Fógraíonn Airí go bhfuil tús á chur le hÍocaíochtaí Feidhmíochta um Ghníomhú ar son na hAeráide - Críonadh Siar Fuinseoige le hÚinéirí Foraoisí
- Foilsithe: 22 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 25 Deireadh Fómhair 2024
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., agus an tAire Stáit le freagracht as an bhforaoiseacht sa Roinn, an Seanadóir Pippa Hackett, inniu go gcuirfear tús le híocaíochtaí faoin Scéim Íocaíochta Feidhmíochta um Ghníomhú ar son na hAeráide (CAPP) le húinéirí foraoisí atá buailte le críonadh siar fuinseoige.
Dúirt an tAire Hackett:
“Táim fíorshásta a fhógairt gur íocadh na chéad íocaíochtaí faoin Scéim Íocaíochta Feidhmíochta um Ghníomhú ar son na hAeráide. Cuirfear dlús leis na híocaíochtaí sin sna seachtainí beaga amach romhainn, agus tá coinne leis go ndéanfar íocaíochtaí dar luach €1.83 milliún san iomlán leis an gcéad tráthchuid atá comhdhéanta de 158 úinéir foraoisí. Is cuid an-suntasach den Phlean Gníomhaíochta in aghaidh Chríonadh Siar na Fuinseoige a sheol mé i mí na Bealtaine i mbliana í an Scéim CAPP, agus is rímhaith liom go bhfuil tús curtha leis na híocaíochtaí i gcomhréir le gealltanas mo Roinne don Tascfhórsa um Chríonadh Siar na Fuinseoige go dtarlódh an méid sin roimh dheireadh na bliana 2024.”
Chuir an tAire McConalogue fáilte roimh eisiúint na n-íocaíochtaí freisin, agus dúirt sé an méid seo a leanas:
“Tá an Íocaíocht Feidhmíochta um Ghníomhú ar son na hAeráide dar luach €5,000 in aghaidh an heicteáir mar chuid den Phlean Gníomhaíochta um Chríonadh Siar na Fuinseoige, lena n-áirítear pacáiste airgeadais foriomlán dar luach suas le €237 milliún d'úinéirí foraoise atá thíos ag galar chríonadh siar na fuinseoige. Tugann na híocaíochtaí a bhfuiltear ag tosú á n-íoc an tseachtain seo aitheantas do na húinéirí fuinseog atá tar éis a gcuid suíomhanna a ghlanadh agus a athphlandú cheana féin. I dteannta mo chomhghleacaí, an tAire Stáit Hackett, impím ar gach úinéir fuinseog iarratas a dhéanamh faoin Scéim Athbhunaithe agus a bheith incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar an scéim CAPP”.
Agus í ag caitheamh súil chun cinn, dúirt an tAire Hackett:
“Leanfar ar aghaidh le heisiúint na n-íocaíochtaí CAPP ar bhonn tráthrialta, agus tá mo Roinn ag dul i ngleic go han-tapa le gach iarratas atá faighte. D’impeoinn dá bhrí sin ar gach úinéir foraoisí atá buailte le críonadh siar na fuinseoige, agus nár thug faoin Scéim Athbhunaithe iarratas a dhéanamh anois faoin Scéim Athbhunaithe um Chríonadh siar na Fuinseoige (RADS) 2023-2027. Is í seo an chéad chéim i bpróiseas as a dtiocfaidh íoc na ndeontas glanta suíomhanna, na ndeontas athphlandaithe agus na híocaíochta CAPP dar luach €5,000 - ar pacáiste an-mhealltach é a dtathantóinn ar gach úinéir foraoisí atá siar leis a thapú.”
Le hiarratas a dhéanamh ar thacaíocht, ba cheart d’úinéirí foraoisí teagmháil a dhéanamh le foraoiseoir cláraithe le hiarratas a dhéanamh ar a son. A luaith a bheidh a gcuid suíomhanna glanta agus athphlandaithe acu, éireoidh siad incháilithe don Scéim CAPP.
Dóibh siúd a bhfuil an fhuinseog glanta dá suíomhanna acu agus atá tar éis athphlandú a dhéanamh faoi scéim athbhunaithe, tá treoraíocht mhionsonraithe faoi iarratas a dhéanamh ar an scéim CAPP le fáil ag Item was unpublished or removed
*CRÍOCH*
Nótaí d’Eagarthóirí
Tá an Íocaíocht Item was unpublished or removed dar luach €5,000/ha ar fáil le haghaidh úinéirí foraoisí fuinseog atá buailte le críonadh siar na fuinseoige. Na húinéirí reatha foraoise fuinseog atá bunaithe le tacaíocht deontais, beidh siad incháilithe leis an CAPP a fháil nuair a bheidh a suíomhanna glanta agus nuair a bheidh athphlandú curtha i gcrích acu, i gcomhréir leis na téarmaí agus coinníollacha den Scéim Athbhunaithe um Chríonadh siar na Fuinseoige.
Íoctar an CAPP i dtrí thráthchuid, mar a leanas:
- is féidir iarratas a dhéanamh ar €2,500 tar éis an chéad deontas faoi scéim athbhunaithe fuinseoige
- is féidir iarratas a dhéanamh ar €1,250 tar éis an dara deontas faoi scéim athbhunaithe fuinseoige má tá an t-úinéir foraoisí tar éis a chuid préimheanna a ídiú nó ag teacht chuig deireadh a phréimheanna má tá sé fós á bhfáil
- is féidir iarratas a dhéanamh ar €1,250 don bhliain dár gcionn.
Na húinéirí foraoisí a ghlac páirt roimhe seo i gceann amháin de scéimeanna na Roinne a leanas, beidh siad incháilithe leis an íocaíocht CAPP a fháil, ar an gcuntar go ndearna siad athphlandú, agus gurb iad úinéirí reatha na foraoise iad:
- Scéim Athbhunaithe um Chríonadh siar na Fuiseoige 2013
- Scéim Athbhunaithe agus Fophlandaithe (Críonadh Siar na Fuinseoige) 2020
- Scéim Athbhunaithe Eatramhach um Chríonadh siar na Fuinseoige 2023
- Scéim Athbhunaithe um Chríonadh siar na Fuinseoige (RADS) 2023 – 2027
Tá an Roinn tar éis córas inrochtana a fhorbairt le hiarratas a dhéanamh ar íocaíochtaí CAPP, atá díolmhaithe ó cháin ioncaim de bhua alt 232(2) den Acht Comhdhlúite Cánacha.