English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Deimhníonn an tAire McConalogue go leanfaidh Tionscnamh Bia LEADER ar aghaidh in 2021, le rátaí cúnaimh níos airde

Tá sé deimhnithe ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., go leanfaidh Tionscnamh Bia LEADER, a chuireann maoiniú ar fáil do bhia ceardaithe, do tháirgeoirí an-bheag agus táirgeoirí beaga bia nua agus atá ann cheana, ar aghaidh an bhliain seo chugainn le linn idirthréimhse CAP.

Dúirt an tAire McConalogue,

"Tá mé sásta go leanfaidh an clár tábhachtach seo ar aghaidh an bhliain seo chugainn, agus go mbeidh méadú ar an uasráta cúnaimh ó 50% go 75% ag teacht le hathruithe ar LEADER trí chéile. Leis an gcinneadh seo cinntítear go mbeidh maoiniú leanúnach ar fáil chun tacú le táirgeoirí an-bheag bia na táirgí atá acu a fhorbairt, le bealaí nua a aimsiú chun a dtáirgí a dhíol, agus chun tacú leis an ngeilleagar tuaithe ag an am thar a bheith tábhachtach seo."

Dúirt an tAire chomh maith,

"Tá mé ag iarraidh aitheantas a thabhairt do ghnólachtaí bia ceardaí agus do ghnólachtaí bia beaga a bhfuil nuálaíocht iontach léirithe acu a gcuid oibríochtaí a oiriúnú a chuidigh leo ceangal a dhéanamh le tomhaltóirí le linn 2020.

"Mholfainn do tháirgeoirí beaga bia a bpleananna a fhorbairt anois, le bheith faoi réir le hiarratas a dhéanamh nuair a osclóidh an chéad bhabhta eile d'iarratais in Aibreán 2021."

Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, " Is féidir leis an Tionscnamh Bia LEADER tacaíochtaí a chur ar fáil do sholáthróirí mhargaí áitiúla bia, a bhfuil ról tábhachtach acu maidir le hardán a thabhairt do tháirgí bia áitiúla ó fheirmeoirí áitiúla, do shaothróirí agus do tháirgeoirí bia. Molaim do na táirgeoirí sin leas a bhaint as na deiseanna maoinithe faoin Tionscnamh Bia seo, chomh maith leis na tacaíochtaí Stáit eile atá ar fáil d'fhiontraithe bia ar fud na tíre."

Leanfaidh an Tionscnamh Bia LEADER ar fiú €15 milliún é agus a bhfuil maoiniú faighte aige ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara faoin gClár Forbartha Tuaithe, de thacú le táirgeoirí bia agus dí i réimsí amhail (1) forbairt margaí, (2) iomaíochas, agus (3) nuálaíocht. Seolfar glao nua ar iarratais in 2021, ag leanúint den chéad ghlao ar fiú €5 milliún in 2018, a bhfuil ceaduithe eisithe dóibh. Is €200,000 an t-uasmhéid maoinithe a cheadaítear in aghaidh an tionscadail.

Nótaí d’Eagarthóirí:

In 2018 a seoladh Tionscnamh Bia LEADER a chuireann tacaíocht ar fáil do ghnólachtaí bia ceardaí, do ghnólachtaí bia an-bheag agus beaga agus do ghnólachtaí dí . Tá maoiniú faighte ag an mbearta ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara faoin gClár Forbartha Tuaithe agus cuirtear i bhfeidhm é trí Chlár LEADER faoi fhreagracht na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail (DRCD) agus mar chuid de Chlár na hÉireann um Fhorbairt na Tuaithe 2014-2020.

Cuireann Tionscnamh Bia LEADER tacaíochtaí airgeadais ar fáil do rannpháirtithe san earnáil bia ceardaí agus dí i réimsí amhail forbairt margaí, iomaíochas agus nuálaíocht chomh maith le hathchóiriú agus leathnú áiseanna táirgeachta agus trealamh próiseála a cheannach. Is iad na gnólachtaí incháilithe, gnólachtaí a bhfuil láimhdeachas bliantúil suas le €10 milliún acu agus a bhfuil níos lú ná 50 duine fostaithe acu. Déanann Grúpaí Áitiúla Gníomhaíochta íocaíochtaí LEADER ar thionscadail bunaithe ar an gcaiteachas a thabhaigh tionscnóirí tionscadail do thionscadail a bhfuil maoiniú curtha ar fáil dóibh.

Cuirfear tús leis an gclár idirthréimhseach an 1 Aibreán 2021 mar bheart idirthréimhseach idir deireadh Chlár LEADER 2014-2020 atá ann faoi láthair agus tús an chéad CAP AE eile, nach dócha go dtosódh sé go dtí 2023. Féadfar tionscadail nua a cheadú suas go dtí an 31 Nollaig 2022.

CRÍOCH