English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire McConalogue roimh an Athbhreithniú Bliantúil ar Thalmhaíocht agus Úsáid Talún, Athrú ar Úsáid Talún agus Foraoiseacht leis an gComhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide

Leis an athbhreithniú, tarraingítear aird ar an dul chun cinn a rinne an earnáil agus déantar moltaí le haghaidh dul chun cinn amach anseo

D’fháiltigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D, Martin Heydon T.D agus an Seanadóir Pippa Hackett roimh fhoilsiú an Athbhreithnithe Bhliantúil ar an earnáil Talmhaíochta agus Úsáide Talún, Athraithe ar Úsáid Talún agus Foraoiseachta (LULUCF) leis an gComhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide. Leis an athbhreithniú, tarraingítear aird ar staid na himeartha san earnáil agus déantar moltaí chun dul chun cinn a dhéanamh amach anseo.

Agus é ag trácht ar an athbhreithniú, dúirt an tAire McConalogue an méid seo a leanas:

“Is amhlaidh atá an tuarascáil seo ag teacht go mór leis na beartais agus na straitéisí atá á gcur chun cinn againne – an Rialtas agus an earnáil i gcomhar lena chéile. Is léir go bhfuil rath ar an obair seo ós rud é go bhfuil astaíochtaí Talmhaíochta ag ísliú. Tá cuid mhór de na moltaí sa tuarascáil á ndéanamh cheana agus tá sé ina chuidiú a fheiceáil go n-aithníonn an Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide an dul chun cinn atá á dhéanamh san earnáil chun a cuid gealltanas a chomhlíonadh. Rinneadh dul chun cinn suntasach anuraidh, 2023, ar chúrsaí talmhaíochta agus tháinig laghdú de 4.6% ar astaíochtaí i gcomparáid leis an mbliain 2022. Léiríonn sé seo na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag feirmeoirí ar an talamh ach spreagtar muinín leis freisin chun leanúint de na hiarrachtaí sin de réir mar a fhéachaimid le laghdú de 25% a bhaint amach in astaíochtaí gás ceaptha teasa don talmhaíocht faoi 2030.”

Tá bunús láidir leagtha síos ag an talmhaíocht chun treocht anuas ar astaíochtaí a sheachadadh sna blianta amach romhainn. Léiríonn an Rialtas gealltanas na hearnála feirmeoireachta astaíochtaí a laghdú trí mhaoiniú de thart ar €4.1 billiún a sholáthar, mar thaca le cleachtais agra-chomhshaoil faoin gComhbheartas Talmhaíochta reatha chomh maith le hinfheistíocht shuntasach i dtaighde agus forbairt.

Agus tagairt á déanamh aige do na tionscnaimh bheartais atá i bhfeidhm, lean an tAire McConalogue air, á rá:

“A bhuí leis na cláir a thug an Rialtas seo isteach amhail an Scéim Timpeallachta Tuaithe Talmhaíochta agus Aeráide (ACRES) is fiú €1.5 billiún, tugtar spreagadh d’fheirmeoirí tabhairt faoi réimse leathan de bhearta timpeallachta. Chun tacú leis an aidhm atá againn 1 teireavatuair de bhithmheatán a tháirgeadh faoi 2025, sheol mé an Straitéis Náisiúnta Bithmheatáin i mí na Bealtaine. D’fhógair mé freisin go raibh maoiniú de €40 milliún daingnithe agam chun tús a chur leis an earnáil bithmheatáin in Éirinn agus is féidir liom a dheimhniú gur cuireadh 23 iarratas isteach ar an Deontas Caipitil Bithmheatáin chun an uaillmhian sin a chur chun cinn.”

“Tá scéimeanna tugtha isteach agam lena bhfuil astaíochtaí á mbrú síos, lena n-áirítear soláthar €300 milliún chun astaíochtaí eintreacha a laghdú trí chláir feabhsaithe ghéinitigh amhail na Scéimeanna maidir le hÉifeachtúlacht Carbóin Mairteola Lao (SCEP) agus Leas Mairteola Déiríochta, an Clár Náisiúnta Géinitíopa agus cuimsiú an chuspóra aeráide san Innéacs Eacnamaíoch le haghaidh Pórú.”

Dúirt an tAire Stáit atá freagrach as taighde agus nuálaíocht Martin Heydon T.D. an méid seo a leanas:

“Tá nuálaíocht lárnach chun earnáil talmhaíochta eacnamaíoch, atá inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair de, a áirithiú in Éirinn. Sin an fáth a bhfuil cuid mhór infheistíochta á déanamh ag mo roinnse i dtaighde a bhaineann leis an aeráid chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag feirmeoirí ar chleachtais teicneolaíochta agus bhainistíochta cheannródaíocha. Is é a tháinig as tionscadail amhail Meth-abate agus Greenbred a dtacaítear leo le maoiniú ó mo roinnse, dul chun cinn eolaíoch suntasach sa réimse a bhaineann le meatán a laghdú i mbreiseáin bheathaithe agus straitéisí um pórú astaíochtaí ísle. Ní mór dúinn leanúint den obair nuálach sin a mhaoiniú agus níos luaithe i mbliana, d’fhógair mé infheistíocht bhreise de €6.2m i dtionscadail maolaithe agus oiriúnaithe athraithe aeráide.”

