English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Healy-Rae roimh rannpháirtíocht na saineolaithe Eorpacha ag an Tascfhórsa um Fhoraoisí leagtha ag an nGaoth

Tá fáilte curtha ag an Aire Stáit le freagracht as Foraoiseacht, Sábháilteacht Feirme agus Gairneoireachta, Michael Healy-Rae TD, roimh rannpháirtíocht saineolaithe Eorpacha ag an Tascfhórsa um Fhoraoisí leagtha ag an nGaoth de chuid na hÉireann.

Dúirt an tAire Healy-Rae:

“Fáiltím roimh rannpháirtíocht an lae inniu lenár gcomhghleacaithe ón tSaoráid Riosca Foraoise atá tacaithe ag Forest Europe. Soláthraíonn an tsaoráid seo ardán comhoibríoch do thíortha agus do shaineolaithe Eorpacha chun comhar idirnáisiúnta a neartú, agus chun saineolas agus dea-chleachtas a roinnt, maidir le conas na tionchair ar fhoraoisí ó imeachtaí nádúrtha amhail gaoth, tine agus galair a bhainistiú. Is iomaí tír a d’fhulaing tubaistí nádúrtha comhchosúla a bhí ina gcúis le damáiste tubaisteach ón ngaoth, amhail Stoirm Éowyn. Tá rannpháirtíocht an lae inniu tábhachtach, agus chuala muid roinnt léargais úsáideacha ar an gcaoi a ndearna tíortha imeachtaí móra stoirme a bhainistiú ar fud na hEorpa.”

Dúirt Silvia Abruscato, an saineolaí sinsearach ag an Institiúid Eorpach Foraoiseachta, atá i gceannas ar Rúnaíocht na Saoráide Riosca Foraoise:

“Fáiltíonn muid roimh an deis teacht go hÉirinn agus taithí a roinnt, agus béim a leagan ar thábhacht na saoráide nuaí seo. Tá neart bagairtí agus dúshlán roimh ár bhforaoisí ar fud na hEorpa, agus ní mór dúinn comhoibriú agus foghlaim ó dhaoine eile chun athléimneacht ár bhforaoisí a fheabhsú. Inniu, tá léargais úsáideacha roinnte ag an Dr Christoph Hartebrodt, a bhfuil taithí fhairsing aige i mbainistíocht gaoithe agus riosca, ar conas iarmhairtí foraoisí leagtha ag an ngaoth a bhainistiú.”

Leag an Dr Hartebrodt béim ar a thábhachtaí atá sé na dúshláin agus na baic a mheas feadh an tslabhra soláthair, ó bhaint go seachadadh táirgí adhmaid chuig na margaí. Leag sé béim ar gan bheith ag déanamh deifir chun crainn a bhaint go dtí go mbeidh an t-iompar agus na margaí i bhfeidhm, agus go bhfanfaidh crainn leagtha ag an ngaoth atá fós ceangailte leis an bhfréamhphláta i riocht maith ar feadh tréimhse ama.

Forbróidh an Tascfhórsa um Fhoraoisí leagtha ag an nGaoth plean gníomhaíochta mionsonraithe anois ag tógáil ar an obair a críochnaíodh go dtí seo, agus úsáidfidh sé freisin saineolas ón tSaoráid Riosca Foraoise uile-Eorpach agus ó pháirtithe leasmhara eile le bheith mar threoir ag na chéad chéimeanna eile. Tá ceardlann beartaithe go luath i mí na Bealtaine mar bhonn eolais don phlean gníomhaíochta atá á fhorbairt faoi láthair.


Nótaí:


Saoráid Riosca Foraoise (FoRISK), le tacaíocht ó Forest Europe:

Thacaigh Forest Europe, próiseas deonach uile-Eorpach um beartas foraoiseachta, le bunú na Saoráide Riosca Foraoise nuaí (FoRISK) le linn an 9ú Comhdháil Aireachta de chuid Forest Europe in Bonn i mí Dheireadh Fómhair seo caite.

Tá sé mar aidhm ag an tSaoráid cabhrú le tíortha uile-Eorpacha teacht ar chomhthuiscint ar chuir chuige chun dul i ngleic leis na rioscaí foraoise is práinní agus tacú lena gcuid oibre trí:

• comhar agus líonrú idirnáisiúnta agus trasteorann maidir le bainistiú riosca tubaiste, oiriúnú foraoise agus athléimneacht a neartú a thuilleadh

• malartú eolais agus faisnéise a spreagadh laistigh den chomhéadan beartas-eolaíocht-cleachtas

• rannpháirtíocht réamhghníomhach leis an bpobal agus leis na meáin a mhéadú agus faisnéis a scaipeadh i bhformáid inrochtana agus oiriúnach.

Is í an Institiúid Eorpach Foraoiseachta a sholáthraíonn Rúnaíocht na Saoráide atá bunaithe in Bonn na Gearmáine.

Thug Silvia Abruscato agus an Dr Christoph Hartebrodt ó Rúnaíocht na Saoráide Riosca Foraoise (bunaithe in EFI Bonn) aitheasc don Tascfhórsa um Fhoraoisí leagtha ag an nGaoth.

Tá saineolas fairsing ag an Dr Christoph Hartebrodt ar riosca foraoise le béim ar leith ar ghaoth. Is Saineolaí Sinsearach í Silvia Abruscato san Institiúid Eorpach Foraoiseachta agus tá sí ag comhordú fhorbairt agus chur chun feidhme oibríochtúil na Rúnaíochta don tSaoráid Riosca Foraoise Uile-Eorpach (FoRISK).


Staidreamh maidir le Ceadúnú Foraoise

Faoi láthair tá ceadúnas leagain crann ag breis is 60% den limistéar de chrainn a leagadh leis an ngaoth.