Deimhnithe ag an Aire go mbeifear ag Leanúint de Thacaíochtaí chun BVD a Dhíothú
- Foilsithe: 23 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Leag an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue T.D., amach inniu an tacaíocht a thabharfaidh sé chun an tír a thabhairt saor ón nGalar Víreasach Buaibheach (BVD) faoi 2023 agus na tacaíochtaí leanúnacha óna Roinn maidir le Clár Díothaithe BVD.
Chuir an tAire in iúl go raibh sé sásta leis an dul chun cinn leanúnach atáthar a dhéanamh chun BVD a dhíothú. Thug an tAire ar aird go raibh sábháil shuntasach á déanamh ag feirmeoirí, agus líon na gcásanna dearfacha BVD in ainmhithe laghdaithe i mbliana ó 0.66 % in 2013 - an chéad bhliain den chéim éigeantach ar an gClár Díothaithe - go dtí 0.03 %.
Dúirt an tAire:
"Pointe cinniúnach é seo don chlár; tá an deis anois ann BVD a dhíothú. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfadh gach duine a gcuid chun é seo a thabhairt chun críche. Tá an-dul chun cinn déanta le cúpla bliain anuas agus ní mór dúinn ár ndícheall a neartú tuilleadh chun go n-éireoidh linn. Tá mo Roinn tiomanta do chlár feabhsaithe, clár atá aontaithe ag an nGrúpa Forfheidhmithe BVD; agus tá tacaíochtaí suntasacha geallta aici don dá bhliain amach romhainn."
"Molaim dúthracht leanúnach na bhfeirmeoirí don chlár díothaithe BVD agus mholfainn do gach duine tabhairt faoi dhícheall mór amháin eile chun tréad saor ó BVD a bhaint amach."
"Cuirfidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara tacaíochtaí níos mó ar fáil do thréada atá buailte ag an ngalar chun a chinntiú go bhfuil an baol atá ann i dtaobh cásanna eile den ghalar a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo a laghdú chomh maith leis an mbaol atá ann do thréada eile. Is deis í seo d'fheirmeoirí eallaigh na hÉireann a dtiomantas a chur in iúl a thuilleadh, agus a ndícheall a neartú chun go mbeidh an tréad náisiúnta saor ó BVD."
Is iad seo a leanas na tacaíochtaí a bheidh ar fáil in 2021 maidir le hainmhithe a bhfuil tástáil dhearfach BVD faighte ina leith a bhaint go luath:
Déiríocht
• €160 má bhaintear na hainmhithe baineanna déiríochta agus hainmhithe baineanna déiríochta crosálaigh laistigh de 10 lá ón gcéad tástáil dhearfach nó neamhchinnte.
• €30 má bhaintear na hainmhithe baineanna déiríochta agus hainmhithe baineanna déiríochta crosálaigh idir 11 agus 21 lá ón gcéad tástáil dhearfach nó neamhchinnte.
• €30 i dtreo laonna fireanna déiríochta a dhiúscairt i seamlas nó a thabhairt chuig an gcniogaire laistigh de 14 lá ón gcéad toradh tástála dearfach nó neamhchinnte.
Mairteoil
• €220 má bhaintear an t-ainmhí laistigh de 10 lá ón gcéad tástáil dhearfach nó neamhchinnte.
• €30 má bhaintear an t-ainmhí idir 11 agus 21 lá ón gcéad tástáil dhearfach nó neamhchinnte.
Srianta ar Thréada
Leanfar de shrianta uathoibríocha ar thréada agus fógra a thabhairt do chomharsana in 2021. Tá siad seo leagtha amach chun laonna PI a bhaint go gasta a spreagadh. Chun a chinntiú go gcoinnítear ionfhabhtú faoi smacht laistigh den tréad nochta, beidh srianta tréada i bhfeidhm 1 lá i ndiaidh an dáta a bhfaightear an chéad tástáil dhearfach BVD nó tástáil neamhchinnte.
Imscrúduithe na Seirbhíse Spriocdhírithe um Shláinte Ainmhithe (TASAH)
Dheimhnigh an tAire chomh maith go leanfar d'imscrúdú eipidéimeolaíochta éigeantach tréada, i ndiaidh tástála dearfaí nó neamhchinnte ar ainmhí a nochtadh. Cuirfidh an Roinn maoiniú ar fáil do thástáil iomlán tréada mar chuid den imscrúdú eipidéimeolaíochta in 2021, agus déanfaidh PVP gach feirmeoir gach ainmhí baineann incháilithe a vacsaíniú in aghaidh BVD in 2021 agus in 2022.
Dheimhnigh an tAire go bhfuil obair an Ghrúpa Forfheidhmithe fós ag déanamh meastóireacht ar na beartais atá de dhíth chun an Clár Díothaithe a thabhairt chun críche chomh luath agus is féidir.
Is léiriú iad na hathruithe a glacadh don bhliain 2021 ar na ceanglais sa Reachtaíocht um Shláinte Ainmhithe nua in Aibreán 2021 agus na hathruithe a bheidh de dhíth d'fhonn aitheantas oifigiúil don chlár ag leibhéal an AE a bhaint amach.
Mar fhocal scoir, ghlac an tAire an deis buíochas a ghlacadh le Sláinte Ainmhithe na hÉireann agus le Grúpa Forfheidhmithe an tionscail i leith BVD as an obair luachmhar a rinneadar i rith 2020.
Nótaí d'Eagarthóirí
Dlí um Shláinte Ainmhithe an AE
Chun na riachtanais faoi Dhlí um Shláinte Ainmhithe an AE a shásamh, ní mór d'Éirinn tréimhse 18-mí a bhaint amach gan aon nochtuithe d'ainmhithe atá ionfhabhtaithe le BVD go seasmhach, agus 99.8% d'fhorais eallaigh a bheith saor ó BVD, agus is ionann sin agus 99.9% d'áireamh bólachta ar fad.
Tástáil deimhniúcháin
Ní dhéanfar tástáil deimhniúcháin faoin gclár leasaithe.
Tacaíocht airgeadais maidir le tréada buailte
Feidhmeoidh an t-imscrúdú eipidéimeolaíochta mar chuid den chlár TASAH, faoin gClár Forbartha Tuaithe (RDP). Clúdóidh an DAFM an costas iomlán a bheidh i gceist le tréad iomlán a thástáil do BVD; chomh maith le hainmhithe baineanna incháilithe i ngach tréad buailte a vacsaíniú ar feadh tréimhse dhá bhliain mar chuid den imscrúdú tréada seo.
CRÍOCH