Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáilte curtha ag an Aire McConalogue roimh shocrú maidir leis an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe nua ón AE ar fiú €6.1 billiún

Tá fáilte curtha inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D. roimh an gcomhaontú sealadach atá socraithe idir an Chomhairle Eorpach agus Parlaimint na hEorpa maidir le téacs an Chiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe nua (EMFAF) trína scaipfear buiséad €6.108 billiún le linn na tréimhse 2021-27 d’fhonn forbairt inbhuanaithe earnáil agraibhia an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn. I ndiaidh grinnscrúdú dlíthiúil agus teicniúil a dhéanamh ar an téacs comhaontaithe, cuirfear an togra ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach lena fhormhuiniú, agus táthar ag súil é a achtú go luath sa bhliain 2021.

Maidir leis an socrú, dúirt an tAire McConalogue,

“I ndiaidh rannpháirtíocht dhearfach a bheith ar bun idir an Chomhairle agus an Pharlaimint le bliain anuas, táim an-sásta a lua go bhfuil comhaontú sealadach socruithe anois maidir leis an gCiste AE nua atá le teacht in ionad an EMFF don seacht mbliana atá romhainn 2021-27. Tá Éire chun maoiniú thart ar €142 milliún a fháil ón AE, a chónascfar le cómhaoiniú ó Rialtas na hÉireann, ar ceist é a phléifidh mé leis an Aire McGrath. Is dea-scéala é seo d’iascairí, feirmeoirí éisc, próiseálaithe agus pobail cois cósta. Tá laghdú suntasach tagtha ar bhuiséad foriomlán an AE mar gheall ar imeacht na Ríochta Aontaithe. Dá bharr sin, is ea is mó ábhar sásaimh é gur éirigh linn an chuid is mó den mhaoiniú d’earnálacha bia mara na tíre a choinneáil ag na leibhéil arda a bhí i gceist roimhe seo.”

Dúirt an tAire McConalogue freisin,

“Tá obair dhian ar bun ag mo Roinnse chun Clár Forbartha Bia Mara nua a chur le chéile don tréimhse 2021-27 agus mar gheall ar an bhforbairt sin, beifear in ann na gnéithe sin den Chlár atá le tabhairt fúthu go fóill a chur chun cinn, i gcomhairle lenár bpáirtithe leasmhara, agus táthar ag súil go nglacfar leis an gClár nua níos déanaí sa bhliain 2021.”

Nótaí don Eagarthóir:

Is ionann luach an Chiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (EMFAF) don tréimhse 2021-2027 agus 6.2 billiún EUR (6.108 billiún EUR i gcostais reatha). Leithdháilfear thart ar 5.3 billiún EUR chun iascaigh, dobharshaothrú agus cabhlaigh iascaigh a bhainistiú, agus úsáidfear an chuid eile den mhaoiniú chun bearta ar nós comhairle eolaíoch, rialuithe agus seiceálacha, faisnéis faoin mhargadh, faireachas muirí agus slándáil mhuirí, a chumhdach.

CRÍOCH