Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Eisíonn an tAire McConalogue gairm ar mholtaí do thionscnaimh Laghdaithe Dramhbhia faoin gCiste Nuálaíochta agus Forbartha Tuaithe

D’eisigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue, T.D., gairm ar mholtaí do Thionscnaimh Laghdaithe Dramhbhia faoin gCiste Nuálaíochta agus Forbartha Tuaithe 2021.

Dúirt an tAire McConalogue

“Cuirfidh an cistiú seo feabhas breise ar an obair a cistíodh roimhe seo chun saincheist a shainaithint, díriú air agus dul i ngleic leis, atá ag dul i méid go han-tapa ní hamháin anseo in Éirinn ach go domhanda. Cruthaítear breis agus 1 milliún tonna de dhramhbhia gach bliain in Éirinn. Rachaidh na tionscnaimh seo i ngleic le cuspóir foriomlán an chiste chun fuinneamh a chur i ngeilleagar tuaithe trí chruthú post nuálach agus forbairt fiontraíochta inbhuanaithe a spreagadh. Is tábhachtaí anois ná mar a bhí riamh sa timpeallacht reatha dhúshlánach, go dtacaímid leis na tionscnaimh thábhachtacha seo agus go gcuirimid chun cinn iad.”

Baineann an ghairm ar mholtaí le seirbhísí a sholáthar chun tacú le tionscadail laghdaithe dramhbhia atá in ainm is dramhbhia a laghdú a chruthaíonn gnólachtaí bia, miondíoltóirí/mórdhíoltóirí nó soláthraithe i gceantair thuaithe. Is é an spriocdháta chun iarratais a sheoladh ar aghaidh 12:00 (meán lae) an 14 Aibreán 2021. Déanfar measúnú ar mholtaí trí phróiseas iomaíoch chun tionscadail a bheartaítear a chistiú.

Seo a leanas an cistiú atá ar fáil:

• €180,000 do mholtaí a bhaineann le tionscadail nuálacha laghdaithe dramhbhia a chur chun cinn agus/nó a fhorbairt atá in ainm is dramhbhia a laghdú a chruthaítear i gceantair thuaithe. Is é an méid uasta a íocfar le haon tionscadal €60,000 (gan CBL a áireamh). Bronnfar cistiú ar bhonn iomaíoch.

Ba cheart iarratais a dhéanamh tríd an bhfoirm iarratais ar an nGairm ar Mholtaí atá ar fáil www.gov.ie/en/publication/fb080-call-for-proposals-food-waste-reduction-2021/

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat