English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Heydon roimh iarratais ar an gClár Deontais um Leas Ainmhithe 2025

Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, TD, fáilte inniu roimh iarratais ó Charthanais Leasa Ainmhithe chláraithe in Éirinn ar mian leo cur isteach ar mhaoiniú faoin gClár Deontais um Leas Ainmhithe 2025.

Faoin gClár, cuireann an Roinn deontais ar fáil chun tacú le gníomhaíochtaí oibríochtúla na gCarthanas Leasa Ainmhithe cláraithe, chun tacú leo a gcuid seirbhísí cúraim ainmhithe agus leasa ainmhithe a sholáthar.

Anuraidh, chuir an Roinn maoiniú de bheagnach €6 mhilliún ar fáil do 101 carthanas leasa ainmhithe ar fud na tíre. Sháraigh an figiúr a bronnadh gealltanas an Chláir Rialtais roimhe seo chun an maoiniú €2.4 milliún a bhíodh ar fáil do charthanais leasa ainmhithe ó bhuiséad 2020 a dhúbailt.

Tugadh idir €4,000 agus €931,750 do charthanais agus an mheáníocaíocht a bhí ann ná €59,342. Aithnítear leis an maoiniú seo an tábhacht a bhaineann leis an ról a imríonn carthanachtaí den sórt sin chun cúram a thabhairt d’ainmhithe leochaileacha, san oideachas agus in ardú feasachta chun leas ainmhithe a fheabhsú, rud atá ábhartha go háirithe chun úinéireacht peataí fhreagrach a spreagadh.

Inniu, agus an ghairm ar iarratais á seoladh aige, dúirt an tAire Martin Heydon:

“Tá leas ainmhithe mar thosaíocht agamsa agus ag an Rialtas seo, agus mar aitheantas ar thiomantas mo Roinne do leas ainmhithe agus do dhíograis agus d’obair chrua na foirne agus oibrithe deonacha ó eagraíochtaí leasa ainmhithe, tá lúcháir orm a fhógairt go bhfuil tús curtha leis an bpróiseas iarratais ar dheontas do Chlár Deontais um Leas Ainmhithe na bliana seo.”

Leanfaidh an próiseas iarratais próiseas dhá chéim:

• Foirm A ina n-iarrfar ar iarratasóirí iarratas tosaigh a chur isteach ina leagfar amach conas a chomhlíonann siad na critéir incháilitheachta do na deontais.

• Iarrfar ar iarratasóirí a mheasfar a bheith incháilithe sa chéad chéim seo Foirm B a chur isteach, a bhailíonn faisnéis ó iarratasóirí ar chineál a ngníomhaíochtaí leasa ainmhithe agus cad atá beartaithe acu a dhéanamh leis an deontas, má éiríonn lena n-iarratas.

Mar fhocal scoir, thug an tAire aitheantais d'obair chrua eagraíochtaí leasa ainmhithe:

“Tá earnáil dheonach láidir, ghníomhach in Éirinn atá tiomanta do leas ainmhithe, agus ba mhaith liom an deis seo a thapú chun aitheantas a thabhairt dá n-iarrachtaí, dá dtiomantas agus dá ndúthracht chun saincheisteanna leasa ainmhithe a chosc agus ainmhithe atá géillte, tréigthe agus i mbaol a chosaint agus aire a thabhairt dóibh.”

Tá tuilleadh sonraí, lena n-áirítear an fhoirm iarratais ar dheontas agus an spriocdháta d'iarratais, ar fáil ag: gov.ie - Animal Welfare nó trí ríomhphost ó: welfaregrants@agriculture.gov.ie