D’fhógair McConalogue maolú ar rialacha Éagsúlaithe Barr in 2023
- Foilsithe: 16 Lúnasa 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., inniu go dtabharfaidh Éire fógra do Choimisiún an AE maidir lena rún leas a bhaint as maolú d’fheirmeoirí gránach maidir leis na rialacha éagsúlaithe barr do 2023. Tabharfaidh an t-athrú seo an tsolúbthacht uasta d’fheirmeoirí maidir lena gcinntí plandála sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn. Is cuid d’fhreagairt an AE ar ionradh na Rúise ar an Úcráin é maolú na rialacha seo. Tá sé dírithe ar aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní níos tromchúisí maidir le slándáil bia a bhaineann le hinfhaighteacht agus inacmhainneacht bia dhomhanda.
“Ba cheart breathnú ar an athrú seo mar chomhlánú ar na bearta atá glactha ag an Rialtas cheana féin in 2022 chun feirmeoirí na hÉireann a spreagadh chun níos mó barra curaíochta a fhás, rud a chuideoidh le tuilleadh bia a tháirgeadh”, a dúirt an tAire.
Maidir le 2024, dúirt an tAire McConalogue freisin,
“Tá m’oifigigh i dteagmháil le seirbhísí an Choimisiúin maidir le ceanglais Éagsúlaithe Barr agus Uainíocht na mBarr ó 2024 i leith. Tá áthas orm a fhógairt go bhfuil leagan hibrideach d’Éagsúlú Barr agus Uainíocht na mBarr, atá oiriúnach do chás na hÉireann, aontaithe leis an gCoimisiún Eorpach.”
Fógrófar tuilleadh eolais maidir leis na ceanglais um Éagsúlú Barr agus Uainíocht na mBarr ó 2024 sna seachtainí amach romhainn, nuair a bheidh an plé leis an gCoimisiún Eorpach tugtha chun críche.
Nótaí don Eagarthóir:
Laistigh den CBT reatha, cuireann Glasú agus Éagsúlú Barr go sonrach oibleagáidí ar fheirmeoirí curaíochta maidir le líon na mbarr nach mór a fhás, mar atá leagtha amach i dTéarmaí agus Coinníollacha na Scéime Buníocaíochta, atá ar fáil ar Item was unpublished or removed. I gcás feirmeoirí a bhfuil níos mó ná 10 heicteár (Ha) talún arúla, ach níos lú ná 30 Ha acu, ní mór ar a laghad dhá bharra a shaothrú. Dóibh siúd a bhfuil níos mó ná 30 Ha acu, beidh air/uirthi trí bharra ar a laghad a fhás. Mar aon le líon na mbarr, ní mór d’fheirmeoirí a chinntiú freisin nach mbíonn an príomhbharr ag fás ar bhreis agus 75% den talamh arúil agus dóibh siúd ar gá dóibh níos mó ná dhá bharr a fhás nach mbíonn an dá príomhbharr ag fás ar bhreis agus 95% den talamh.
Tá díolúintí áirithe ann do na rialacha éagsúlaithe barr seo – is é an príomhcheann go bhfuil díolúine acu siúd arb é féarach atá i gceist le breis agus 75% dá dtalamh.
Cé nach mbeidh Glasú ann laistigh den CBT nua, aistríodh gnéithe den Ghlasú go Dea-Riocht Talmhaíochta agus Comhshaoil (DRTC). Clúdaíonn DRTC 7 go sonrach “uainíocht na mbarr i dtalamh arúil seachas barra a fhástar faoi uisce.”
Tá leagan hibrideach d’Uainíocht na mBarr agus Éagsúlú Barr a oireann do chás na hÉireann aontaithe leis an gCoimisiún Eorpach:
Leanfaidh na rialacha reatha um Éagsúlú Barr d’fheidhm a bheith acu ar leibhéal na feirme:
- Beidh feidhm ag riail an 2 bharr maidir le hachar arúil idir 10 agus 20 Ha, agus nach mó an príomhbharr ná 75% den limistéar arúil.
