English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Healy-Rae roimh rannpháirtíocht chomhoibritheach ag an gcéad Chruinniú den Tascfhórsa um Fhoraoisí leagtha ag an nGaoth

Tar éis cuireadh a fháil ón Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, agus ón Aire Stáit le freagracht as Foraoiseacht, Sábháilteacht Feirme agus Gairneoireacht, Michael Healy-Rae TD, reáchtáladh an chéad chruinniú den Tascfhórsa um Fhoraoisí leagtha ag an nGaoth maidin inné.

Dúirt an tAire Michael Healy-Rae:

“Fáiltím roimh an rannpháirtíocht ghníomhach, dhearfach agus cur chuige comhoibríoch ó na páirtithe leasmhara go léir ag an gcruinniú inné. Is léir gurb í an tosaíocht atá againn ná na húinéirí foraoiseachta ar chuir Stoirm Éowyn isteach go holc orthu.”

“Ag an gcéim luath seo táimid go léir ag dul i ngleic le scála an damáiste. Is cosúil go ndeachaigh an t-imeacht adhaimsire seo i bhfeidhm ar limistéar an-mhór foraoise. Bhí raon leathan plé ag cruinniú an Tascfhórsa, agus cuimsíodh ann an acmhainn chun an próiseas ceadúnaithe a bhrostú, cumas san earnáil an t-ábhar seo a bhaint agus na margaí don adhmad seo. Táim ag tnúth le leanúint leis an obair leis na baill nuair a bhuailfimid arís an tseachtain seo chugainn chun dul i ngleic leis an damáiste, agus chun comhairle agus cúnamh a thabhairt d’úinéirí foraoisí ar bhealach praiticiúil.”

Tá an Tascfhórsa i gceannas ar fhreagairt chomhordaithe a chuimsíonn páirtithe leasmhara ar fud na hearnála chun a chinntiú go ndéantar foraoisí a ndearnadh damáiste stoirme dóibh a bhainistiú go sábháilte agus go cuí.

DEIREADH


Nótaí d’Eagarthóirí

D’fhoilsigh an Roinn Item was unpublished or removed an tseachtain seo caite.