Fáiltíonn an tAire Heydon roimh thorthaí diúltacha tástála ó shamplaí éanlaithe i Muineachán
- Foilsithe: 21 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 26 Feabhra 2025
Tá fáilte curtha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, roimh dheimhniú go bhfuil toradh diúltach ann ó shamplaí a tógadh ó ealta éanlaithe i Muineachán.
Dúirt an tAire an méid seo a leanas:
“Tá feirmeoirí éanlaithe clóis ar fud na tíre buartha, agus a n-ábhar acu, faoi bhagairt fhliú na n-éan. Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil toradh diúltach ar thástáil d’fhliú na n-éan ar shamplaí a tógadh ó ealta éanlaithe i Muineachán ar an Déardaoin. Bíodh is gur ábhar mór faoisimh é seo d’fheirmeoirí éanlaithe clóis go háitiúil, agus go deimhin d’earnáil éanlaithe clóis na hÉireann ar fad, is meabhrúchán tráthúil é freisin ar an ngá atá le gach céim is féidir a ghlacadh chun ár n-éanlaith chlóis a chosaint. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a bhí bainteach le freagairt chomh héifeachtach sin don eachtra seo, lena n-áirítear an feirmeoir a thuairiscigh é, an cleachtóir tréidliachta a thug fógra faoi, agus oifigigh na Roinne san Oifig Tréidliachta Réigiúnach agus sna Saotharlanna.”
Leag an tAire béim ar thábhacht na bithshlándála:
“Is í an bhithshlándáil an bealach aonair is éifeachtaí chun an víreas a chosc ó leathnú ó éin fhiáine isteach in éanlaith chlóis, nó idir ealtaí éanlaithe clóis. Ní mór don té a bhfuil éanlaith chlóis nó éin ar coimeád aige réamhchúraimí dochta a thógáil agus na caighdeáin bhithshlándála is airde a chur i bhfeidhm chun do chuid ealtaí a chosaint ó bhagairt an fhliú éanúil, agus chun an earnáil éanlaithe clóis in Éirinn a chosaint.” Éilíonn an t-ordú tithíochta a thug mé isteach, a bhí i bhfeidhm ón Luan 17 Feabhra, go gcuirfí éanlaith chlóis agus éin ar coimeád taobh istigh agus cuireann sé cosc ar bhailiú éan, chun iad a chosaint.”
Ó thús mhí na Nollag, aimsíodh ionfhabhtuithe an fhliú éanúil sé huaire in éin fhiáine in Éirinn; ceann amháin i gCo. na Gaillimhe ag tús mhí na Nollag, ceann i gCo. Bhaile Átha Cliath níos déanaí i mí na Nollag, ceann i gCo. Dhún na nGall i lár mhí Eanáir, agus ceann i gCo. na hIarmhí agus ceann eile i gCo. Loch Garman go déanach i mí Eanáir, agus agus an séú ionfhabhtú i gCo. Chill Mhantáin i lár mhí Feabhra.
Moltar don phobal gan éin fhiáine atá breoite nó marbh a láimhseáil agus tuairisc a thabhairt ar aon eachtra d’éin fhiáine atá breoite nó marbh dá nOifig Tréidliachta Réigiúnach nó, más rud é go dtarlaíonn sé lasmuigh d’uaireanta gnó, dul i dteagmháil leis an mBeolíne Éigeandála Galair Náisiúnta ar 01 492 8026. Leanann an Roinn de mhonatóireacht agus measúnú a dhéanamh go dlúth ar chás an ghalair agus bíonn sí i dteagmháil rialta le páirtithe leasmhara an tionscail agus a gcomhghleacaithe i dTuaisceart Éireann.
Tá tuilleadh eolais, lena n-áirítear nuashonrú teicniúil mionsonraithe, ar fáil ag Item was unpublished or removed. ]