- Beidh feidhm ag riail na 3 bharr maidir le hachar arúil níos mó ná 30 Ha, leis an bpríomhbharr nach mó ná 75% den limistéar arúil agus an dá phríomhbharr nach mó ná 95% den talamh arúil.
Agus
Beidh feidhm ag riachtanas nua um Uainíocht na mBarr ar leibhéal na dáileachta:
- Ní mór Uainíocht na mBarr a dhéanamh ar leibhéal na dáileachta i.e. ní mór an barr a athrú i ngach dáileacht faoi dheireadh na sraithe 4 bliana.
Díolúintí:
D’aontaigh Éire le roinnt díolúintí ó Uainíocht na mBarr agus Éagsúlú Barr araon, mar a leanas:
• Gabháltais níos lú ná 10 Ha de thalamh arúil,
• Gabháltais níos mó ná 75% den talamh arúil a úsáidtear le haghaidh féir nó foráiste luibheach eile, tailte ina mbán, saothrú barr léagúmach nó meascán de na húsáidí sin,
• Is féarach buan iad gabháltais níos mó ná 75% den limistéar talmhaíochta incháilithe, úsáidtear é chun féar a tháirgeadh nó chun foráiste luibheach eile a tháirgeadh.
Measfar go huathoibríoch go gcomhlíonann aon talamh orgánach deimhnithe, lena n-áirítear talamh atá ‘faoi athrú’, DRTC 7, fad a bheidh sé deimhnithe ag comhlacht creidiúnaithe.
Tá díolúine faighte ag Éirinn freisin ó Uainíocht na mBarr agus Éagsúlú Barr maidir le hidirbharr. Beidh feirmeoirí a gheallann 50% ar a laghad d’achar arúil ar leibhéal na feirme a chur in idirbharra gach blian AGUS GACH dáileacht in idirbharra a shíolrú thar an timthriall 4 bliana, díolmhaithe ó Éagsúlú Barr agus Uainíocht na mBarr.
Tá díolúine bhreise faighte ag Éirinn freisin ó Uainíocht na mBarr (beidh Éagsúlú Barr fós i bhfeidhm) i.e. beidh feirmeoirí a bhfuil níos lú talún acu ná 50 Ha ag fás níos mó ná 50% eorna dhíolmhaithe ó na riachtanais maidir le huainíocht na mbarr. Ní bheidh feidhm ag Uainíocht na mBarr maidir leis an limistéar faoi bharra ilbhliantúla, féara agus foráiste luibheach eile, agus faoin talamh atá suite ina bán. Fógrófar tuilleadh eolais maidir le díolúintí, cineálacha barr etc. sna seachtainí atá romhainn, nuair a bheidh an plé leis an gCoimisiún Eorpach tugtha chun críche.
Maolú in 2023
Chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní maidir le slándáil bia a bhaineann le hinfhaighteacht dhomhanda bia agus toisí na hinacmhainneachta agus, ag an am céanna, rannchuidiú le spriocanna Mhargadh Glas an AE, go háirithe na Straitéise Bithéagsúlachta agus Farm to Fork, tá foráil déanta ag an gCoimisiún Eorpach don fhéidearthacht solúbthacht a cheadú d’fheirmeoirí na talún arúla acu a úsáid le haghaidh táirgeadh bia faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1317 ón gCoimisiún.
Maidir le 2023, tá cinneadh déanta ag Éirinn leas a bhaint as an maolú seo ó chur i bhfeidhm DRTC 7 atá liostaithe in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115, Éagsúlú Barr agus Uainíocht na mBarr.
Is é an maolú do 2023 ná tacú le slándáil bia agus spreagtar feirmeoirí chun barra a chothú le haghaidh táirgeadh bia.