English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

D’fhógair na hAirí Heydon agus Healy-Rae Tascfhórsa um Fhoraoisí leagtha ag an nGaoth

Tar éis na stoirmeacha le déanaí, Stoirm Darragh agus Stoirm Éowyn, agus ag tabhairt faoi deara go bhfuil go leor foraoisí leagtha ag an ngaoth ar fud na tíre, tá an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, agus an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht speisialta as Foraoiseacht, Gairneoireacht agus Sábháilteacht Feirme, Michael Healy-Rae, tar éis cuireadh a thabhairt do phríomhpháirtithe leasmhara teacht le chéile le hoifigigh na Roinne ar thascfhórsa chun a chinntiú go ndéantar foraoisí a bhfuil damáiste déanta dóibh ag stoirmeacha a bhainistiú go sábháilte agus go cuí.

Dúirt an tAire Heydon:

“Is tréimhse dheacair é seo d’úinéirí foraoisí atá thíos leis de dheasca na stoirme. Beidh an tascfhórsa i gceannas ar fhreagairt chomhordaithe a chuimseoidh na páirtithe leasmhara go léir ar fud na hearnála.”

Dúirt an tAire Heydon:

“Tá sár-obair déanta ag BSL le cúpla lá anuas, agus tá a fhios agam go bhfuil foireann agus trealamh curtha ar fáil ag Coillte chun cabhrú lena n-iarrachtaí chun cumhacht a thabhairt ar ais agus chabhraigh sé le hÚdaráis Áitiúla in oibríochtaí glanta bóithre. Maidir le crainn a thit ar línte BSL, beidh oifigigh mo Roinne i dteagmháil go díreach le BSL go luath chun na saincheisteanna a bhaineann le foraoisí i gcóngaracht línte BSL a phlé.”

Dúirt an tAire Healy-Rae:

“Chonaic muid go léir lenár súile féin an scrios a tharla de bharr na stoirmeacha le déanaí, go háirithe Stoirm Éowyn. Is é an rud ba mhaith liom a dhéanamh ná a chinntiú, trí mo chuid oibre sa roinn agus trí bhunú an Tascfhórsa thiomnaithe seo, go ndéanfar cibé rud is gá a dhéanamh ar bhealach comhordaithe, agus go mbeidh riachtanais úinéirí foraoisí ag croílár na hoibre agus muid ag socrú cad is gá a dhéanamh.”

Beidh an Tascfhórsa a bhunóidh na hAirí comhdhéanta de pháirtithe leasmhara a dhéanfaidh ionadaíocht ar úinéirí foraoise, cuideachtaí foraoiseachta, Teagasc agus Coillte. Beidh sé mar bhonn ag freagairt na Roinne, agus na hearnála i gcoitinne, ar na stoirmeacha, le béim ar leith ar dhéileáil go sábháilte leis na ceantair mhóra foraoise a leagadh. Áireoidh sé seo plean maidir le tosaíocht a thabhairt do cheadúnais leagain i dtaca le damáiste stoirme, agus scrúdú ar aon cheisteanna a thiocfaidh chun cinn maidir le baint, iompar agus sábhmhuilleoireacht na gcrann leagtha.

Lean an tAire Healy-Rae ar aghaidh:

“Tá sé tábhachtach, chomh luath agus is féidir, go bhfaighimid measúnú náisiúnta ar an damáiste. Tuigim go bhfuil tús curtha ag Coillte agus ag mo Roinnse cheana féin leis an tasc seo a mheasúnú trí úsáid a bhaint as íomhánna satailíte, rud a sholáthróidh faisnéis go náisiúnta agus ag leibhéal na foraoise. Tuigim go bhfuil treoir eisithe d’úinéirí foraoisí trí mo Roinn agus Teagasc, agus an bhéim ag an gcéim luath seo ar shábháilteacht, ar a thábhachtaí atá sé gan bheith faoi dheifir chun tabhairt faoin obair, agus comhairle a fháil.”


Nótaí

D’fhoilsigh an Roinn Treoir maidir le Crainn a bheith Leagtha ag an nGaoth agus Damáiste Stoirme d’Úinéirí Foraoise an tseachtain seo caite:

Treoir maidir le Crainn a bheith Leagtha ag an nGaoth d’Úinéirí Foraoise.