Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Deontais taighde luach €20 milliún fógartha ag an Aire McConalogue agus ag an Aire Heydon

Inniu d’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., agus an tAire Stáit, Martin Heydon, T.D., dámhachtainí taighde luach €20 milliún le haghaidh 24 tionscadal taighde a d’eascair as Gairm Taighde Iomaíoch 2021 na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire McConalogue nuair a bhí na dámhachtainí á bhfógairt aige,

“Is é atá mar aidhm leis an infheistíocht taighde a fógraíodh inniu a chinntiú go bhfuil ar chumas earnáil Agraibhia na hÉireann na cuspóirí uaillmhianacha atá sonraithe i Straitéis Fís don Bhia 2030 a chomhlíonadh. Tá sé seo suntasach i ndáil le Córas Bia inbhuanaithe a sholáthar a bhfuil ar a chumas soláthar bia atá sábháilte agus cothaitheach a chinntiú agus ag an am céanna an timpeallacht a chosaint”.

“Mar earnáil, ní mór dúinn iarracht leanúnach a dhéanamh dul i bhfeabhas agus a chinntiú go bhfuilimid ullamh don todhchaí. Ag croílár na n-iarrachtaí seo tá taighde atá maoinithe go cuí agus spriocdhírithe i réimse na haeráide agus na hinbhuanaitheachta. Chuige sin, cúis áthais dom an oiread sin deontas taighde a fhógairt. Ar an tslí seo, cinnteoimid go mbeimid in ann déileáil leis na dúshláin a bheidh le sárú againn agus go mbeimid in ann oibriú le chéile chun tairbhe gach duine san earnáil.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Heydon, atá freagrach as taighde agus forbairt:

“Díol suntais é an infheistíocht de bhreis is €12 milliún i 10 dtionscadal atá dírithe ar cheisteanna timpeallachta agus aeráide. Cabhróidh infheistíocht sna tionscadail seo le feirmeoirí Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2021 a chur i gcrích.

“Tá dhá thionscadal á gcómhaoiniú againn i dteannta leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil; baineann tionscadal amháin le bearta laghdaithe agus cuair costas gaolmhar chun astaíochtaí laghdaithe ó thalmhaíocht a éascú agus baineann ceann le hathfhliuchadh talamh feirme chun linnte carbóin a fheabhsú. Fáiltítear go mór roimh an dlúth-chomhoibriú le EPA i ndáil leis an dá thionscadal seo agus fianaise atá ann ar an tábhacht a bhaineann le comhordú agus comhoibriú i ndáil leis an gceist thábhachtach seo.’’

Bhí an méid seo a leanas le rá aige freisin,

“Tá roinnt tionscadal dírithe ar na bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann do shlándáil bia ag eascairt as athrú aeráide, agus scrúdaíonn tionscadal amháin an poitéinseal a bhaineann le foinsí próitéine a éagsúlú ar bhonn uile-oileáin, scrúdaíonn tionscadal eile níos mó rioscaí galair ó phaitaiginí veicteoir-iompartha a bhfuil tionchar acu ar ainmhithe agus ar dhaoine agus scrúdaíonn tionscadal eile fós na bagairtí a bhaineann le táirgeadh inbhuanaithe agus sábháilte sliogéisc.

“Cuirfidh go leor de na tionscadail atá á maoiniú le táirgeadh agus próiseáil inbhuanaithe. Scrúdóidh trí thionscadal, mar shampla, atá dírithe ar an earnáil foraoiseachta, an poitéinseal a bhaineann le rialachán aeráide a fheabhsú, bithéagsúlacht a fheabhsú agus réitigh inbhuanaithe adhmaid a éascú. Tá tionscadal nuálach eile dírithe ar phacáil inbhuanaithe agus seilfré feabhsaithe le haghaidh táirgí bia somheata, cosúil le héisc, agus ar an tslí sin, cabhrófar le dramhbhia agus truailliú plaisteach a laghdú agus ag an am céanna d’fhéadfaí iompar chuig margaí níos faide ó bhaile a éascú.

‘‘Tá fianaise le fáil freisin ar an ngealltanas atá tugtha ag mo Roinn i ndáil le ‘‘An Chomhshláinte’’ agus sábháilteacht bia sna tionscadail atá roghnaithe chun maoiniú a fháil. Scrúdaítear i dtionscadal amháin an tslí a bhfuiltear ag brath an iomarca ar fhrith-heilmintigh in earnáil na gcaorach, agus scrúdaítear mar chuid de thionscadal eile an comhchruinniú iarmhar agus paitaiginí in aoileach a úsáidtear le leathadh ar thalamh agus mar chuid de thionscadal eile fós scrúdaítear na rioscaí a bhaineann le mícreatocsainí in arbhar’’.

