Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáilte curtha ag an Aire Creed go bhfuil acmhainn sáinseáin Cherbourg méadaithe

Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, fáilte inniu roimh an scéala go bhfuil cead tugtha ag Údaráis na Fraince acmhainn gabháltais cheann de na sáinseáin i Cherbourg, a mhéadú. Is sáinseáin iad seo a éascaíonn onnmhairí ainmhithe chuig an AE a phróiseáil.

Dúirt an tAire Creed chomh maith:

"Is cuid ríthábhachtach de bhonneagar thionscal beostoic na hÉireann iad na honnmhairí beo. Tá ról mór acu i ndáil le hiomaíocht i bpraghsanna a spreagadh agus margaí eile a chur ar fáil d'fheirmeoirí. Cuirimid fáilte mhór roimh fhógra an lae inniu go mbeidh áit ann anois do 400 ainmhí breise in aghaidh an lae. Bunaithe ar sceidil na seirbhísí farantóireachta reatha, cuirfidh an méadú seo áit ar fáil do thuairim is 1,200 ainmhí in aghaidh na seachtaine."

Dúirt an tAire freisin:

"Ceann de na srianta a bhíonn ar onnmhaireoirí ná an acmhainn theoranta sáinseáin atá i Cherbourg. Fáiltím roimh threallús úinéir an tsáinseáin san Fhrainc cur lena chuid saoráidí atá anois ceadaithe ag Údaráis na Fraince. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do fhreagrúlacht Údaráis na Fraince a ghníomhaigh go tapa chun an tsaoráid a cheadú rud a léiríonn an tuiscint atá acu ar an tábhachtach atá leis an mbealach seo d'onnmhaireoirí na hÉireann. Cuirfidh seo áit bhreise ar fáil dóibh sin a bhíonn ag onnmhairiú ainmhithe chun na hEorpa."

Is faoin tionscal príobháideach atá sé saoráidí sáinseáin den chineál seo a chur ar fáil ach bhí foireann sa Roinn Talmhaíochta i dteagmháil go rialta le honnmhaireoirí in Éirinn, le húinéirí sáinseáin san Fhrainc agus le hÚdaráis na Fraince le roinnt míonna anuas chun na roghanna atá ann a dhéanfadh éascaíocht ar tuilleadh trádála a phlé. Thug an tAire an t-ábhar imní seo ar aird nuair a chas sé le hAire Gnóthaí Eachtracha na Fraince i mBaile Átha Cliath le gairid.

Chuir an tAire Creed fáilte roimh an acmhainn bhreise seo agus leag béim ar an mbunriachtanas atá ann go gcinnteoidh onnmhaireoirí go gcloífear go daingean docht leis an rialachán iompair d'fhonn leas na n-ainmhithe a chinntiú i gcónaí.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat