English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógartha ag McConalogue go bhfuil glactha ag go leor le Síntí ar Scéimeanna faoi RDP


Glactha ag go leor le scéimeanna GLAS, Orgánach agus BDGP

Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., inniu go bhfuil iarratas déanta ag an gcuid is mó d'fheirmeoirí sa Scéim Ghlas, Íseal-Charbóin, Agra-chomhshaoil (GLAS) agus sa Scéim Feirmeoireachta Orgánaí (OFS) síneadh a chur lena gconarthaí don bhliain 2021. Ba é an 31 Nollaig an dáta deiridh le hiarratais a fháil.

Tá sé tugtha ar aird ag an Aire chomh maith go bhfuil freagraí seolta ag go leor go dtí seo maidir le síneadh a chur lena gconarthaí faoin gClár um Shonraí & Géanómaíochta Mairteola (BDGP) is féidir iarratas a dhéanamh air go dtí an 15 Eanáir.

Is é an glacadh atá ar an tairiscint go dtí seo suas go dtí maidin inniu (Dé Máirt an 5 Eanáir):

• Bhí freagra tugtha ag 98% de rannpháirtithe GLAS I agus II faoin spriocdháta agus bhí iarratas déanta ag 98% díobh sin le fanacht sa scéim ar feadh bliain bhreise (2021)

• Bhí freagra tugtha ag 97% de rannpháirtithe OFS faoin spriocdháta agus bhí iarratas déanta ag 97% díobh sin le fanacht sa scéim ar feadh bliain bhreise (2021)

• Tá freagra tugtha ag 52% de rannpháirtithe BDGP go dtí seo agus tá iarratas déanta ag 97% díobh seo le fanacht sa scéim sa bhliain 2021 (Nóta: is é an 15 Eanáir 2021 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratas síneadh a fháil ar chonarthaí BDGP).

Dúirt an tAire chomh maith agus é ag cur na spéise móire atá sna scéimeanna eile in iúl, "Mar atá ráite roimhe seo agam, tá ról tábhachtach ag an trí scéim seo i dtalmhaíocht na hÉireann, go háirithe maidir le cláir oibre aeráide, orgánacha agus táirgeadh mhairteoil inbhuanaithe na hÉireann. Táim sásta go bhfuil líon na ndaoine a bheidh le fanacht sna scéimeanna suntasach in 2021 fad agus atá an CAP nua á thabhairt chun críche. Shíl mé go raibh sé tábhachtach leanúnachas a choinneáil le linn na tréimhse eatramhaí seo agus táim sásta go bhfuil an oiread sin ag glacadh leis an deis síneadh a chur lena gconarthaí don bhliain 2021. Ba mhaith liom chomh maith a chur i gcuimhne do dhuine ar bith atá páirteach i BDGP agus nár chuir freagra go dtí seo gurb é an 15 Eanáir 2021 an dáta deiridh le freagra a sheoladh."

Nótaí d'Eagarthóirí:

Nóta maidir le síneadh na gconarthaí GLAS, OFS agus BDGP

GLAS

Bhí síneadh bliana tairgthe d’fheirmeoirí a raibh conarthaí GLAS 1 nó 2 acu a chuaigh in éag an 31 Nollaig 2020.

An Scéim Feirmeoireachta Orgánaí

Bhí síneadh bliana tairgthe d’Fheirmeoirí ar a gcuid conarthaí don Scéim um Fheirmeoireacht Orgánach a chuaigh in éag an 31 Nollaig 2020.

BDGP

• Seoladh litreacha chuig na feirmeoirí iomchuí ón tseachtain dar tús an 14 Nollaig 2020 ag tabhairt deis dóibh iarratas a dhéanamh ar bhliain eile den BDGP.

• Beidh an próiseas iarratais oscailte go dtí an 15 Eanáir 2021 agus tá an fhaisnéis ábhartha san áireamh sna litreacha a seoladh chuig feirmeoirí.

• Is féidir le feirmeoirí iarratas a dhéanamh trí logáil isteach www.agfood.ie

• Ba cheart ceist ar bith a sheoladh chuig Rannán na Scéimeanna Mairteola agus is féidir teagmháil a dhéanamh leo ar 0761 064423 nó ar ríomhphost ar BeefSchemes@agriculture.gov.ie

CRÍOCH