Ar aon dul le cuspóirí Fhís don Bhia 2030, tá tionscadail á maoiniú a bhfuil sé mar aidhm leo breisluach a chur le tionscal bia na hÉireann trí éagsúlú agus nuálaíochtaí i dtáirgí bia, cosúil le bonn fianaise a sholáthar le haghaidh táirgí plandaí breisluacha agus síolrú micreaghlasach i gcórais feirmeoireachta ceartingearacha. Beidh tionscadal eile fós dírithe ar phróifílí blais mairteola agus caoireola féarbheathaithe chun tacú le héilimh maidir le caighdeán, agus beidh tionscadal eile dírithe ar ghéineolaíocht a bheidh sé mar aidhm leis aschuir déiríochta ó bhólachtaí a fheabhsú.

Chomh maith leis sin, tharraing an tAire Heydon aird ar an bpointe go bhfuil roinnt tionscadal socheacnamaíoch roghnaithe le maoiniú a fháil lena n-áirítear tionscadal atá dírithe ar athnuachan ghlúine agus sócmhainní feirme a aistriú chuig glúnta níos óige, agus ag an am céanna cobhsaíocht airgeadais glúnta níos sine a chinntiú. Ina theannta sin, tá tionscadal amháin dírithe ar dheacrachtaí meabhairshláinte a shainaithint i measc an phobail feirmeoireachta agus clár oideachais shaincheaptha meabhairshláinte a fhorbairt chun eolas agus lorg cúnaimh i measc an phobail feirmeoireachta a fheabhsú.

‘‘Gné thábhachtach de na tionscadail a bhfuil maoiniú curtha ar fáil lena n-aghaidh, é béim a bheith á leagan ar aistriú eolais, agus tá pleananna ábhartha curtha ar fáil ag na dámhachtaithe lena n-iarratais. Tá sé mar aidhm leis an mbéim níos suntasaí a bheith á leagan ar aistriú eolais a chinntiú go mbaintear lántairbhe as aschuir agus tionchair ó na tionscadail mhaoinithe i rith shaolré na dtionscadal seo agus ina dhiaidh sin. Baineann tábhacht leis seo ó tharla béim a bheith á leagan ag an nGairm ar inbhuanaitheacht i gcomhthéacs na ndúshlán a bhaineann leis an aeráid faoi láthair agus an gá atá ann an méid atá sonraithe i bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2021 a chomhlíonadh.’’

Gné ar leith de na dámhachtainí taighde ar cuireadh fáilte roimpi í an ghné uile-oileáin agus tá an Roinn Talmhaíochta, Timpeallachta agus Gnóthaí Tuaithe i dTuaisceart Éireann (DAERA NI) ag soláthar suas le €2.4 milliún breise de mhaoiniú d’institiúidí atá lonnaithe i dTuaisceart Éireann a bhfuil baint acu le sé thionscadal taighde.

Bainfidh 19 nEagraíocht Feidhmithe Taighde tairbhe as na dámhachtainí a fógraíodh inniu, lena n-áirítear Teagasc, na hOllscoileanna agus na hInstitiúidí Teicneolaíochta. Soláthróidh an infheistíocht atá curtha ar fáil don 24 tionscadal deiseanna ardoideachais do 61 mac léinn iarchéime i bhfoirm Chéimeanna PhD (52) agus chéimeanna máistreachta (9) mar aon le post ar conradh le haghaidh taighdeoirí iardhochtúireachta agus taighdeoirí eile (59).

Mar fhocal scoir, bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire McConalogue,

‘’Beidh an infheistíocht atá déanta ag mo Roinn agus DAERA i dTuaisceart Éireann, luach breis is €22 milliún, mar bhonn le caipiteal daonna agus eolas eolaíochta a fhorbairt agus cuirfidh sé ar bhealach suntasach le nuálaíocht agus le hinbhuanaitheacht na hearnála agraibhia ar Oileán na hÉireann. Tá sé ag cur leis an €175.5 milliún a leithdháil mo Roinn ar chláir thaighde agraibhia náisiúnta agus idirnáisiúnta sa tréimhse ó 2011. Mar oileán bia comhroinnte, tá caidreamh oibre láidir bunaithe againn le DAERA agus cúis áthais dom go mbeidh an caidreamh oibre sin ag dul ó neart go neart.”

Tá an t-eolas ar fad maidir leis na dámhachtainí seo le fáil ag: Research and Codex

Nótaí do na heagarthóirí:

D’eascair na dámhachtainí as Gairm ar Thograí a seoladh faoi chlár taighde maoinithe iomaíoch a raibh an Roinn freagrach as.