Dhearbhaigh an tAire seoladh na Seirbhíse Comhairlí Spriocdhírithe maidir leis an mBithshlándáil le haghaidh Sláinte Ainmhithe (TASAH)
- Foilsithe: 4 Aibreán 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, TD, inniu, seoladh na Seirbhíse Comhairlí Spriocdhírithe maidir leis an mBithshlándáil le haghaidh Sláinte Ainmhithe (TASAH) chun tacú le feirmeoirí bearta bithshlándála a mheas agus a chur i bhfeidhm ar an bhfeirm.
Tá sé ríthábhachtach bithshlándáil mhaith a chleachtadh ar an bhfeirm, chun sláinte agus folláine ainmhithe a chosaint agus a fheabhsú, agus feabhas a chur ar an táirgiúlacht, chomh maith le sláinte an phobail a chosaint, trí laghdú a dhéanamh ar úsáid leighis fhrithmhiocróbaigh agus fhrithsheadánaigh ar an bhfeirm.
Cuirfear Seirbhís Chomhairleach spriocdhírithe le haghaidh sláinte ainmhithe ar fáil mar chuid den Bhithshlándáil TASAH arna maoiniú ag an gClár Forbartha Tuaithe, chun tacú le feirmeoirí ina bhfreagairt ar dhúshláin maidir le sláinte ainmhithe a sainaithníodh ar an bhfeirm. Cuirfidh Sláinte Ainmhithe Éireann an clár Bithshlándála TASAH saor in aisce seo i bhfeidhm.
Dúirt an tAire:
“Tá áthas orm a fhógairt go mbeidh maoiniú breise ann dar luach €8.2 milliún chun tacú leis an mBithshlándáil TASAH 2025. Beifear ábalta 30,000 measúnú bithshlándála a chur i gcrích ar fheirmeacha na hÉireann agus déanfar éascaíocht ar chláir smachta sheadánaigh ar fheirmeacha eallaigh agus caorach chomh maith le gabháltais eachaí, mar thoradh air sin”.
Bíonn cuairt feirme agus comhairliúchán saor in aisce leis an tréidlia i gceist leis an mBithshlándáil TASAH don fheirmeoir, chun comhairle a thabhairt maidir leis na bearta bithshlándála agus na moltaí chun smacht a fháil ar Bhuinneach Víreasach Bólachta, Galar Johne, agus Rineatraicéíteas Tógálach Buaibheach, an Bhithshlándáil a mheas ar fheirmeacha déiríochta ag baint úsáid as Bithscór Déiríochta (Bioscore Dairy), Seiceáil Chille (Cellcheck) agus comhairlí Bó Seisce le haghaidh tréad déiríochta, bithshlándáil eitinne, chomh maith le bithshlándáil in earnáil na muc/éanlaithe clóis, lena n-áirítear smacht Salmonella i ngabháltais muc agus Straitéis Rialaithe Seadán le haghaidh feirmeacha caorach, déiríochta, mairteola agus lao dhiúil agus gabháltais eachaí.
Ó bhí 2018 ann, chuir Sláinte Ainmhithe Éireann (AHI) TASAH Cineálach i bhfeidhm, ag cur oiliúint ar fáil do thréidlianna príobháideacha (PVPanna) chun a chur ar a gcumas seirbhísí comhairleacha maidir le sláinte agus folláine ainmhithe a sheachadadh ar an bhfeirm, chun cur le hinbhuanaitheacht an ghnó talmhaíochta, rialú na frithsheasmhachta frithmhiocróbaí agus frith-heilmintí, folláine agus pataigin nua agus atá ag teacht chun cinn.
Dúirt an tAire:
“Ba spreagadh mór é an clár seo agus rannpháirteachas na dTréidlianna Príobháideacha agus na bhfeirmeoirí araon, chun feabhas a chur ar tháirgiúlacht agus ar deireadh thiar, brabúsacht na bhfeirmeacha in Éirinn, trí dhíriú ar shláinte ainmhithe ag leibhéal feirme. Mar gheall ar Bhithshlándáil TASAH seo, ina dtógtar ar chláir den chineál céanna ar éirigh leo le blianta beaga anuas, laghdófar úsáid ábhair fhrithmhiocróbaigh ar na speicis uilig ar fheirmeacha na hÉireann agus ceadófar d’fheirmeoirí, in éineacht leis na PVPanna, díriú isteach ar na cúinsí sláinte ainmhithe a chuireann na dúshláin is mó roimh an bhfeirm.
Is féidir le feirmeoirí clárú ón lá inniu ar Sláinte Ainmhithe Éireann. Cuirfear deireadh leis an gclár ar 31 Deireadh Fómhair 2025.
CRÍOCH