Luaigh an tAire Heydon freisin an taighde ar thacaigh RTBM leis i réimse na mbreiseán beatha amhail 3-níotrocsaprópánól (3-NOP) agus an méid seo a leanas á rá aige:

“Táthar réidh leis na teicneolaíochtaí sin a rolladh amach ar fheirmeacha de chuid na hÉireann anois. Tar éis faomhadh a fháil ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, baineadh triail as táirge 3-NOP ar 18 bhfeirm Signpost de chuid Teagasc in 2023 agus 2024. Is léir ó na torthaí gur tháinig laghdú suas le 30% ar Mheatán le linn cur faoi dhíon. Is fíorthorthaí iad sin d’fheirmeoirí agus don timpeallacht – agus taighde á thógáil ón tsaotharlann agus isteach sna páirceanna ar mhaithe leis an uile dhuine.”

Dúirt an tAire Stáit um Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, an méid seo a leanas:

“Tá an ceart ag an gComhairle a rá gur gá don Rialtas beartais a chur chun feidhme a thagann le cuspóirí fadtéarmacha maidir leis an aeráid agus leis an mbithéagsúlacht. Tá a fhios againn gur gá dúinn dul i ngleic le cáilíocht an uisce freisin, agus tá na trí rud sin uile á ndéanamh againn trí roinnt scéimeanna. Tarraingítear aird ar rath na Scéime um Fheirmeoireacht Orgánach go háirithe, agus an limistéar talún atá á shaothrú gan leasachán ceimiceach, lotnaidicídí ná luibhicídí á mhéadú faoi thrí ó 2020. Ach oiread leis an mbeart maidir le báinseacha ilspeiceas agus sadhlas seimre deirge, tá a fhios againn go bhfuil rath ar an scéim um fheirmeoireacht orgánach d’fheirmeoirí agus is eol dúinn go bhfuil rath uirthi don timpeallacht, mar sin is gá dúinn leanúint de bheith ag infheistiú ina rath cruthaithe maidir le beart a dhéanamh de réir briathair don aeráid, don bhithéagsúlacht agus do cháilíocht an uisce.

San fhoraoiseacht, táimid ag leanúint den eastát foraoise a leathnú ach nílimid ag déanamh amhlaidh de réir an scála a theastaíonn uainn. Creidimse gur cinnte go bhfuil athrú ó bhonn le brath ón taobh sin de: tá an riaráiste maidir le ceadúnais leagtha réitithe, déileáladh le moill ar fhormheas státchabhrach a fháil ón gCoimisiún, moill a mhair ar feadh bliana nach mór, agus tá maoiniú an-fhlaithiúil curtha i bhfeidhm againn d’fheirmeoirí chun crainn a chur trí phacáiste is fiú €1.3 billiún. Gheallamar agaí slánúcháin níos gairide agus aschur níos fearr a sholáthar do cheadúnais nua agus tá an méid sin á dhéanamh againn, agus maidir le ceadúnais foraoisithe nua, bhí na méideanna is airde díobh dá raibh ann le dhá bhliain anuas le brath an mhí seo caite, i mí Lúnasa 2024. Mar sin, tá na bloic thógála uile faoi réir agus oibreoimid gan stad gan staonadh le feirmeoirí, foraoiseoirí agus pobail áitiúla chun na tairbhí iomadúla a bhaineann leis an bhforaoiseacht don aeráid, don dúlra, d’uisce, d’adhmad agus do dhaoine a chur in iúl.”

Tharraing an tAire McConalogue aird ar an laghdú suntasach ar dhíolacháin leasacháin nítrigine, rud a fhágann gurb amhlaidh go bhfuil an sprioc sin sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide faoi bhun an leibhéil atá socraithe do 2030 cheana.

“Tháinig méadú 15% ar úsáid úiré cosanta in 2023, rud a sheas do 22% de leasacháin nítrigine aon ábhair in 2023, i gcomparáid le 49% CAN agus 29% úire neamhchosanta. Ní mór go leanfaí den athrú sin sa dearcadh iompraíochta agus léiriú is ea é ar thiomantas an phobail feirmeoireachta i leith an athraithe aeráide. Leanfaidh an rialtas de bheith ag tacú leis an dea-obair sin.”

Ina theannta sin, gheall an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara maoiniú a thabhairt chun dlús mór a chur le forbairt AgNav, comhoibriú atá san ardán sin idir Teagasc, Cónaidhm Phórú Eallaigh na hÉireann (ICBF) agus Bord Bia. Soláthraíonn AgNav measúnú inbhuanaitheachta feirme iomlán agus áirítear ann feidhm tacaíochta cinnidh (uirlis réamhaisnéiseora), rud a fhágann gur féidir pleananna dírithe ar eolaíocht a dhéanamh d'fheirmeacha aonair chun astaíochtaí a laghdú agus ceapadh carbóin a mhéadú. Leag an tAire McConalogue béim ar obair thábhachtach chomhoibritheach a Roinne, Teagasc agus an GCC maidir leis an bhFardal a bheachtú.

“Mar thoradh ar na mionchoigeartuithe fardail sin, rinneadh coigeartuithe i ndáil leis na hastaíochtaí a bhaineann le meáchan beo agus le meánmhéadú laethúil ar mheáchan. Tríd an gcur chuige athbhreithnithe sin, déantar rianú níos fearr freisin ar na hathruithe ar aois mharaithe a tharla le deich mbliana anuas nó mar sin.”

“Rinneamar dul chun cinn dearfach le roinnt blianta anuas mar is léir ó na laghduithe a baineadh amach, ach tá níos mó le déanamh againn agus tá an pobal feirmeoireachta gafa go hiomlán le tacú leis an earnáil, agus tá an Rialtas tiomanta dó sin freisin, chun cuspóirí aeráide a bhaint amach agus earnáil bhríomhar agus inmharthana a chothú”, a dúirt an tAire mar fhocal scoir.

CRÍOCH