Fáilte curtha ag McConalogue roimh chomhaontú AE-RA maidir le Caidrimh Amach Anseo agus Geallta aige Seasamh le hEarnálacha Buailte
- Foilsithe: 24 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 10 Eanáir 2021
Béim leagtha ag an Aire gur seachnaíodh táillí ar thrádáil agraibhia, agus aitheantas tugtha aige ar an ngnáth atá ann tacú le pobail iascaireachta aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí diúltacha
Tá fáilte curtha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu roimh an bhfógra go bhfuil comhaontú déanta idir an AE agus an RA maidir lena gcaidreamh amach anseo. Cé go bhfuil measúnú fós le déanamh ar théacs iomlán an chomhaontaithe, chuir an tAire fáilte, ach go háirithe, roimh bhunú an chaidrimh trádála bunaithe ar easpa táillí agus ar shrianta cuóta, ach, ag an am céanna thug sé ar aird na héifeachtaí níos dúshlánaí a thiocfaidh chun cinn don tionscal iascaireachta mar gheall ar an gcomhaontú a baineadh amach ar chuótaí iascaireachta.
Dúirt an tAire tar éis an fhógra:
"Cuirim fáilte roimh chomhaontú an lae inniu idir idirbheartaithe an AE agus na RA i ndiaidh próiseas fada agus deacair. Comhaontú dearfach é seo d'earnáil agraibhia na hÉireann, go mór mór i dtaobh táillí a sheachaint, táillí a bheadh uafásach dochrach i gcás Breatimeacht 'Gan Mhargadh'. Bhí, go bhféadfadh táillí suas le €2.5 billiún a bheith i gceist le trádáil agraibhia idir Éireann agus an Bhreatain Mhór, ar cheann de na príomhghnéithe a bhí ag déanamh imní don Rialtas agus do pháirtithe leasmhara ar fud na hearnála agraibhia, mar sin fáiltítear gur seachnaíodh toradh mar é. Ach, mar sin féin áfach, tá gnéithe ag baint leis an margadh nach mbeidh fáilte mhór ag tionscal iascaireachta na hÉireann rompu cé gur chuir Éire an cás ba láidre chun cinn agus a d'fhéadfadh sí thar ceann na hearnála."
Leag an tAire McConalogue béim ar go raibh an fhéidearthacht i gcónaí i gceist leis an mBreatimeacht éifeacht fhíordhiúltach ar fad a bheith aige ar an tionscal agraibhia agus ar an tionscal iascaigh araon. Ó ceapadh é, d'oibrigh sé go dlúth le páirtithe leasmhara, le comhghleacaithe Rialtais agus lena chomhghleacaithe i mBallstáit eile an AE chun an margadh is fearr agus a d'fhéadfaí a bhaint amach a bhaint amach ar mhaithe le pobail feirmeoireachta agus iascaireachta ar fud na tíre.
"Bhí sé ríthábhachtach go ndéanfaí Breatimeacht 'Gan Mhargadh' a sheachaint, ní hamháin mar gheall ar an éifeacht dhiúltach a d'fhéadfadh a bheith aige ar thrádáil, ach mar gheall ar na himpleachtaí tromchúiseacha a bheadh i gceist leis don tionscal iascaireachta mar thoradh ar chead a dhiúltú d'fhlíteanna iascaireachta an AE dul isteach in uiscí na RA agus iad a ruaigeadh isteach i gcrios iascaireachta na hÉireann.
Dúirt an tAire maidir leis sin:
"Tá an toradh sin seachanta mar gheall ar an Margadh a baineadh amach sna hidirbheartaíochtaí agus tá go mbeidh cead fós ag flít na hÉireann agus ag flíteanna eile an AE dul isteach in uiscí na RA ar feadh cúig bliana go leith faighte agus beidh athbhreithniú breise á dhéanamh ar rochtain leanúnach ina dhiaidh sin. Níl aon dabht faoi ach go mbeidh costas i gceist leis an Margadh agus tuigim go mbeidh tionchar mór aige seo ar fhlít iascaireachta na hÉireann agus ar phobail le cósta na tíre."
Dúirt an tAire McConalogue freisin go mbeidh ar thionscal Iascaireachta an AE cuid den iasc a tugadh i dtír roimhe seo in uiscí na RA a ghéilleadh faraor. Ach, is ionann sin áfach agus líon i bhfad níos lú ná mar a bhí an RA ag éileamh ar feadh agus suas go deireadh na hidirbheartaíochta, ach thuig sé go mór an éifeacht a bheadh ag na srianta cuóta seo ar réimsí tábhachtacha i dtionscal iascaireachta na hÉireann. Deimhnigh sé go mbeadh an Rialtas ag tabhairt faoi obair chrua leis an tionscal chun an méid is mó agus is féidir a dhéanamh chun tacú leis agus chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin seo.
