Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáilte curtha ag an Aire McConalogue roimh “Tionscadal um Iarnáil Fhuar” atá neamhdhíobhálach don timpeallacht, sna Cealla Beaga, rud a bheidh mar bhonn le deireadh a chur le 2,000 tona d’astaíochtaí CO2 gach bliain

Inniu thug an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., aghaidh ar Na Cealla Beaga chun cuairt a thabhairt ar an “Tionscadal um Iarnáil Fhuar” i gCuan na gCealla Beaga.

Is téarma loingseoireachta é iarnáil fhuar a úsáideadh ar dtús nuair is innill ghualbhreoslaithe a bhí i ngach long, agus is éard atá i gceist leis an téarma sa lá inniu ann nuair atá long, leagtha le balla i gcalafort, nuair nach gá gual a chur sa tine níos mó, fuaraíonn na hinnill iarainn de réir a chéile, agus i ndeireadh na dála bíonn siad go hiomlán fuar – is ar an tuiscint sin atá an téarma ‘iarann fuar’ bunaithe. Tá ré na n-inneall gualbhreoslaithe thart, ach tá tionscadal ceannródaíoch atá neamhdhíobhálach don timpeallacht agus bunaithe ar iarnáil fhuar á fhorbairt i gCuan na gCealla Beaga. Is é atá mar aidhm leis an tionscadal seo astaíochtaí a laghdú trí chead a thabhairt cumhacht ghlan príomhlíonra a úsáid ar thrálaeir fad is atá siad sa chuan, seachas cead a thabhairt innill díosail a úsáid ar thrálaeir.

Le linn dó fáiltiú roimh fhorbairt an tionscadail seo, bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire,

“Tá impleachtaí an athraithe aeráide, go háirithe chomh fada is a bhaineann lenár bhfarraigí agus aigéin, ag éirí níos soiléire de réir a chéile. Ciallaíonn sé go bhfuil sé riachtanach dlús a chur le forbairt gníomhartha aeráide a bheidh mar bhonn le hearnáil bia mara a sholáthar atá inbhuanaithe, iomaíoch agus nuálach. Gníomh amháin dá leithéid é an tionscadal fréamhshamhla seo atá ag cur soláthar cumhachta níos glaine ar fáil d’árthaí iascaireachta i gcuan.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire freisin,

“Cúis áthais dom go raibh ar mo chumas an tionscadal seo a chómhaoiniú trí Chlár Oibríochtúil Chiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe 2014-2020. Is é Cuan na gCealla Beaga an príomhchalafort iascaigh in Éirinn agus dá réir sin is calafort an-ghnóthach a bhíonn ann ó am go ham. Mar chuid den tionscadal seo soláthraítear saoráidí leictreacha inluchtaithe rud a chiallaíonn nach gá do thrálaeir mhóra gineadóirí díosail a fhágáil ag rith nuair a bhíonn siad sa chuan. Is é atá mar thoradh air seo go bhfuil laghdú 2,000 tona d’astaíochtaí CO2 tugtha faoi deara gach bliain – arb ionann é sin agus beagnach 500 carr a thógáil den bhóthar agus feabhsuithe sa timpeallacht áitiúil trí thruailliú ó thorann agus truailliú aeir a laghdú.”

Choimisiúnaigh an Roinn an tionscadal “Iarnáil Fhuar” i mí Iúil 2020, tionscadal a raibh costas €1.7 milliún luaite leis. Trí bheith ag obair i ndlúthchomhar leis an tionscal áitiúil iascaireachta peiligí, ba iad Innealtóirí Comhairleacha White Young Green atá lonnaithe i mBéal Feirste a dhear an córas agus ba é Tiernan Engineering as Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo a rinne an obair thógála. Roimhe seo, is gineadóirí díosail a bhí in úsáid ag trálaeir sa chuan le haghaidh soláthar cumhachta. Bhí go leor díosail ag teastáil chun na gineadóirí seo a oibriú, rud ba chúis le timpeallacht thorannach agus thruaillithe feadh na cé. Trí úsáid a bhaint as cumhacht príomhlíonra ní bheidh an méid céanna díosail in úsáid agus laghdófar astaíochtaí bliantúla CO2 an chuain 2,000 tona sa bhliain, laghdófar truailliú ó thorann, feabhsófar caighdeán an aeir agus rachaidh sé chun tairbhe úinéirí árthaí trí chumhacht iontaofa a sholáthar cois cladaigh, agus laghdófar baol dóiteáin na n-árthaí agus na riachtanais chothabhála.

