English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

D’fhógair an tAire Heydon oscailt bhliain a trí den Scéim Feabhsúcháin Caorach d’iontrálaithe nua

Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, TD, go n-osclófar bliain a trí den Scéim Feabhsúcháin Caorach (SIS) d’iontrálaithe nua. Soláthraíonn SIS, a mhaireann cúig bliana, tacaíocht airgeadais ar fiú €100 milliún í ar fáil d'fheirmeoirí as céimeanna breise a ghlacadh chun leas a dtréada a fheabhsú.

Ag labhairt dó ar oscailt na scéime, dúirt an tAire Heydon:

“Tá lúcháir orm a fhógairt go bhfuil iarratais ar iontráil chuig an tríú bliain den Scéim Feabhsúcháin Caorach oscailte anois d’iontrálaithe cáilithe nua. Is é seo an tríú bliain de SIS, a thógann ar an dul chun cinn atá déanta ag an Scéim um Leas na gCaorach sa CBT roimhe seo. Léiríonn an scéim seo, a éascaíonn oscailt bhliantúil d’iontrálaithe nua, tiomantas leanúnach an Rialtais seo d’earnáil na gcaorach sna blianta amach romhainn.”

Tá an Scéim Feabhsúcháin Caorach á maoiniú faoi Phlean Straitéiseach CBT na hÉireann (CSP) 2023-2027. Tá leithdháileadh buiséid de €20 milliún sa bhliain ag an Scéim thar thréimhse an CSP. Faigheann feirmeoirí €12 in aghaidh na caorach pórúcháin in aghaidh na bliana as bearta leasa tréada a chur i gcrích.

Ní mór iarratais a dhéanamh ar agfood.ie. Is é 25 Márta 2025 an dáta oscailte d’iarratais. Is é 11.59i.n. ar an 29 Aibreán 2025 an spriocdháta d’iarratais.

DEIREADH


Nótaí d’Eagarthóirí

Maidir le Plean Straitéiseach CBT na hÉireann 2023-2027

Is comhpháirtíocht é comhbheartas talmhaíochta an Aontais Eorpaigh (CBT) idir an tsochaí agus an earnáil talmhaíocht a chinntíonn soláthar seasmhach beatha, a chosnaíonn ioncam na bhfeirmeoirí, a chosnaíonn an timpeallacht agus a choinníonn ceantair thuaithe beo bríomhar. Cuireann tíortha an Aontais Eorpaigh an CBT i bhfeidhm ar leibhéal náisiúnta le Plean Straitéiseach CBT don tréimhse 2023-2027.

Tugadh an Scéim Feabhsúcháin Caorach isteach chun sláinte agus leas ainmhithe a fheabhsú in earnáil na gcaorach. Cuireann an Scéim tacaíocht airgeadais ar fáil d'fheirmeoirí (€12 in aghaidh na caorach) as céimeanna breise a ghlacadh chun leas a dtréada a fheabhsú.

Tá an Scéim Feabhsúcháin Caorach cómhaoinithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus ag an AE. Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh chuig Item was unpublished or removed