Fógraíonn an Roinn tacaíocht leanúnach d'Fhiontraíocht Ban Tuaithe faoin gCiste Nuálaíochta agus Forbartha Tuaithe
- Foilsithe: 6 Lúnasa 2024
- An t-eolas is déanaí: 7 Lúnasa 2024
D'fhógair an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, tar éis nós imeachta iomaíoch um sholáthar poiblí a bheith curtha i gcrích, Fitzsimons Consulting mar an forthairgeoir rathúil faoi Chiste Nuálaíochta agus Forbartha Tuaithe 2024 chun Clár um Fhorbairt Fiontraíochta Ban Tuaithe Nuaghinte a sheachadadh.
Cuirfidh Fitzsimons Consulting clár ar fáil do suas le 50 banfhiontraí tuaithe a bheidh ar siúl ó Dheireadh Fómhair 2024 go dtí Aibreán 2025. Tá a gclár bunaithe ar an gcreideamh gur fearr a fhoghlaimíonn fiontraithe luathchéime óna gcomhghleacaithe. Beidh na rannpháirtithe ag idirghníomhú lena chéile agus déanfaidh Príomhfhiontraithe sin a éascú.
DEIREADH
Nótaí don Eagarthóir:
Tháinig Ciste Nuálaíochta agus Forbartha Tuaithe na Roinne ar an bhfód ó thuarascáil an Choimisiúin um Fhorbairt Eacnamaíoch Limistéar Tuaithe (CEDRA) ina raibh moladh gur cheart Ciste Nuálaíochta agus Forbartha Tuaithe a fhorbairt, chun tacú le ‘tionscnaimh phíolótacha nuálacha, ar scála beag ina ndéantar iniúchadh ar an raon éagsúil acmhainneachta a sainaithníodh trí phróiseas CEDRA.