English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Deimhníonn an tAire McConalogue sceideal oiliúna i bpearsa do rannpháirtithe SCEP

Dheimhnigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD, an sceideal le haghaidh imeachtaí oiliúna i bpearsa inniu do rannpháirtithe an Chláir um Éifeachtúlacht Carbóin Bó Diúil (SCEP), mar a gealladh níos luaithe i mbliana nuair a seoladh an tairseach oiliúna SCEP ar líne.

Ó bhí an 9 Meán Fómhair ann, tá an oiliúint curtha i gcrích ag beagnach 5,400 duine ar líne, tréimhse mhaith roimh an spriocdháta, is é sin an 15 Samhain 2024. Tá 2,360 duine eile ag tabhairt faoi na modúil faoi láthair. Ciallaíonn sé sin go bhfuil 46% de rannpháirtithe uile SCEP tar éis logáil isteach ar an gcóras oiliúna SCEP cheana féin. Is í an rogha ar líne an rogha is fearr don chuid is mó de na rannpháirtithe, cibé acu rannpháirtithe lánaimseartha nó páirtaimseartha iad, ós rud é go mbeidh siad in ann tabhairt faoin oiliúint ar an dáta, an tráth agus an áit is fearr a oireann dóibh seachas iallach a bheith orthu a bheith i láthair ag suíomh ar leith dáta ar leith.

Dúirt an tAire McConalogue:

‘Cé go ndéanfaidh/go ndearna formhór na rannpháirtithe SCEP an oiliúint ar líne, i gcás na bhfeirmeoirí nach bhfuil rochtain ar an idirlíon ná ar na tacaíochtaí chun rochtain a fháil ar an oiliúint ar líne acu, tá roinnt imeachtaí oiliúna SCEP i bpearsa á reáchtáil ag mo Roinn do na daoine sin ar mian leo an oiliúint a dhéanamh i bpearsa seachas ar líne.’

Reáchtálfar an oiliúint SCEP i bpearsa ó 9.30 r.n. go dtí 2.30 i.n. ar na dátaí sa liosta thíos agus cuirfidh baill foirne ón Roinn na seacht modúl go léir i láthair do na rannpháirtithe SCEP nach bhfuil in ann an oiliúint a dhéanamh ar líne. Ní mór don lucht freastail clárú roimh ré agus a bheith i láthair ar feadh fhad iomlán na hoiliúna i bpearsa, a mhairfidh tuairim agus cúig uair an chloig, agus an t am chun síniú isteach agus amach as an oiliúint san áireamh.

Ní fhéadfaidh rannpháirtithe SCEP duine eile a ainmniú chun freastal ina n áit agus ní mór dóibh aitheantas fótagrafach a thabhairt leo chun a fhíorú go raibh siad i láthair.

Ionad Dáta Am Tosaigh Am Críochnaithe
Cill Chainnigh – Óstán Newpark Dé Luain, an 30 Meán Fómhair 2024 9.30 r.n. 2.30 i.n.
An Muileann gCearr – Óstán Bloomfield House Dé Máirt, an 1 Deireadh Fómhair 2024 9.30 r.n. 2.30 i.n.
Clár Chlainne Mhuiris – Óstán McWilliam Park Dé Céadaoin, an 2 Deireadh Fómhair 2024 9.30 r.n. 2.30 i.n.
An Ráth – Óstán Charleville Park Déardaoin, an 3 Deireadh Fómhair 2024 9.30 r.n. 2.30 i.n.
Bealach Féich – Óstán Jackson Dé hAoine, an 4 Deireadh Fómhair 2024 9.30 r.n. 2.30 i.n.

Ní mór don lucht freastail go léir síniú isteach agus cóip dá n aitheantas fótagrafach a thaispeáint sula dtosóidh an oiliúint ar 9.30 r.n. ar an toirt – beidh síniú isteach ar fáil ón 8.45 i.n. Ní mór don lucht freastail go léir síniú amach ag deireadh na hoiliúna.

Nótaí Tábhachtacha:

• Ní mór don lucht freastail clárú roimh ré don imeacht ar mian leo freastal air, ach:

o ríomhphost a sheoladh chuig scep@agriculture.gov.ie

o glaoch ar Dheasc Chabhrach RTBM ar 057 8674422 nó

o clárú i bpearsa ach cuairt a thabhairt ar an deasc SCEP i bpuball na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara ag Seastán 202 i Ró 12, Bloc 3 ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta ón 17 go dtí an 19 Meán Fómhair 2024

Maidir le daoine den lucht freastail nach gcláraíonn roimh ré, ní féidir a ráthú go bhfaighidh siad áit ar an lá má tá an t ionad lán nuair a thagann siad i láthair.

• Ní mór don lucht freastail fanacht ar feadh fhad iomlán na hoiliúna – rannpháirtithe a thagann i láthair tar éis an 9.30 r.n. nó a fhágann roimh an 2.30 i.n., measfar iad a bheith neamhchomhlíontach agus beidh orthu freastal ar imeacht oiliúna eile an oiliúint a chur i gcrích ina hiomláine ar líne. Ba cheart do rannpháirtithe déanamh cinnte de go mbeidh go leor ama taistil acu chun an suíomh oiliúna a bhaint amach in am, mar tosóidh an oiliúint ar 9.30 r.n. ar an toirt.

• Ní mór do lucht freastail SCEP freastal ar an oiliúint i bpearsa, ní fhéadfaidh siad duine eile a ainmniú chun freastal ina n áit. Féadfaidh siad duine eile a thabhairt leo le bheith in éineacht leo ar an lá, áfach, ach spás a bheith ar fáil sa seomra oiliúna ar an lá.

• Ní mór do gach rannpháirtí SCEP aitheantas fótagrafach a thabhairt leo an lá a bhfreastalóidh siad chun críoch fíoraithe. Mura gcuirtear aitheantas fótagrafach ar fáil, beidh ar an rannpháirtí freastal ar imeacht oiliúna eile nó an oiliúint a chur i gcrích ina hiomláine ar líne.

• Tá sos beag san áireamh sna huaireanta sceidealta a léirítear thuas.

• Ar mhaithe leis an oiliúint a chur i gcrích sa tréimhse ama is giorra agus is féidir, ní bheidh aon sólaistí ar fáil agus dá réir sin ba cheart don lucht freastail déanamh cinnte de go mbeidh go leor sólaistí acu le haghaidh fhad na hoiliúna.

• Is é an lucht freastail a bheidh freagrach as aon chostas a bhaineann le freastal ar an oiliúint i bpearsa.

• Níl aon íocaíocht i gceist le freastal ar an oiliúint i bpearsa.