English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Hackett roimh cheadaithe don tráinse is déanaí den Scéim Feirmeoireachta Orgánaí & leagann sí béim ar shráidbhaile orgánach ag Craobh-chomórtais Treabhdóireachta

Chuir an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett fáilte inniu roimh eisiúint ceaduithe d'iarratasóirí ar an tráinse is déanaí den Scéim Feirmeoireachta Orgánaí. Tá 336 iarratasóir nua a rinne iarratas níos luaithe i mbliana ceadaithe agus cuirfidh sé seo 16,000 heicteár de thalamh a ndéantar feirmeoireacht orgánach air in Éirinn.

Dúirt an tAire:

"Tá an-áthas orm go bhfuil ceaduithe eisithe do na feirmeoirí seo agus go bhfuil thart ar 16,000 ha breise talún againn atá páirteach sa Scéim Feirmeoireachta Orgánaí. Tá suim agus tacaíocht don fheirmeoireacht orgánach ag fás i gcónaí.

Is féidir liom a dheimhniú freisin go n-osclófar an Scéim nua Feirmeoireachta Orgánaí le maoiniú €256mn d'iarratais ag tús mhí Dheireadh Fómhair agus go bhfanfaidh sí oscailte go dtí deireadh mhí na Samhna. Ba chóir d'fheirmeoirí leas a bhaint as an gcomhairle is déanaí óna gcomhairleoir feirme agus súil a chaitheamh ar na siúlóidí feirme ar fud na tíre roimh an oscailt seo. Mholfainn dóibh freisin an t-áireamhán CBT atá ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne a sheiceáil chun a n-íocaíocht fhéideartha a fheiceáil faoin Scéim nua Feirmeoireachta Orgánaí: https://cap-calculators.apps.rhos.agriculture.gov.ie/organic.

Tharraing an tAire Hackett aird freisin ar an Sráidbhaile Orgánach nua, comhoibriú idir an Roinn agus Skillnet Náisiúnta um Oiliúint Orgánaigh, ag an gCraobhchomórtas Treabhdóireachta mar shampla eile den spéis mhór san earnáil.

Thug an tAire faoi deara:

"Den chéad uair i stair chraobhchomórtas Treabhadh, beidh sráidbhaile orgánach tiomnaithe le feiceáil go soiléir ar an láthair, ag taispeáint an earnáil orgánach rathúil thar réimse leathan éagsúil seastán taispeántais. Leanann aitheantas ar tháirgeadh orgánach mar rogha tomhaltóirí atá neamh-dhíobhálach don chomhshaol ag fás agus tá ríméad orm mo Roinn a fheiceáil ag obair i gcomhar le Skillnet Náisiúnta um Oiliúint Orgánaigh chun freastal ar an éileamh méadaithe ar eolas san earnáil. Beidh suim láidir sa Sráidbhaile Orgánach ó fheirmeoirí, ó thionscal, agus ó thomhaltóirí araon agus guím gach rath ar gach taispeántóir sa sínseadh spreagúil seo leis an imeacht Treabhdóireachta 2022"

Dúirt Sean McGloin, Bainisteoir ar Skillnet Náisiúnta um Oiliúint Orgánach:

"Léiríonn an Sráidbhaile Orgánach an chaoi a bhfuil an talmhaíocht orgánach ag éirí an-inmharthana go tapa do go leor feirmeoirí – agus tá sé tábhachtach deis a thabhairt d'fheirmeoirí a bpróiseas cinnteoireachta a chur ar an eolas, agus roinnt táirgí iontacha orgánacha a bhlaiseadh faoi aon díon amháin freisin. Beidh na heagraíochtaí ábhartha go léir, ón Roinn, agus ó na Comhlachtaí Deimhniúcháin Orgánacha go léir i láthair chun ceisteanna a fhreagairt, agus beidh neart comhroinnt eolais ar fáil freisin ó chomhlachtaí comhairleacha ar nós Teagasc agus Cumann na gComhairleoirí Talmhaíochta (ACA)".

Ar deireadh mheabhraigh an tAire d'fheirmeoirí go bhfuil an lá oscailte mairteola Orgánaí Náisiúnta atá eagraithe ag Teagasc, Bord Bia agus DAFM ar siúl ar an 28 Meán Fómhair i gCo Thiobraid Árann.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ag https://www.teagasc.ie/news--events/national-events/events/organic-beef-open-day.php.


Nótaí don Eagarthóir

Tá an Sráidbhaile Orgánach suite ag Bloc 4, Sraith 12, Bloc 213

Lá Oscailte Mairteola Orgánach Náisiúnta ar fheirm John Purcell, Ross, Golden, Caiseal, Co Thiobraid Árann Eircode: E25 RP20 Dé Céadaoin, 28 Meán Fómhair 2022 ó 10am - 3pm.