oireann dóibh seachas iallach a bheith orthu a bheith i láthair ag suíomh ar leith ar dháta ar leith.
Nótaí Tábhachtacha:
• Ní mór don lucht freastail clárú roimh ré le haghaidh an imeachta ar mian leo freastal air, trí cheachtar de na bealaí seo a leanas:
• r-phost a sheoladh nó scep@agriculture.gov.ie
• glao a chur ar Dheasc Cabhrach RTBM ag 057 8674422
Maidir le daoine den lucht freastail nach gcláraíonn roimh ré, ní féidir a dheimhniú go bhfaighidh siad áit ar an lá má tá an t ionad lán nuair a thagann siad i láthair.
• Ní eiseofar aon mheabhrúchán tar éis an chlárúcháin, mar sin ní mór don lucht freastail taifead a choinneáil den dáta agus ionad ar chláraigh siad freastal air.
• Ní mór don lucht freastail fanacht ar feadh fhad iomlán na hoiliúna – rannpháirtithe a thagann i láthair tar éis 9.30 r.n. nó a fhágann roimh 2.30 i.n., measfar iad a bheith neamh-chomhlíontach agus beidh orthu freastal ar imeacht oiliúna eile nó an oiliúint a chur i gcrích ina hiomláine ar líne. Ba cheart do rannpháirtithe déanamh cinnte de go mbeidh go leor ama taistil acu chun an suíomh oiliúna a bhaint amach in am, mar tosóidh an oiliúint ar 9.30 r.n. ar an toirt.
• Ní mór do lucht freastail SCEP freastal ar an oiliúint i bpearsa, ní fhéadfaidh siad duine eile a ainmniú chun freastal ina n áit. Féadfaidh siad duine eile a thabhairt leo le bheith in éineacht leo ar an lá, áfach, ach spás a bheith ar fáil sa seomra oiliúna ar an lá.
• Ní mór do gach rannpháirtí SCEP aitheantas fótagrafach a thabhairt leo an lá ar a bhfreastalóidh siad chun críoch fíoraithe. Mura gcuirtear aitheantas fótagrafach ar fáil, beidh ar an rannpháirtí freastal ar imeacht oiliúna eile nó an oiliúint a chur i gcrích ina hiomláine ar líne.
• Tá sos beag san áireamh sna huaireanta sceidealaithe a léirítear thuas.
• Ar mhaithe leis an oiliúint a chur i gcrích sa tréimhse ama is giorra agus is féidir, ní bheidh aon sólaiste ar fáil agus dá réir sin ba cheart don lucht freastail a chinntiú go mbeidh go leor sólaistí acu i gcomhair fhad na hoiliúna.
• Is é an lucht freastail a bheidh freagrach as aon chostas a bhaineann le freastal ar an oiliúint i bpearsa.
• Níl aon íocaíocht i gceist le freastal ar an oiliúint i bpearsa.
Cibé acu atá siad ag freastal ar líne nó i bpearsa, ní mór d’fheirmeoirí an oiliúint a chur i gcrích faoin 15 Samhain 2024 chun go seachnófar a gcur as SCEP agus caillteanas aon íocaíochtaí a fuarthas cheana.
Chun clárú le freastal ar cheann de na himeachtaí oiliúna i bpearsa nó chun ceist a chur faoi ghné ar bith den SCEP nó den oiliúint SCEP, ba cheart do rannpháirtithe
• r-phost a sheoladh nó [email scep@agriculture.gov.ie]
• glao a chur ar Dheasc Cabhrach RTBM ag 057 8674422
Is féidir rochtain a fháil ar an oiliúint ar líne ag www.sceptraining.ie. Ba cheart go nglacfadh sé thart ar 30 nóiméad, ar an meán, gach modúl a chur i gcrích. Is féidir le rannpháirtithe na modúil uilig a dhéanamh d’aon iarraidh amháin nó iad a dhéanamh de réir a chéile. Is féidir cuid de mhodúl a dhéanamh agus an chuid eile de a dhéanamh arís nuair a logáiltear isteach. É sin ráite, ní mór gach modúl a bheith déanta go hiomlán faoin 15 Samhain 2024 chun an riachtanas oiliúna a chomhlíonadh.