English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáilte curtha ag an Aire McConalogue sa spéis atá ag feirmeoirí síneadh a chur le conarthaí GLAS, OFS agus BDGP

Tá fáilte curtha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D. inniu roimh an ráta freagartha láidir atá ag feirmeoirí ar thairiscint síneadh a chur lena gconarthaí faoi Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin (GLAS), Scéim Feirmeoireachta Orgánaí (OFS) agus an Clár um Shonraí & Géanómaíochta Mairteola (BDFP). Faoi na síntí seo, tairgfear bliain bhreise do rannpháirtithe scéimeanna go dtí deireadh na bliana 2021.

Is é an glacadh atá ar an tairiscint go dtí seo suas go dtí maidin inniu (Dé Máirt an 22 Nollaig):

• Go bhfuil freagra tugtha cheana féin ag 91% de rannpháirtithe GLAS I agus II agus go bhfuil iarratas déanta ag 98% díobh sin le fanacht sa scéim an bhliain seo chugainn.

• Tá freagra tugtha ag 86% de rannpháirtithe OFS agus tá iarratas déanta ag 97% díobh sin le fanacht sa scéim an bhliain seo chugainn

• Tá freagra tugtha ag 48% de rannpháirtithe agus tá iarratas déanta ag 97% díobh sin le fanacht sa scéim an bhliain seo chugainn (nóta: tá dáta deiridh níos deireanaí ná GLAS agus OFS (31 Nollaig) ag an scéim seo (15 Eanáir)

Is éard a dúirt an tAire faoin ráta freagartha go dtí seo,

"Tá ríméad orm an méid spéise atá léirithe ag feirmeoirí síneadh a chur lena gconarthaí faoi na scéimeanna seo go dtí seo a fheiceáil."

"Is léir go raibh gá le soláthar maoinithe sa Bhuiséad chun leanúint leis na scéimeanna sin do na feirmeoirí sin agus spéis ollmhór léirithe acu ann. Is tacaíocht ioncaim thábhachtach iad na scéimeanna seo d'fheirmeoirí chomh maith le bheith ina chuidiú lenár gcláir aeráide, orgánacha agus táirgthe inmharthanacha mairteola a chur chun cinn."

"Bhí an buiséad a bhaint amach do na scéimeanna ríthábhachtacha don bhliain 2021 ina phríomhthosaíocht agamsa agus mholfainn do dhuine ar bith nach bhfuil freagra tugtha acu go dtí seo sin a dhéanamh roimh an dáta deiridh faoi seach. Tabharfaidh sin cinnteacht do na feirmeoirí sin agus do mo Roinn féin agus muid ag tabhairt aghaidh ar 2021 maidir le riachtanais scéime a bhaint amach agus éileamh buiséid."

Nóta d'Eagarthóirí:

Meabhrúchán faoi shocruithe maidir le síneadh le GLAS, OFS agus BDGP

GLAS

Tá síneadh bliana tairgthe d’fheirmeoirí a bhfuil conarthaí GLAS 1 nó 2 acu a rachaidh in éag an 31 Nollaig 2020.

• Seoladh litir chuig gach rannpháirtí Dé Luain an 14 Nollaig 2020 ag cur comhairle orthu maidir lena roghanna agus conas iarratas a dhéanamh.

• Tá dhá bhealach ar féidir leo a gconarthaí a shíneadh.

a) Trí theachtaireacht téacs:

o Seoladh teachtaireacht téacs chuig gach rannpháirtí Dé Céadaoin an 16 Nollaig 2020, atá cláraithe chun téacsanna a fháil ón Roinn, ag tabhairt an rogha dóibh freagra a thabhairt 'DAFM Y.'(le haghaidh Tá) nó 'DAFM N.'(le haghaidh Níl).

o Seoladh an dara teachtaireacht téacs Dé Luain an 21 Nollaig 2020. Tá 72 uair an chloig arís ag na rannpháirtithe ón am a bhfaightear an teachtaireacht téacs chun freagra a thabhairt.

b) Tí logáil isteach ar agfood.agriculture.gov.ie/sso-auth-ui-applicant/#/login

Beidh an scáileán, a chuaigh beo Dé Máirt an 15 Nollaig, fós ar fáil go dtí an dáta deiridh; féadfaidh an rannpháirtí nó gníomhaire atá údaraithe gníomhú thar a cheann maidir le GLAS iarratas a chur isteach trí agfood - is iad na roghanna a chuirfear ar fáil 'tá' nó 'níl'.

• Is féidir ceisteanna a sheoladh chuig rannán GLAS ag glas@agriculture.gov.ie nó glaoch a chur ar 0761-064451

• Is é an dáta deiridh chun freagra a fháil an 31 Nollaig 2020.

An Scéim Feirmeoireachta Orgánaí

Tá síneadh bliana tairgthe d’Fheirmeoirí ar a gcuid conarthaí don Scéim um Fheirmeoireacht Orgánach a rachaidh in éag an 31 Nollaig 2020.

• Seoladh litir chuig gach rannpháirtí Déardaoin an 10 Nollaig 2020 ag cur comhairle orthu maidir lena roghanna agus conas iarratas a dhéanamh.

• Tá 3 bhealach ar féidir leo a gconarthaí a shíneadh.

a) Trí theachtaireacht téacs: Seolfar teachtaireacht téacs Dé Luain an 14 Nollaig 2020 chuig gach rannpháirtí atá cláraithe chun téacsanna a fháil ón Roinn, agus an rogha acu freagra a thabhairt 'DAFM Y ' (le haghaidh Tá) nó 'DAFM N ' (le haghaidh Níl).

Seoladh an dara teachtaireacht téacs Dé Luain an 21 Nollaig 2020. Tá 72 uair an chloig arís ag na rannpháirtithe ón am a bhfaightear an teachtaireacht téacs chun freagra a thabhairt.

b) Trí ríomhphost a sheoladh chuig organic@agriculture.gov.ie ag cur in iúl gur mian leo iarratas a dhéanamh síneadh a fháil ar an gconradh faoin Scéim um Fheirmeoireachta Orgánach.

c) Trí phost cláraithe chuig Aonad Orgánach, An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Eastát Chaisleán Bhaile Sheáin, Co Loch Garman, Y35 PN52.

• Má tá ceisteanna ar bith agat don Aonad Orgánach glaoigh ar 0761-064451 .

• Is é an dáta deiridh chun freagra a fháil an 31 Nollaig 2020.

BDGP

• Seoladh litreacha chuig na feirmeoirí iomchuí ón tseachtain dar tús an 14 Nollaig ag tabhairt deis dóibh iarratas a dhéanamh ar bhliain eile den BDGP. Beidh feirmeoirí in ann iarratas a dhéanamh trí logáil isteach ar agfood.agriculture.gov.ie/sso-auth-ui-applicant/#/login , nó trí fhreagra a thabhairt ar théacs a sheolfaidh an Roinn má tá siad cláraithe chun téacsanna a fháil.

• Beidh an próiseas iarratais oscailte ón 14 Nollaig 2020 go dtí an 15 Eanáir 2021 agus tá an fhaisnéis ábhartha san áireamh sna litreacha a seoladh chuig feirmeoirí.

• Is féidir teagmháil a dhéanamh le Rannán na Scéimeanna Mairteola ach glaoch ar an uimhir 0761 064423 nó ríomhphost a sheoladh chuig BeefSchemes@agriculture.gov.ie

CRÍOCH