Dúirt an tAire McConalogue chomh maith:
"Táim fíorbhuíoch den mhéid atá déanta ag ionadaithe ón tionscal iascaireachta i rith phróiseas na hidirbheartaíochta chun a chinntiú go rabhamar ar fad in Éirinn á gcur féin in iúl d'aon ghuth. Ba mhaith liom a dhearbhú do pháirtithe leasmhara go dtuigeann an Rialtas go huile agus go hiomlán an imní atá orthu maidir leis an laghdú ar líon na sciartha cuóta, agus beimid ag obair leis an earnáil chun na tacaíochtaí agus an cur chuige a bheidh de dhíth chun aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí sin. Déanfaimid na héifeachtaí eacnamaíochta níos leithne ar na hearnálacha agraibhia agus iascaigh a scrúdú chomh maith de réir mar a thagann siad chun cinn, chomh maith le forbairt a dhéanamh ar thacaíochtaí cuí agus spriocdhírithe a mheas, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht a ghlacadh leis an gCoimisiún Eorpach agus leis an gCúlchiste um Choigeartú Breatimeachta."
Thug an tAire McConalogue ar aird arís an tábhacht a bhaineann leis an gcomhaontú a thángthas air le déanaí maidir leis an gComhaontú Aistarraingthe a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear Prótacal na hÉireann/Thuaisceart Éireann, a bhfuil dlúth-thábhacht ag baint leis i dtaobh oibríocht an gheilleagair uile-oileánda agus na slabhraí soláthair agraibhia atá fíorchomhtháite.
Mar fhocal scoir, agus mar fhocal tábhachtach, ghlac an tAire McConalogue an deis lena chur i gcuimhne do na páirtithe leasmhara agraibhia agus iascaigh ar fad - agus go háirithe na gnólachtaí a bhíonn ag tabhairt earraí agraibhia, ón mBreatain Mhór, chuig an mBreatain Mhór agus tríd an mBreatain Mhór - go mbeidh athrú ar fheidhmiú na slabhraí soláthair ón 1 Eanáir 2021, beag beann ar chomhaontú an lae inniu.
Dúirt an tAire:
"Leagaim béim ar nach mór leanúint d'ullmhúcháin na tíre maidir le seiceálacha agus rialúcháin rialála nua, a thiocfaidh i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021, ar aghaidh, gan aon chur isteach orthu, in ainneoin fhorbairtí an lae inniu. Ní bheidh an RA san AE ón 1 Eanáir agus is mar thríú tír a dhéanfaidh sí trádáil leis an AE as sin amach. Ó thaobh na rialála de, beidh feidhm ag ceanglais nua sláintíochta agus fíteashláintíochta i bhfoirm seiceálacha cáipéisí, céannachta agus fisiciúla ar allmhairithe ainmhithe, plandaí agus ar tháirgí de bhunús ainmhíoch agus plandaí ón mBreatain Mhór mar atá leagtha amach i reachtaíocht an AE. Ní bheifear ábalta leas a bhaint as na socruithe trádála gan srian a bhí i bhfeidhm agus an RA mar bhall den Mhargadh Aonair feasta agus tiocfaidh cur isteach agus costais bhreise chun cinn.
"Cinnteoidh mo Roinnse, i gcomhpháirtíocht le Ranna eile, go gcuirfear na rialuithe a bheidh de dhíth i bhfeidhm ar bhealach trína gcinnteofar, a mhéid agus is féidir, nach gcuirfear isteach ar shreabhadh trádála agus go sásófar ceanglais rialála AE na tíre chomh maith. Cinnteoimid chomh maith go gcomhlíonfar ceanglais deimhnithe nua maidir le honnmhairí ón mBreatain Mhór a chuirfear i bhfeidhm ar bhonn céimnithe ón 1 Eanáir, ach arís, beidh próisis nua, riarachán nua agus costais nua nach raibh i gceist cheana maidir le trádáil den saghas sin i gceist anois.
"Mar fhocal scoir, ba mhaith liom dearbhú a thabhairt d'fheirmeoirí agus d'iascairí na tíre go seasfaidh an Rialtas leo agus go gcuideoidh sé leo dul i ngleic le héifeachtaí thoradh an Bhreatimeachta seo. Leanfaimid de chluas a thabhairt, de dhul i mbun rannpháirtíochta le agus de thacaíocht a thabhairt d'earnálacha ar fad san am atá le teacht," a dúirt an tAire.
CRÍOCH