English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire McConalogue roimh an Lá ‘Cuir Stop le Cur Amú Bia’ 2022

Mheabhraigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., tomhaltóirí inniu, an Lá ‘Cuir Stop le Cur Amú Bia’, smaoineamh go criticiúil faoin méid bia a chuirimid amú.

Dúirt an tAire McConalogue:

“Nuair a smaoinímid ar chur amú bia, ritheann an méid bia a chuirimid inár n-araidí dramhaíola linn. Ach ní smaoinímid i gcónaí ar an bhfáth go bhfuil sé á chur againn iontu. Glacaimis an t-am inniu chun smaoineamh faoin gceist sin agus cén bia a chuirimid amú, cé mhéid bia a chuirimid amú agus an fáth go gcuirimid amú é a thuiscint. Is féidir le gach duine againn oibriú i dtreo an méid bia a chuirimid amú a laghdú, agus cabhróidh sé sin linn, ar a uain sin, ár lorg carbóin a laghdú.”

Tá mar chuspóir ag Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide na hÉireann cur amú bia a laghdú 50% faoin mbliain 2030. Tagann le sprioc amháin de Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 12 na NA ‘an cur amú bia domhanda in aghaidh an duine ar leibhéal miondíola agus tomhaltóra a laghdú 50% agus caillteanais bhia a laghdú feadh na slabhraí táirgthe agus soláthair (caillteanais iarfhómhair san áireamh) faoin mbliain 2030’ agus le gealltanais na Físe don Bhia 2030 maidir le cur amú bia a laghdú.

Díríonn an Lá Stop a Chur le Cur Amú Bia ar ‘Fiúntas a Bhaint as Dátaí faoinar Cheart é a Úsáid’ leis an méid seo a leanas a chur in iúl do dhaoine:

  • 1 is é bia a ghabhann thar a dháta faoinar cheart é a úsáid an phríomhchúis go bhfuil bia á chur amú ag tomhaltóirí Éireannacha
  • 2 is féidir le daoine bia a úsáid nó a reo chomh fada lena dháta faoinar cheart é a úsáid le cur amú bia a sheachaint.

Meastar gurb ionann an lorg carbóin a chruthaíonn cur amú bia agus 3.3 billiún tonna de CO2, arb ionann é agus astaíochtaí Gáis Ceaptha Teasa a scaoiltear isteach san atmaisféar sa bhliain. Gintear breis agus 1 milliún tonna de dhramhbhia gach bliain in Éirinn agus titeann an tríú cuid de sin amach inár n-áiteanna cónaithe.

Dúirt an tAire McConalogue chomh maith:

“Trínár gcur amú bia a laghdú, taispeánaimid dár bhfeirmeoirí, dár n-iascairí agus do tháirgeoirí eile bia freisin go léirímid luach ar a gcuid oibre agus ar an mbia sábháilte agus cothaitheach a n-oibríonn siad ó thús deireadh na bliana lena sholáthar.”


Nótaí d’eagarthóirí:

Clár é Stop a Chur le Cur Amú Bia atá á chistiú ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil faoin gClár Náisiúnta um Chosc na Dramhaíola ó 2009 ar aghaidh. Cuirtear sonraí ar fáil ar an láithreán gréasáin faoi bhia a ithe nó a reo a fhaide lena ‘dháta faoinar cheart é a úsáid’ agus is féidir leis seo airgead a shábháil agus cur amú bia a sheachaint; do shiopadóireacht a phleanáil; agus an tionchar comhshaoil a imríonn dramhbhia.

UN Sustainable Development Goal (SDG) 12 na Náisiún Aontaithe Ídiú agus Táirgeadh Freagrach - 17 SDGs. . Is í sprioc SFI 12 patrúin inbhuanaithe ídithe agus táirgthe a chinntiú agus cur amú bia domhanda a laghdú 50% faoin mbliain 2030

Item was unpublished or removed (Misean 1, Sprioc 6), ar aon dul leis an ngealltanas sa Phlean Gníomhaíochta Dramhaíola, go n-oibreoidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le páirtithe leasmhara le Treochlár Náisiúnta Dramhbhia a fhorbairt ina leagtar amach sraith gníomhartha leis na laghduithe a sholáthar atá riachtanach lenár ndramhbhia in aghaidh an duine a laghdú 50% faoin mbliain 2030, aon spriocanna gaolmhara eile a bhaint amach, agus ár n-aistriú go dtí geilleagar ciorclach a chur chun cinn.