Fáiltíonn McConalogue roimh iomaitheoirí treabhdóireachta an domhain
- Foilsithe: 19 Meán Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá fáilte curtha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD roimh iomaitheoirí ó gach cearn den domhan a bheidh ag glacadh páirte sa Chomórtas Domhanda Treabhdóireachta an tseachtain seo. Beidh
an Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta ar siúl i Ráth an Uisce, Co Laoise ón 20 Meán Fómhair go dtí an 22 Meán Fómhair agus táthar ag súil go mbeidh 300,000 duine i láthair.
Chomh maith leis an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta, beidh an Comórtas Domhanda Treabhdóireachta ar siúl i gCo. Laoise an tseachtain seo. Beidh iomaitheoirí ó níos mó ná 25 tír éagsúla lena n-áirítear an India, Uganda, Gána, an Nua-Shéalainn agus an Ghearmáin ag glacadh páirte.
Bhí an Comórtas Domhanda Treabhdóireachta le bheith ar siúl sa Rúis i mbliana. Mar gheall ar ionradh na hÚcráine, áfach, b'éigean tír óstach nua a fháil. Thug an Cumann Náisiúnta Treabhdóireachta (NPA) faoin dúshlán an Comórtas Domhanda a reáchtáil ar fhógra gearr.
Thug an tAire McConalogue aitheantas don NPA as a chinntiú go bhféadfaí an 67ú rith den chomórtas a reáchtáil
"Molaim obair Anna May agus Anna Marie McHugh as gníomhú go tapa chun a chinntiú go bhféadfaí an Comórtas Domhanda Treabhdóireachta a reáchtáil trína thabhairt go hÉirinn. Dúshlán ollmhór lóistíochtúil a bhí ann é a chur ar bun ach tá a fhios agam go n-éireoidh go maith leis."
Dheimhnigh an tAire freisin go raibh a Roinn i dteagmháil leis an NPA chun tacaíocht a chur ar fáil chun an Comórtas Domhanda Treabhdóireachta a thabhairt go hÉirinn.
"Is ceird agus scil í an treabhdóireacht a dhéantar a cheiliúradh ar fud an domhain ach déanaimid é níos fearr ná éinne. Sin an fáth go bhfuil sé iontach a fheiceáil go bhfuil an Treabhdóireacht ag teacht abhaile. Cheadaigh mé i bprionsabal pacáiste tacaíochta airgeadais chun cabhrú leis an NPA an comórtas domhanda a reáchtáil. Molaim obair an NPA arís agus guím seachtain iontach ar gach duine i Laois."