English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Deimhníonn an tAire McConalogue go bhfuil garsprioc mhór bainte amach i gclárúchán Mhairteoil Féar-Chothaithe na hÉireann mar Thásc Geografach faoi Chosaint

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Teachta Dála Charlie McConalogue, inniu go bhfuil sé deimhnithe ag an gCoimisiún Eorpach go bhfuil an nós imeachta freasúra tugtha chun críche maidir leis an iarratas ar Thásc Geografach Cosanta (TGC) do mhairteoil féar-chothaithe na hÉireann. Leis seo, réitítear an bealach do chéim dheiridh glacachta agus foilsithe an Choimisiún a gceapann siad a bheidh tugtha chun críche faoi lár mhí na Nollag.

Faoi scéimeanna cáilíochta an AE, tugtar cosaint d'ainmneacha na dtáirgí a bhfuil nasc sainiúil i gceist idir cáilíochtaí nó tréithe na dtáirgí agus an áit gheografach as a dtagann siad. Feidhmeoidh an TGC seo do Mhairteoil Féar-Chothaithe na hÉireann ar bhonn uile-oileánda.

Ar an 4 Samhain, dúnadh an nós imeachta freasúra trí mhí a foilsíodh ar an 4 Lúnasa. Tá sé deimhnithe ag an gCoimisiún nach gcuireadh ina éadan an iarratais, a bhogann go dtí an chéim dheireanach den ghlacachta agus den chlárú.

Dúirt an tAire:

“Tá lúcháir orm gur dheimhnigh an Coimisiún Eorpach gur baineadh amach garsprioc mhór inár n-iarratas TGC féar-chothaithe. Táthar ag tabhairt faoi na céimeanna deiridh nós imeachta anois chun ‘Mairteoil Féar-Chothaithe na hÉireann’ a ghlacadh agus a chlárú mar TGC trasteorann, próiseas a dtuigim a chríochnóidh i gceann cúpla seachtain. Is iontach an scéal é seo agus is tacaíocht mhór é do cháilíochtaí agus inbhuanaitheacht ár mairteola féar-chothaithe. Aithním obair mo Roinne a chuir tús leis an bpróiseas tamall ó shin, obair Bhord Bia mar chomhiarratasóir ar son na dtáirgeoirí, agus na geallsealbhóirí a ghlac páirt sa phróiseas agus a chabhraigh leis an iarratas a thabhairt go dtí an chéim seo. Ina theannta sin, aithním iarrachtaí ár gcomhghleacaithe sa RA agus i dTuaisceart Éireann agus an comhiarratasóir an Coimisiún Beostoic agus Feola a ghlac páirt chun cuidiú leis an iarratas uile-oileánda seo a dhéanamh.”

Dúirt an tAire freisin:

“Cabhróidh stádas TGC do Mhairteoil Féar-Chothaithe na hÉireann chun aitheantas níos fearr a fháil d’iarrachtaí leanúnacha agus saineolas ár bhfeirmeoirí agus ár bpróiseálaithe chun táirge mairteola féar-chothaithe d'ardchaighdeán a tháirgeadh. Nuair a ghlacfar leis an TGC seo agus nuair a bheidh sé cláraithe ar bhonn foirmiúil beidh sé tábhachtach go mbainfear leas as deiseanna margaíochta an aitheantais seo agus gur féidir buntáistí ár mairteola féar-chothaithe a chur in iúl don tomhaltóir géarchúiseach ar spéis leo caighdeán agus inbhuanaitheacht. Mar chéad chéim eile, beidh mo Roinn i dteagmháil le Bord Bia maidir le grúpa monatóireachta TGC a bhunú agus muid ag dréim le deireadh an phróisis.”

Dúirt Jim O’Toole, Príomhfheidhmeannach Bhord Bia:

“Is nuacht an-dearfach é seo ón gCoimisiún. Le fada an lá, bhí sé mar aidhm ag tionscal mairteola na hÉireann stádas TGC a bhaint amach do mhairteoil féar-chothaithe hÉireann. Tá Bord Bia ag ullmhú do stádas TGC le roinnt blianta anuas, ó chur isteach an iarratais go faisnéis mhargaidh a reáchtáil chun an tuiscint is fearr a fháil ar dhearcaí i leith TGCanna. Tá pleananna margaíochta á bhforbairt againn do Mhairteoil TGC Féar-Chothaithe na hÉireann agus bainfimid leas as an deis seo ar mhaithe le feirmeoirí mairteola na hÉireann agus ar mhaithe le hearnáil na mairteola i gcoitinne.”

CRÍOCH