Tá an tionscadal seo ailínithe le Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2019 an Rialtais agus is fianaise é ar an ngealltanas leanúnach laghduithe astaíochtaí intomhaiste a chinntiú mar aon le forbairt inbhuanaithe sna sé hIonad Iascaigh Cuain. Tá Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2021 ag tacú leis an ngealltanas seo agus sonraítear ann treochlár a bheidh mar bhonn le gníomh cinntitheach chun astaíochtaí a laghdú faoina leath faoi 2030 agus aeráidneodracht a chinntiú tráth nach déanaí ná 2050. Áirítear ina measc seo gníomhartha trínár féidir gníomhartha maolaithe agus oiriúnaithe mara-comhshaoil a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

Mar fhocail scoir, bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire,

“Tá gníomhú ar son na haeráide á áireamh ar bhonn gníomhach i mbeartais, cláir agus sruthanna oibre ar fud na Roinne agus sna gníomhaireachtaí á áirítear i dtéarmaí tagartha mo Roinne, agus leanfar leis an dul chun cinn ionas go mbeidh gníomhartha aeráide lánbhrí á gcur chun feidhme d’fhonn a chinntiú gur féidir lenár bpobail cois cósta agus lenár n-earnálacha muirí ról a imirt inár gcuspóirí athraithe aeráide.”

Nótaí do na hEagarthóirí

Is éard atá i gceist le “iarnáil fhuar”, nó nasc cladaigh, cumhacht cladach-go-long (SSP) nó leictreachas cois cladaigh (AMP), an próiseas trína soláthraítear cumhacht leictreach cois cladaigh chuig long atá curtha i mbeart fad is atá na príomhinnill agus na hinnill chúnta casta as.

Tá thart ar 25 trálaer pheiligeacha lonnaithe i gCuan na gCealla Beaga, agus tá idir 800 agus 1200 post áitiúil á soláthar ag tionscal na n-iasc geal.

Seo a leanas na sonraí a bhaineann le luach agus toirt na n-iasc tugtha i dtír in Na Cealla Beaga in 2020:

Luach:

Árthaigh Éireannacha €103 Million

Árthaigh Neamh-Éireannacha €9 Million

Iomlán €112 Mn

Toirt na n-iasc tugtha i dtír (tona):

Árthaigh Éireannacha 113,800 tonnes

Árthaigh Neamh-Éireannacha 30,300 tonnes

Iomlán 144,100 tonnes

  • foinse BIM

Meallann Na Cealla Beaga trálaeir ar cuairt ó áiteanna chomh fada ó bhaile leis an Iorua, Oileáin Fharó agus an Íoslainn. Is féidir cumhacht príomhlíonra a thairiscint do na hárthaigh seo freisin rud a bheadh mar bhonn leis an méid díosail a bheadh ag teastáil dá soláthar cumhachta sa chuan a laghdú go suntasach.

Na Cealla Beaga (2020):

• Is í próiseáil crann taca an gheilleagair bia mara.

• Tá 2,133 post coibhéis lánaimseartha á sholáthar ag an earnáil bia mara, 1,007 duine go díreach agus 1,127 duine go hindíreach

• An t-iolraitheoir is airde fostaíochta; cruthaíonn gach 100 post 112 post indíreach

• I gcúlchríoch na gCealla Beaga, tá 29% den ghníomhaíocht gheilleagrach agus 45% den fhostaíocht luaite leis an ngeilleagar bia mara.

