English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáilte curtha ag an Aire Hackett roimh cheapachán Dhiarmuid Gavin ina Urlabhraí ar Bhliain Idirnáisiúnta um Shláinte Plandaí

Ag súil le rannpháirtíocht leanúnach chun na gnéithe ar fad a bhaineann le sláinte plandaí a chur chun cinn

Fáiltíonn roimh go bhfuiltear ag cur síneadh go dtí mí Iúil '21 leis an mbliain i bhfianaise thionchar COVID-19 ar chúrsaí in 2020

Tá fáilte curtha ag an Aire Pippa Hackett roimh cheapachán Diarmuid Gavin ina urlabhraí ar Shláinte Plandaí ag Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe.

Dúirt an tAire Hackett agus í ag tagairt don cheapachán, a rinneadh chun bheith ag teacht leis an síneadh a cuireadh leis an mBliain Idirnáisiúnta um Shláinte Plandaí go dtí mí Iúil 2021, chun na srianta a cuireadh i bhfeidhm in 2020 de bharr Covid a ghlacadh san áireamh:

"Tá an-áthas orm go bhfuil Diarmuid, duine iomráiteach agus duine a bhfuil ardmheas air, chun cuidiú linn a chur ina luí ar dhaoine go gcaithfear tús áite a thabhairt do shláinte plandaí. Tá Sláinte Plandaí tábhachtach chun táirgeacht inbhuanaithe bia a bhaint amach agus chun go mbeidh sé ar ár gcumas bia a chur ar fáil do dhaoine ar fud na cruinne. Is ionann plandaí agus 80% den bhia a ithimid agus is ó phlandaí a thagann 98% den ocsaigin atá uainn chun ár n-anáil a tharraingt, mar sin ní féidir linn na maidí a ligean le sruth agus muid ag déanamh cinnte go bhfuil siad sláintiúil."

Dúirt an tAire chomh maith agus í ag tagairt don mhéid a bheidh ar bun ag Diarmuid agus mar a oibreoidh an t-idirchaidreamh:

"Trí na meáin shóisialta, físeáin agus postálacha, cuirfidh Diarmuid oiliúint orainn ar fad maidir leis an tábhacht a bhaineann le plandaí. Beidh sé ag féachaint ar ghnéithe mar conas plandaí a choinneáil sláintiúil fad agus a chosnaítear an timpeallacht, trádáil slán, agus an gá atá ann a bheith cúramach agus plandaí á dtabhairt thar teorann. Tá m'oifigigh ag casadh leis agus leis an FAO cheana féin go han-rialta agus leanfar de sin a dhéanamh. Tá ríméad orm go bhfuil roinnt físeáin feasachta anois ann de bharr leibhéal an chomhoibrithe a chuir mo Roinn airgead ar fáil dóibh agus a bheidh ar fáil go gairid."

Mar fhocal scoir, chuir an tAire in iúl an ról atá ag an Straitéis um Shláinte Plandaí agus Bithshlándáil 2020-2025 na Roinne sa chomhoibriú:

“Cuideoidh Straitéis um Shláinte Plandaí agus Bithshlándáil 2020-2025 mo Roinne, atá á cur ar fáil trí chlár feidhmithe sonraithe agus atá á cur i bhfeidhm anois, timpeallacht na hÉireann a chosaint agus bithéagsúlacht na tíre a neartú tuilleadh ar mhaithe le glúnta amach anseo. Táim ag súil le bheith ag obair le Diarmuid chun feasacht a ardú maidir leis an tábhacht a bhaineann leis sin."

Nótaí d'Eagarthóirí:

• Tá tacaíocht láidir tugtha ag Éire agus ag an DAFM don Bhliain Idirnáisiúnta um Shláinte Plandaí ó cuireadh tús léi.

• Is trí Phríomhoifigigh um Shláinte Plandaí (COPHS) agus trí Choimisiún maidir le Bearta Fíteashláintíochta (CPM) a dhéantar rannpháirtíocht oifigiúil.

• Rannpháirtíocht ghníomhach Aireachta lena n-áirítear an tAire Doyle ag freastal agus ag labhairt ag seoladh IYPH sa Róimh in 2020.

• Chuir an tUachtarán Higgins crann darach dúchasach i bPáirc an Fhionnuisce chun an IYPH a sheoladh in Éirinn

• Sheol an DAFM Straitéis um Shláinte Plandaí agus Bithshlándáil 2020-2025 na hÉireann

• https://www.gov.ie/en/publication/b737e-dont-risk-it/#plant-health-bio-security-strategy-2020-2025

• D'ainmnigh an FAO Diarmuid Gavin ina Urlabhraí ar IYPH don Eoraip #IYPH2020 http://www.fao.org/plant-health-2020/about/en/

• Tá ranníocaíochtaí suntasacha déanta ag Éirinn (DAFM) chuig an IYPH lena n-áirítear ranníocaíocht €100,000 don bhliain 2020 agus €50,000 don bhliain 2021.

CRÍOCH