Fáiltíonn an tAire Heydon roimh sheoladh ‘Fís do Thalmhaíocht agus Bia’ an Choimisiúin Eorpaigh
- Foilsithe: 19 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 21 Feabhra 2025
‘Feirmeoireacht agus táirgeadh bia a dhéanamh tarraingteach agus inmharthana don ghlúin reatha agus do na glúnta atá le teacht’
Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, fáilte inniu roimh fhoilsiú ‘Fís do Thalmhaíocht agus Bia’ an Choimisiúin Eorpaigh. Is teachtaireacht ardleibhéil í seo ón gCoimisiún a chuireann béim ar thábhacht straitéiseach na hearnála agraibhia do thodhchaí an Aontais Eorpaigh ina iomláine.
Dúirt an tAire Heydon:
“Cuireann an earnáil agraibhia go mór le tosaíochtaí an AE maidir le hiomaíochas, nuálaíocht agus forbairt tuaithe; chomh maith le bheith ríthábhachtach do chuspóirí an AE maidir le gníomhú ar son na haeráide agus cosaint an chomhshaoil. Tá slándáil bia ríthábhachtach do shlándáil eacnamaíoch an AE agus níor cheart talamh slán a dhéanamh di. Bíodh is nach féidir linn teacht roimh thoradh na caibidlíochta maidir le Buiséad an AE (MFF), creidim go soláthraíonn an Fhís bonn d’argóint láidir ar son CBT atá láidir agus maoinithe go hiomlán sa chéad Bhuiséad AE eile.”
“Táim ag tnúth leis an bhFís a phlé leis an gCoimisinéir Talmhaíochta agus Bia, Christophe Hansen, agus le mo chomh-Airí ag an gComhairle Agra-iascaigh sa Bhruiséil Dé Luain seo chugainn (24 Feabhra).”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Heydon an méid seo a leanas:
“In Éirinn, tá ár straitéis ‘Fís don Bhia 2030’ bunaithe ar chur chuige comhoibríoch a bhfuil baint ag páirtithe leasmhara ar fud na hearnála leis. Tá sé mar aidhm aige Éire a bheith ina ceannaire domhanda i gcórais bhia inbhuanaithe - ó thaobh inbhuanaitheacht eacnamaíoch, shóisialta agus comhshaoil de. Fáiltím roimh an gcur chuige céanna atá á ghlacadh ag an gCoimisiún, ag aithint a thábhachtaí atá rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara i gceapadh beartais; agus an tábhacht a bhaineann le gach gné den inbhuanaitheacht.”
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí
D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach Teachtaireacht inniu (19 Feabhra) dar teideal “Fís do Thalmhaíocht agus Bia -Earnáil tharraingteach feirmeoireachta agus agraibhia a mhúnlú le chéile do na glúnta atá le teacht”.
Leagtar amach sa Teachtaireacht seo fís do chóras agraibhia na hEorpa suas go dtí 2040 agus léirítear treochlár inti chun a áirithiú go n-oibreoidh gach beartas gaolmhar nó nasctha i gcomhréir leis an bhFís seo. Tógann téamaí na Teachtaireachta seo ar an tuarascáil ilpháirtithe leasmhara maidir leis an Idirphlé Straitéiseach ar Thodhchaí Thalmhaíocht an AE a sheol Uachtarán an Choimisiúin von der Leyen in 2024.