  • foinse BIM

Is féidir Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2021 a léamh agus/nó a íoslódáil anseo: https://www.gov.ie/en/publication/6223e-climate-action-plan-2021/

Is fianaise é caibidil a bhaineann leis an earnáil Mhuirí a bheith curtha san áireamh den chéad uair riamh ar thuiscint níos fearr a bheith againn ar na hathruithe bunúsacha atá ag tarlú sa timpeallacht mhuirí mar thoradh ar an athrú aeráide agus admhaítear, trí chur lenár dtuiscint ar an luach a bhaineann le farraigí na hÉireann, go n-éireoidh linn a chinntiú go mbeidh tacaíocht ar fáil le haghaidh bainistíocht inbhuanaithe ár n-acmhainní mara. Cuimsítear i bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2021 roinnt gníomhartha aeráide muirí nuálacha a áirítear ina measc ach níl teoranta do staidéar chun teicnící saothraithe feamainne a thástáil a bheidh le húsáid i ndeireadh na dála i mbeatha eallaí chun táirgeadh meatáin a laghdú, cur leis an méid atá ar eolas againn faoin aigéan agus tacú le taighde agus nuálaíocht, bonn eolais na hÉireann maidir le gníomhartha aeráide muirí agus poitéinseal carbón gorm chun cabhrú le gníomhartha maolaithe náisiúnta a fhorbairt, Plean Náisiúnta Straitéiseach le haghaidh Dobharshaothrú Inbhuanaithe a chur i gcrích, mar aon le critéir a fhorbairt le haghaidh limistéar cosanta mara agus staidéar píolótach bunaithe ar éifeachtúlacht charbóin dearadh trealamh iascaireachta a fheabhsú.

Seo a leanas na gníomhartha a bhfuil an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (lena n-áirítear gníomhartha atá á gcur i gcrích ag Foras na Mara agus ag Bord Iascaigh Mhara) freagrach astu:

• Gníomh 392: Bonn eolais na hÉireann i ndáil le himpleachtaí an athraithe aeráide mhuirí agus poitéinseal carbón gorm a fhorbairt ar mhaithe le forbairt XYZ.

• Gníomh 393: Cur leis an méid atá ar eolas againn faoin aigéan agus tacú le taighde agus nuálaíocht, agus infheistíocht a dhéanamh i dtaighde agus nuálaíocht.

• Gníomh 397: Cur le tuiscint an phobail ar éifeachtaí an athraithe aeráide ar an bhfarraige.

• Gníomh 401: Réimsí den athrú aeráide atá ábhartha do Chlár Forbartha Bia Mara 2021-27, don Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe a shainaithint

• Gníomh 402: An Plean Náisiúnta Straitéiseach le haghaidh Dobharshaothrú Inbhuanaithe, lena n-áirítear bearta aeráide, a chur i gcrích.

• Gníomh 403: An Staidéar ar Lorg Carbóin Bia Mara a fhoilsiú. Anailís mhionsonraithe a sholáthar maidir le lorg carbón earnáil na dtuirlingtí agus an earnáil dobharshaothraithe.

• Gníomh 404: Staidéar píolótach ar éifeachtúlacht charbóin a fheabhsú trí threalamh iascaireachta úrnua Cloicheán a dhearadh.

• Gníomh 405: Ráta rannpháirtíochta de 96% a chothabháil i dTionscnamh na nAigéan Glan agus a chinntiú go bhfuil ionaid iascaigh cuain de réir na Saoráidí Fáiltithe Cuain.

• Gníomh 406: Staidéar frith-mheatánaiginis - Staidéar a fhorbairt chun teicnící saothraithe feamainne difriúla Asparagopsis armata a thástáil le húsáid i ndeireadh na dála i mbeatha eallaí chun táirgeadh meatáin a laghdú.

FOSCRÍBHINNÍ GRIANGHRAIF:

1. C go D: John Campbell, Innealtóir Réigiúnach, An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM); An tAire Charlie McConalogue, TD; Noel Clancy, Príomhinnealtóir, (DAFM)

2. Cosúil le Grianghraf 1

3. John Campbell, Noel Clancy, Fergal Hegarty (Máistir Cuain, Na Cealla Beaga), An tAire McConalogue

4. Fergal Hegarty, An tAire McConalogue

5. John Campbell, An tAire McConalogue, Fergal Hegarty, Noel Clancy